Author |
Message |
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 810 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, February 10, 2010 - 12:53 pm: |
|
Tharla mionchrith talún i Siceágó aréir i dtrátha a 3 a chlog. Do bhíos im chodladh go sámh, go beacht mar bhíos dá bhliain ó shin, nuair a tharla an ceann roimhe seo agus go beacht mar ghach uair a tharla crith talún i n-aon áit go rabhas im cónaí. Cad'na thaobh nach féidir iad a chur i sceideal um tráth éigin níos caoithiúla? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9701 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 10, 2010 - 03:32 pm: |
|
Seachain ná fuiltear ag éisteacht leat! Nach fearr codladh go sámh trína leithéid? (Message edited by aonghus on February 10, 2010) |
|
Stwidgie
Member Username: Stwidgie
Post Number: 1 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, February 10, 2010 - 07:17 pm: |
|
Caithfidh mé a rá go raibh díomá orm nuair a chuala mé an scéal sin. Bhí mé i mo chodladh go trom nuair a tharla. Cinnte níor mhaith liom fíor crith talún a fheiceáil, ach bheadh suim agam crithín beag béasach mar sin a mhothú, mar eachtra beag. |
|