Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 59 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, January 26, 2010 - 03:53 pm: |
|
An Nuacht is déanaí le Gaelport.com Ardú beag ar Iarratais faoi Scéim Labhairt na Gaeilge Bhí ardú beag ar líon na dteaghlach a rinne iarratas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2008/2009 de réir figiúirí a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht inniu. Rinne 3,515 teaghlach iarratas ar dheontas faoin scéim don scoilbhliain sin - ardú beag de 16 theaghlach ar an líon a rinne iarratas faoin scéim sa bhliain 2007/08. Tá riar beag iarratas – 44 – le scrúdú fós. Bhí ardú de 148 teaghlach ar an líon a thuill an deontas iomlán i gcomórtas leis an líon a thuill deontas iomlán don scoilbhliain 2007/08. Bhí ardú thart ar 150 ar an líon teaghlach ar diúltaíodh an deontas dóibh. Bhí ardú suntasach ar líon na n-iarratas a fuarthas ó theaghlaigh i gCúige Mumhain, le 394 iarratas faighte i gCiarraí sa bhliain 2008/2009 i gcomparáid le 372 iarratas sa bhliain 2007/2008 agus bhí ardú le feiceáil sa Roinn chomh maith áit a raibh 100 iarratas déanta sa bhliain 2008/2009 i gcomparáid le 67 sa bhliain roimhe sin. Ach bhí titim mhór le feiceáil de réir na staitisticí i gContae Mhaigh Eo, áfach, mar bhí laghdú de dhaichead iarratas ann idir an dá scoilbhliain.Is é cuspóir na Scéime muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne. Rinne Tuarascáil Mhic Chárthaigh, Tuarascáil an Bhoird Snip nua an moladh go gcuirfí deireadh leis an scéim anuraidh. “Tá áthas orm a rá gur éirigh leis an méid sin teaghlach Gaeltachta a rinne iarratas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge deontas a fháil. Léiríonn sé an lear mór tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht i gcónaí agus táimid faoi chomaoin ag na daoine óga seo as an tacaíocht atá léirithe acu don Ghaeilge agus an rogha atá déanta acu í a úsáid,” a dúirt an tAire Ó Cuív agus é ag fógairt na dtorthaí. As 3,515 teaghlagh sa Ghaeltacht a rinne iarratas ar SLG 2008/2009 fuair 2,334 deontas iomlán 583 deontas laghdaithe 554 diúltaithe agus 44 fós le scrúdú. |