mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (January-February) » Archive through February 09, 2010 » Áis nua ar líne - new online resource for second level Irish « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9646
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 27, 2010 - 06:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.abairleat.com/

quote:

The origins of AbairLeat! lie in initial attempts by Coláiste Lurgan to exploit new developments in IT. The first version of AbairLeat! was a CD rom which enabled students prepare for a cúrsa Gaeilge on their home PCs. It soon became clear that developing interactive materials for on-line use as opposed to CDrom was the way of the future. Just over two years ago Coláiste Lurgan undertook with Block5 / Digilogue to develop an interactive series of games/activities as part of the enrolment process for 2008 summer courses. This proved to be a huge success.

In early 2008 the games/activities were expanded as a number of themed modules and branded as AbairLeat!’08. Deasún Mac an Easpaig contributed some content to the course and in the course of the year AbairLeat! was visited by up to a 80,000 users through www.desbishop.com and www.lurgan.biz

The next version of AbairLeat! ‘09 involved themed books. This format while effective had a number of drawbacks notably inconsistent downloading / cumbersome navigation etc…

The new AbairLeat! ‘10 has thankfully addressed many of the shortcomings of version ’09.

It is clear to anyone who has been monitoring AbairLeat!’s progress over the last two years that it possesses a strong dynamic momentum and it is realistic to expecte that the 2011 and 2012 versions will feature many new additions/ applications to the current one.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Asarlaí
Member
Username: Asarlaí

Post Number: 278
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, January 27, 2010 - 06:31 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Excellent, the video clips are playing beautifully without a glitch. Such an attractive and useful resource. It's quite exciting really! I'll pass this on.. Go raibh míle.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9673
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, February 04, 2010 - 07:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

DES Press Release on Launch

The minister gave an interesting speech which was carried in Foinse but I can't find on the DES website.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 207
Registered: 01-2009
Posted on Thursday, February 04, 2010 - 10:06 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá an-áthas orm a bheith in bhúr láthair anseo i gColáiste Choilm le haghaidh seoladh an chláir phíolótaigh, Abair Leat. Is iontach an rud é go mbeidh idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteóirí in ann teacht go héasca amach anseo ar an áis úrnua idirghníomhach seo ar líne.
Tá sár mholadh tuillte ag dearthóirí na háise i gColáiste Lurgan as ucht gléas chomh nuálach agus chomh hinúsáidte sin a fhorbairt. Molaim baill den fhoireann Ghaeilge sa Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal as ucht na hoibre atá déanta acu ábhar na háise a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí iarbhunleibhéil. Tá sé tráthúil go bhfuil Abair Leat á sheoladh i gColáiste Choilm, scoil atá ag gníomhú go beacht leis na blianta chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Níl aon amhras ná gur mhór an chabhair d’fhoghlaimeoirí Gaeilge é a leithéid d’acmhainn idirghníomhach a bheith ar fáil chun tacú leo i bhfoghlaim na teanga. Tá ábhair Abair Leat tarraingteach agus úsáideach do scoláirí, rud a chuirfidh go mór le taitneamh agus tairbhe na foghlama. Molaim ach go háirithe go bhfuil an áis ag díriú ar fhorbairt na héisteachta agus na cainte. Leis an mbéim láidir atá ar an nGaeilge labhartha sa chóras oideachais anois, beidh mé ag súil go gcuirfidh an acmhainn chomhaimseartha seo le hinniúlacht scoláirí i labhairt na teanga chomh maith le meon fabhrach a chothú sa ghlúin óg i leith na Gaeilge.
An phríomhaidhm le foghlaim aon teanga ná bheith in ann í a úsáid chun gnáthchumarsáid a dhéanamh. Is fiú go mór ó thaobh feasacht teanga de go dtugann Abair Leat deis do scoláirí éisteacht le Gaeilge á labhairt ag cainteoirí ó dhúchas. Tá buntáistí ar leith leis freisin maidir leis an bhfoghlaim neamhspleách a chur chun cinn- tá sé go hiontach gur féidir le scoláirí a gcuid cainte féin a thaifeadadh agus a fhéincheartú agus go bhfuil deis ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn.
Tuigim go bhfuil féidearthachtaí ann an áis seo a chur in oiriúint d’fheidhmeanna oideachais eile maraon le teagasc agus le measúnú na nuatheangacha - chuirfinn fáilte mhór roimh na féidearthachtaí seo a iniúchadh sa todhchaí.
Tabharfaidh an clár píolótach i gceithre iarbhunscoil déag deis luachmhar féachaint ar éifeacht Abair Leat mar mhéan teagaisc agus foghlama agus ar na féidearthachtaí a bhaineann le cláracha closamhairc idirghníomhacha a bheith in úsáid ag grúpa mór scoláirí le chéile ar an idirlíon. Cabhróidh an t-aiseolas ó mhúinteoirí, scoláirí agus ó thuismitheoirí le dearthóirí Abair Leat an clár a leasú agus a fheabhsú chomh maith le léargas a thabhairt maidir le húsáid an chláir ar bhonn níos leithne.
Tá áthas an domhain orm go bhfuil Des Bishop páirteach i bhforbairt an chláir agus ag tacú lena úsáid sna scoileanna píolótacha. Is inspioráid é Des d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge uile toisc an spéis a léiríonn sé sa teanga, a chuid díograise féin i bhfoghlaim na teanga agus an líofacht atá bainte amach aige féin inti. Tuigim go bhfuil Des chun cuairt a thabhairt ar roinnt de na scoileanna píolótacha go luath agus guím gach rath air agus ar na scoileanna sa saothar sin.
Mar is eol daoibh go léir, tá go leor ráite le blianta beaga anuas maidir leis na dúshláin roimh fhoghlaim na Gaeilge in ár scoileanna. Léiríonn tuairiscí ó Chigireacht mo Roinne agus ó thaighdeoirí neamhspleácha gur gá tabhairt faoi inniúlacht mhúinteoirí sa Ghaeilge a fhorbairt agus cur chuige cumarsáideach a chur chun cinn i dteagasc na Gaeilge. Tá mo Roinn ag dul i mbun gnímh ar bhonn leanúnach d’fhonn dul i ngleic leis na dúshláin seo.

