Author |
Message |
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 56 Registered: 02-2006
| Posted on Sunday, August 30, 2009 - 02:18 pm: |
|
An bhfuil aon línte “pioctha suas”* maithe ar eolas agaibh i nGaeilge?? *pick-up lines for meeting girls/guys!! Le meas, |
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 205 Registered: 03-2009
| Posted on Sunday, August 30, 2009 - 04:23 pm: |
|
an bhfuil cúpla bacardi breezer(s) nó whiskey agus coke uait? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8749 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 30, 2009 - 04:44 pm: |
|
Seo ceann ón litríocht, ach níor oibrigh sé! http://www.sengoidelc.com/node/35 Ceann díreach eile: http://www.sengoidelc.com/node/79 |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 85 Registered: 01-2009
| Posted on Monday, August 31, 2009 - 11:10 am: |
|
Mhaith leat bheith curtha le mo mhuintir? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, August 30, 2009 - 02:40 pm: |
|
conas taoi baby |
|
Breandán
Member Username: Breandán
Post Number: 296 Registered: 12-2008
| Posted on Monday, August 31, 2009 - 12:51 pm: |
|
Ar mhaith leat súil a thabhairt ar mo ghléas? Gléas ceoil, ar ndóigh - consairtín a bhí i gceist ag an am sin ... bhuel, d'fhóin sé dhom an t-aon uair amháin, cibé ar bith. Mura gcreideann tú uaimse é, fiafraigh de mo bheansa faoi! |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 86 Registered: 01-2009
| Posted on Monday, August 31, 2009 - 01:01 pm: |
|
Tá gaeilge agam, cínnte. Éist - "an bhfuil cead againn dul go dtí an leithreas?". |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 497 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, September 01, 2009 - 01:24 pm: |
|
Má bhíonn an rath ort leis an méid thuas b'fhéidir go mbeidh nath rómánsach eile de dhíth ort leis an scéal a chur níos faide fós chun tosaigh. Seo é ceann a d'úsáidtí faoin tuath ag deireadh na suirí tráth dá raibh nuair a chuireadh fear ceiliúr pósta ar bhean óg: Ar mhaith leat bheith curtha le mo mhuintirse? (Would you like to be buried with my people?) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 57 Registered: 02-2006
| Posted on Tuesday, September 01, 2009 - 01:28 pm: |
|
Ceann díreach eile: http://www.sengoidelc.com/node/79 le Aonghus: Abair- "Inum-bia-sa úair coibligi latt? "Do bheithilín nó mo cheannsa??" |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 89 Registered: 01-2009
| Posted on Wednesday, September 02, 2009 - 05:30 am: |
|
:Cogar - A hOrmondo, scríobh mé an nath sin thuas: |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 301 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, September 02, 2009 - 07:59 pm: |
|
An dtionscnóimid a bheith? :BP Tine, siúil liom!
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 499 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, September 04, 2009 - 05:11 am: |
|
:Cogar - A hOrmondo, scríobh mé an nath sin thuas: Sea, tá spéaclaí nua uaim! Ach cé is moite den nath anghrách siúd bhíodh nathanna eile in úsáid i gcúrsaí grá in Éirinn tráth dá raibh sa dea-sheanaimsir nuair a bhíodh ainnireacha séimhe ag damhsa ag an gcrosaire agus an sagart paróiste ag seinm an phoirt dóibh. Tá na nathanna seo, cuid dár mbéaloideas traidisiúnta, caillte ar na glúinte óga nach mór. Dob é an leithscéal a bhíodh ag boc óg nuair a bhí a chailín óg (neamhphósta) ag iompar clainne (neamhphleanáilte) dó: do bhí sí do mo mhealladh! nó do mheall sí ar aghaidh mé! Sé sin a rá: she lead me on! (Nod don ghlúin óg: bhí tábhacht ag baint leis na focail thuas idir lúibíní tráth.) An ritheann aon cheann eile libh arbh fhiú é a chaomhnú? (Message edited by ormondo on September 04, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8766 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 04, 2009 - 05:52 am: |
|
Chuala mé ceann mhaith ar leagan cainte uair: Bhí a heochrasa ar dhuáin aici (She had baited a hook with her ovaries) Tá leagan eile ag an Dálach: Tá a cuid eochraí a bharr an duáin aici Ach céard faoi taobh na mná? Ritheann an scéal faoi Ghráinne agus Diarmuid, agus ise á shaighdeadh ag rá gurbh mó misneach an bhraon baistí a shil idir a cíocha ná a mhisneach siúd. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 500 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, September 05, 2009 - 08:24 am: |
|
Críonnacht neamhbhalbh an méid san maidir le cúrsaí collaí i ngach áit agus i ngach aois cibé acu an tsochaí cheadaitheach a bhí ann nó nach raibh ;) An bhfuil aon leagan (sásúil) Gaelainne ar: do phós sé í "ar an aisphreabadh"? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3169 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 05, 2009 - 11:53 am: |
|
quote:Seo ceann ón litríocht, ach níor oibrigh sé! http://www.sengoidelc.com/node/35 Ceann díreach eile: http://www.sengoidelc.com/node/79 Is féidir go n-oibreochadh siad sin má chastar ort cailín as an 10ú haois :-D Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8772 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 05, 2009 - 01:57 pm: |
|
Ní domhsa a theip an líne úd, mealladh mise ag Gearmánach. Níor oibrigh sé do Fráech. |
|