Author |
Message |
Gearóid9
Member Username: Gearóid9
Post Number: 6 Registered: 02-2010
| Posted on Wednesday, April 28, 2010 - 05:56 am: |
|
"Ná díol caora dhubh, ná ceannaigh caora dhubh, agus ná bí gan caora dhubh." Thánag trasna ar an seanfhocal seo le déanaí. Tuigim na focail ceart go leor ach ní thuigim cén bhrí nó teachtaireacht atá i gceist leis. Bheinn buíoch dá bhféadfadh le héinne é a mhíniú. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9832 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 28, 2010 - 03:09 pm: |
|
Ná mise. Cá bhfuair tú é? |
|
Gearóid9
Member Username: Gearóid9
Post Number: 7 Registered: 02-2010
| Posted on Wednesday, April 28, 2010 - 03:46 pm: |
|
Luadh é sa chlár teilifíse An Crisis ar TG4. Thug duine amháin an chomhairle seo do dhuine eile ach níor thuig an tarna duine cad a bhí i gceist is níor tugadh aon mhíniú eile air ach an oiread. Dheineas roinnt 'googling' air ach ní bhfuaireas ach aistriúcháin ar nós "Neither buy or sell a black sheep but never be without one." |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9833 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 28, 2010 - 03:51 pm: |
|
Fuair mé an ceann seo, atá cosúil leis, i Seanfhocal na Mumhan: 1999 Ná díol bó maol, Ná ceannaigh bó maol, is ná bí choíche gan bó maol Tá an nóta seo ag dul leis Ná díol í mar is fearr í ná aon bhó eile Ná ceannaigh í, mar ní bheadh sí á díol gan locht éigin a bheith uirthi Is áirithe gur bó aonair a bhíodh i gceist acu le bó mhaol - is minic a chuala eatarthu é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9834 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 28, 2010 - 03:53 pm: |
|
ach tá dhá seanfhocal eile ann 2170 agus 2177 a chuireann i iúl gur droch rud caora dubh. |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 260 Registered: 01-2009
| Posted on Wednesday, April 28, 2010 - 05:34 pm: |
|
Duirt an Cíarraíoch ar an gclár é. Cheap mé gur rud gan bhrí é chun aithris a dhéanamh ar Cíarraíoch cliste ag glacadh an bealach indíreach chun rud eigin a rá. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9837 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 29, 2010 - 04:04 am: |
|
N'fheadar. Bíonn ar a laghad brí amháin ag gach seanfhocal! |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 261 Registered: 01-2009
| Posted on Thursday, April 29, 2010 - 05:18 am: |
|
An bhfaca sibh an clár aréir? Bhí sé an ghreannmhar ar fad, le amhránaí sean nós ag ceannach tithe ar fud an domhain agus ise ar turais urraithe ag eagraíocht Stáit. A Aonghus, léigh mé an píosa i nGaelscéal faoi bhur gciorcal díospoireachta. Tá súil agam go meallfaidh sibh cúpla ball nua (más mian libh!). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9839 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 29, 2010 - 06:12 am: |
|
quote:Tá súil agam go meallfaidh sibh cúpla ball nua (más mian libh!). Ní bheadh an t-eolas curtha ar fáil agam dá mba cumann rúnda muid! Mar a tharlaíonn sé, ní raibh mé ann dé Máirt - bhí m'iníon tinn agus bhí orm brostú abhaile. |
|
Gearóid9
Member Username: Gearóid9
Post Number: 8 Registered: 02-2010
| Posted on Friday, April 30, 2010 - 08:17 am: |
|
Go raibh maith agaibh as bhur gcuid cabhrach. quote:An bhfaca sibh an clár aréir? Bhí sé an ghreannmhar ar fad, le amhránaí sean nós ag ceannach tithe ar fud an domhain agus ise ar turais urraithe ag eagraíocht Stáit. Ní fhacas an clár seo go fóill ach bhaineas ana thaitneamh as na cláir a craoladh roimhe sin. An clár grinn is fearr a bhí ar TG4 le tamall dar liom agus i bhfad níos fearr ná leithéidí Val Falvey ar RTÉ. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 658 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, May 02, 2010 - 04:45 pm: |
|
"...agus ná bí gan caora dhubh." Comhairle do cheannairí na polaitíochta móire? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|