Le blianta beaga anuas, tá obair fhónta ar siúl ag na seirbhísí tacaíochta do mhúinteoirí chun forbairt ghairmiúil leanúnach a sholáthar do mhúinteoirí i dteagasc na Gaeilge. Gabhaim buíochas le foireann Tús Maith, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna, agus le foireann Ghaeilge an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal as ucht na hoibre sin.

Chomh maith leis sin, tá réimse níos fearr téacsleabhar le haghaidh teagasc trí mheán na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge mar ábhar ar fáil anois mar thoradh ar an obair atá déanta ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta maidir le haistriú agus táirgeadh téacsleabhar.

Mar aitheantas oifigiúil do thábhacht na cumarsáide sa teanga, tá socruithe déanta ag mo Roinn go mbeidh daichead faoin gcéad de na marcanna á bhronnadh ar labhairt na Gaeilge sna scrúduithe teistiméireachta. Beidh na socruithe nua seo á gcur i bhfeidhm don Teastas Sóisearach sa bhliain 2010 agus don Ardteist sa bhliain 2012.

Cé go bhfuil go leor déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais, is léir go bhfuil go leor fós le déanamh, áfach.

Fáiltím go mór roimh an bPlean Straitéiseach 20 Bliain don Ghaeilge atá ullmhaithe ag an Rialtas i gcomhairle le mo Roinn. Leagann an Plean Straitéiseach clár cuimsitheach gníomhartha amach a thacóidh le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail agus i réimsí éagsúla an tsaoil, an t-oideachas san áireamh.

Tógann an plean ar an obair fhónta atá déanta go dtí seo agus táim taréis trí mhilliún euro a chur ar fáil go ceann cúig bliana le haghaidh forbairt na Gaeilge sna scoileanna. Tá sé ar intinn agam go ndíreofar ar dhá mhórghníomh: acmhainní teagaisc nua-aimseartha a chur ar fáil agus forbairt phroifisiúnta do mhúinteoirí a sholáthar ag an dá leibhéal.
Maidir le forbairt acmhainní, beidh mo Roinn ag díriú ach go háirithe ar conas ábhair a fhorbairt a fhreastalóidh ar riachtanais daltaí bunscoile atá ag foghlaim trí Bhéarla agus ar riachtanais scoláirí na scoileanna lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal. Tá áthas ar leith orm a fhógairt go mbeimid ag féachaint ach go háirithe ar conas acmhainní ar líne a fhorbairt do gach saghas scoile. Táim ag súil go dtabharfaidh an ghníomh seo deis do mhúinteoirí na tíre teacht ar áiseanna oiriúnacha dá gcuid teagaisc gan stró.
Tuigim go maith gurb í an phríomhacmhainn teagaisc ná an t-oide agus go bhfuil sé rí-thábhachtach go bhfuil an inniúlacht chuí ag múinteoirí sa teanga féin agus go bhfuil na scileanna teagaisc riachtanacha acu chun an teanga a mhúineadh go héifeachtach. Tá áthas orm mar sin go mbeidh tacaíochtaí breise á soláthar chun Gaeilge na múinteoirí ag an dá leibhéal scolaíochta a fhorbairt.
Soláthrófar dianchúrsaí sa Ghaeilge do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile agus soláthrófar deiseanna do suas le 200 múinteoir bunscoile dul i mbun diansheachtain tumtha agus teagaisc i gcúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé ar intinn agam chomh maith go dtiocfaidh méadú ar an líon teagaisc ar chúrsaí Gaeltachta d’ábhar mhúinteoirí. D’fhonn freastal ar riachtanais ar leith na hoidí a mhúineann trí Ghaeilge, déanfar cláir iarchéime sa teagasc trí Ghaeilge a fhorbairt do mhúinteóirí ag an dá leibhéal.
Tá sé ar intinn agam chomh maith go ndéanfar cúrsaí ceithre sheachtain tumtha do scoláirí iarbhunleibhéil a phíolótú agus go ndéanfar athbhreithniú ar an soláthar a dhéantar san Coláistí Gaeilge Samhraidh i gcoitinne. Mar is eol do cách, tá ról tábhachtach ag na Coláistí Gaeilge i líofacht na mac léinn a fhreastalaíonn orthu a chothú agus a fhorbairt. Freastalaíonn breis is 25,000 dalta ar na cúrsaí céanna gach bliain.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 208
Registered: 01-2009
Posted on Thursday, February 04, 2010 - 10:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Beagán breise:

