Dmd
Member Username: Dmd
Post Number: 77 Registered: 09-2009
| Posted on Thursday, April 29, 2010 - 05:18 am: |
|
Is mé ag leamh Peacaí na n Athaireacha, - Mícheál Ó Súilleabháin,lth 98, líne 28,- Coisceim,chas mé are an fochail breá seo "tuistí". Seo mar a scríobh MOS "Sular dhúisigh a tuistí ar maidin bhí sí éalaithe isteach tríd an bhfuinneog chéanna trínar tháinig sí amach". Is dócha gur tuismitheoirí atá i gceist ag MOS. An bhfuil samplaí eile don fhocal breá seo ag éinne? Molaim go mór an triológ MOS: An Fear Aduaidh, Créamaraí, Peacaí na nAthaireacha. DMD |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 278 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, April 29, 2010 - 05:33 am: |
|
Cinnte, is leagan (neamhchaighdeánach) de 'tuismitheoirí' é 'tuistí'. Tá sé forleathan go leor sa chaint. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
cailin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, April 29, 2010 - 05:26 am: |
|
Ní hannamh an focal sin - chuala mé riamh é. tuistí - is focal níos deise é ná tuismitheoirí, nach bhfuil? |
Dmd
Member Username: Dmd
Post Number: 78 Registered: 09-2009
| Posted on Thursday, April 29, 2010 - 02:45 pm: |
|
Mo bhuíochas Mbm. Tá sin fíor Cailin agus a bhfad níos éasca a litriú ná tuismitheoirí chomh maith! Níor chuala mé riamh é im cheantair féin. |