Author |
Message |
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 77 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 10:43 am: |
|
I was writing 'i chuile amhrán' there and I thought that going by the canúint in Conamara that 'i gchuile' would be more correct? What do yiz tink :) |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 419 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 10:52 am: |
|
Technically ''chuile'' is already lenited so you can't lenite and eclipse a word. It would be impossible to prononce ''gch'' since that word combination don't work in Irish. It would be ''i chuile amhrán''. Gaeilge go deo!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8909 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 10:54 am: |
|
Seconded. (gach uile -> chuile) It would be "i ngach uile" but, ... |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 79 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 10:57 am: |
|
Yeah that makes sense Trigger. I googled it and 'i gchuile' had thrown up two results so it made me second guess it- along with chuile coming from gach uile, I thought there might be a bizarro reason out there that it might be possible to eclipse it :) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 629 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 11:37 am: |
|
Is iad "(in)s achuile ..." agus "(in)s achaon ..." na leaganacha canúnacha atá tú a thoraíocht. Is minic a chloisfeá "sa chuile ..." / "sa chaon", agus mar sin, is é an dóigh a scríobhaim féin iad. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3214 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 11:54 am: |
|
Chuile is a shortened form of "gach uile", so either you don't shorten it and then you say "i ngach uile", or you shorten it an then you don't change anything : "i chuile", because the "ga" part is still there, grammatically. You can't eclipse "ch" anyway. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 81 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 12:52 pm: |
|
Cool, that's a great help.. míle buíochas do chuile dhuine agaibh. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 631 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 12:54 pm: |
|
quote:or you shorten it an then you don't change anything : "i chuile" Cén áit ar aimsigh tú é? Ab í Gaeilge Chonamara atá i gceist a'd? Má tá spéis agaibh, tugaigí súil ar mhír 7.52 "Conjunctive and special forms" den leabhar The Irish of Iorras Aithneach Co.Galway, imleabhar a trí. Is féidir í a íoslódáil anseo: http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-13.html. Rud eile, tá claonadh ag cainteoirí dúchais gan séimhiú ná urú a chur ar "fhocla feidhmiúla" (fuctors). Is duine den deam seo é an focal "gach". Mar sin, "ins gach ..." (agus leaganacha dhe, is, in agus mar sin de) is mó a úsáidtear, ní "i ngach". 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Joe
Member Username: Joe
Post Number: 2 Registered: 09-2009
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 12:55 pm: |
|
I suspect that a good speaker would avoid the construction "i chuile amhrán". It sounds a little awkward to my ear. Would he or she not plump for "i ngach amhrán" or "i ngach uile amhrán"? |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 82 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 02:13 pm: |
|
Cool, so Peter re. Conamara Irish would it be right then in saying that 'sa chuile' is what is spoken more so than 'ins a chuile'? Or would you still hear both of them? And would 'ins gach' be in Conamara dialect too? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 632 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 03:11 pm: |
|
Díreach é, tá "sa chuile ..." go mór níos coitianta i gcanúint Chonamara. Agus is leagan traidisiúnta Chonamara é "ins gach..." chomh maith. Go mbaine tú sult as iad a úsáid le lucht na Gaeltachta! 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3215 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 05:23 pm: |
|
Is dócha go mb'fhearr "ins 'ach chuile..." mar sin, má scríobhann tú "sa chuile", thuigfí gur "ins an gach uile" atá i gceist agus níl ciall leis (bhail, tá ach tá sé mícheart). De réir de Bhaldraithe in 'Gaeilge Chois Fhairrge', deirtear: in chuile áit is chuile bheairic agus úsáidtear "i" roimh chonsan (ach ní thabhrann sé sompa le "chuile" ansin) In Ultaibh, déarfaí "in achan...". Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 83 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, October 06, 2009 - 05:59 pm: |
|
Agus 'i ngach uile' sa gcaighdeán ab ea? Ní raibh mé ag súil leis an méid sin roghanna a bheith ann! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1153 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 07, 2009 - 06:38 am: |
|
quote:Is dócha go mb'fhearr "ins 'ach chuile..." mar sin B'fhéidir é, dá mbeadh /n/ le brath air sa gcaint, rud nach mbíonn go minic. Sa chuile an leagan is mó a chuala mé féin. D'fhéadfaí é sin a scríobh ar nós 's 'ach chuile, ar ndóigh, dá mbeadh an fonn sin ar dhuine - ach níl sé feicthe agam riamh agus dar liom féin gur beathú mearbhaill a bheadh ann. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 634 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, October 08, 2009 - 03:49 pm: |
|
Tá "sa chuile" ag Brian Ó Curnáin, ní mise a chum é. Tá cuma shlachtmhar air agus tá mé sách sásta leis mar leagan scríofa. Ina cheann sin, tá an chosúlacht ann go ndearnadh reanalysis dhó agus go n-airítear an leagan cainte seo díreach mar "sa" agus "chuile" ina dhiaidh. Tá sé pléite ag an gCurnánach sa mír chéanna. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 94 Registered: 06-2009
| Posted on Thursday, October 08, 2009 - 04:56 pm: |
|
Cá as a dtagann an 'a' atá roimh 'chuile' in 'ins achuile'. Is maith liom féin ins achuile agus sa chuile, agus tá sé luaite sa nasc a chuir Peter thuas ansin. Tá 'ins chuile' á úsáid freisin, gan 'a'-- (And thanks a mil for that link! It is very detailed but a huge reference point for Conamara Irish and a great help). (Message edited by sineadw on October 08, 2009) |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 429 Registered: 08-2005
| Posted on Thursday, October 08, 2009 - 05:07 pm: |
|
quote:Cá as a dtagann an 'a' atá roimh 'chuile' in 'ins achuile'. As "g ach uile", is dócha. Is féidir "chuile" nó "achuile" a rá. Lars (Message edited by Lars on October 08, 2009) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 638 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, October 08, 2009 - 05:20 pm: |
|
Sin é, lagú na bhfuaimeanna is príomhchúis leis. Is é "gach uile" dúshraith an leagain seo. Ós rud é gur leagan cainte an-choitianta é, thosaigh na fuaimeanna ag meathlú de réir a chéile - go mórmhór, sa gcuid den leagan nach bhfuil béim ghutha uirthi, is é sin "gach" (deirtear "gaCHUILe"). Ba é "g" an chéad fhuiam a cailleadh, agus mar sin tá "achuile" againn chomh maith. Ansin, chuaigh an chéad "a" (is é sin, an ceann gan bhéim) i laige, agus seo é anois, "chuile", an leagan is girre agus is coitianta ar fad :) 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 639 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, October 08, 2009 - 05:39 pm: |
|
quote:(And thanks a mil for that link! It is very detailed but a huge reference point for Conamara Irish and a great help). Ba cheart dhúinn buíochas a ghabháil leis an údar, chaith sé fiche bliain nó mar sin ag obair air agus ag cruinniú chuile fhocailín agus gach rud agus iad uilig a chur ar phár go dil dúthrachtach. Agus is fear lách é chomh maith, chuir mé cupla ceist air agus fuair mé freagra gan mórán achair. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Lughaidh not connected (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 07, 2009 - 01:34 pm: |
|
" 's 'ach uile" atá i gceist agad, tá mé 'meas. |
|