quote:Maidir le 1) Ní bheadh an dara leagan agam. An bhfuil sé feicthe i bhfoinse iontaofa agat?
Fuaireas in "Introduction to Studies in Modern Irish" é agus táim cinnte go bhfaca i n-áiteanna éigin eile é, leis.
quote:Maidir le 2) sílim athrú béime a bheith ann, ach nach mbeadh an dara leagan agam pé scéal é.
quote:Ceist a dó: Ní dóigh liom go bhfuil an dara ceann ann ar chor ar bith. Tá cuma ar an abairt go bhfuil "to have" agus "to be done by smb" meascaithe le chéile.
Bheadh coinne agam-sa leis an gcéad leagan de shíor freisin ach tá an dara ceann feicthe agam anois is arís. Bhain Shán O Cuív feidhm as m.sh.
quote:Maidir le 3) is an dara leagan amháin a bheadh agam.
quote:Ceist a trí: Tá aimhreas orm go bhfuil an chéad cheann gramadúil. Roghnaítear idir "a rá go..." agus "á rá go...", agus is leagan Muimhneach é "á rá go...".
Bhainfinn feidhm as an dara leagan, leis, ach mheasas gurbh fhéidir "ag" a chur mar a bhfuil an "á".
An eadh ná húsáidtear "ag" roimh ainmfhocal briathartha nuair a leannan clásal spleádhach(?) é?