quote:

I am delighted to be with you today to launch Abair Leat, a virtual online language laboratory which gives learners the opportunity to learn and practice Irish. I congratulate Coláiste Lurgan which has designed this exciting and innovative learning tool and the work done by the Second Level Support Service for Gaeilge in customising material for students. I thank my good friend Des Bishop for his support for the development of the programme which should help to focus students on developing what is the key skill in any language- the ability to speak the language. Indeed, Des has proven to be an inspiration for all learners of the language. I am looking forward to hearing about the experiences of the pilot schools and I wish the Abair Leat designers and the schools the best as they embark on the implementation of this exciting project. I would also welcome future exploration of the potential of the technology underpinning Abair Leat for other educational applications including the teaching and assessment of modern languages.
As you are aware, my Department has taken a range of measures to address the challenges facing the teaching of Irish in our schools at primary and post-primary level. The teacher professional support services have been active in supporting teachers at both levels in developing their own Irish language skills and their ability to teach the language. In recognition of the importance of developing students’ ability to speak Irish, the proportion of marks allocated to oral language skills has been significantly increased in the state examinations. In line with the Government’s 20 Year Strategic Plan for Irish which sets out a comprehensive set of actions for the promotion of the Irish as a community language, I intend to allocate three million euro per year for the next five years to the implementation of a range of measures that will build upon and expand existing measures relating to Irish in the educational system. These measures particularly relate to teacher development, the development of teaching resources including online resources and exploration of further development of the Irish language summer courses in the Gaeltacht. This comprehensive range of measures should help to enhance the quality of teaching and learning in our classrooms and the ability of our young people to speak the language with greater competence.
Tá go leor comharthaí dóchais ann don Ghaeilge sa mhéid atá beartaithe a chur i gcrích sna blianta romhainn. Is ábhar dóchais é go bhfuil a léithéid d’áiseanna cruthaitheacha agus Abair Leat a bhaineann buntáiste as an nuatheicneolaíocht atá ag teacht ar an saol. Tá an Ghaeilge chomh tábhachtach agus a bhí sí riamh d’ár sochaí, go háirithe mar nasc comónta aitheantais i gcomhthéacs Éireann atá ilghnéitheach agus ilchultúrtha.
Mar fhocal scoir, tréaslaím arís le gach duine a bhí páirteach sa tionscnamh seo agus molaim a bhfís, a gcruthaitheacht agus a dtiomantas don Ghaeilge. Guím gach rath ar bhúr saothar amach anseo.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9675
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, February 04, 2010 - 12:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cá bhfuair tú é?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 209
Registered: 01-2009
Posted on Thursday, February 04, 2010 - 12:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is aitheisc poiblí é, craolta ar RnaG. Tugadh cóip dom.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 9676
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, February 04, 2010 - 03:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

N'fheadar tuige nach bhfuil sé ar an suíomh acu!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bodhrán
Member
Username: Bodhrán

Post Number: 86
Registered: 09-2009


Posted on Thursday, February 04, 2010 - 05:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Wow - this is great! Finally, a way to learn Irish without English getting in the way. And someone has finally figured out that the fastest way to learn Irish is by learning it slowly. The speakers in the videos talk so slowly that a beginner can actually learn something.

Thanks Aonghus!

Find Irish Classes and Events in Your Area at
https://www.irishbooksandgifts.com/Events_and_Links.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3379
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, February 04, 2010 - 06:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

And someone has finally figured out that the fastest way to learn Irish is by learning it slowly.



Good one :-D

Reminds me of a quotation about Corsican people:
We, Corsican people, are like everybody else, but in a different manner. :-)

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/



©Daltaí na Gaeilge