mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (July-August) » Archive through August 25, 2009 » Ceist do Lughaidh - "We are not French" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 93
Registered: 08-2008
Posted on Monday, August 10, 2009 - 10:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá mé ag léamh 'We are not French' le Maryon MacDonald (Routledge).

Níl mé ag baint sult as dála an scéil agus cé nach bhfuil saineolas agamsa ar an rud tá an chineál leabhair seo léite agam maidir le hÉire agus silím féin go bhfuil na meáncógaí ceánna ann, ach pé scéal é, mothaím go dtugann sí 'militants' ar dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa Bhríotáinis.

An áistriúchán sin ón Fhraincis? Nach bhfuil cineálacha daoine difriúla ann mar atá in Éirinn? Academics, enthusiats, literaty enthusiats, activitists, militants?

Do thuairim?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3125
Registered: 01-2005


Posted on Monday, August 10, 2009 - 08:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

mothaím go dtugann sí 'militants' ar dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa Bhríotáinis.



Bhail tá sin mícheart. Tá duifear eadar spéis a bheith agad sa teangaidh agus bheith 'do "mhilitant". Tá militants polaiteacha anseo nach bhfuil fíorshuim ar bith acu sa teangaidh, ach a úsáideann í mar leithscéal fá choinne rudaí polaiteacha...

Ar ndóighe tá duifreacha ann, mar atá i mBéarla : universitaires, enthousiastes/passionnés, activistes, militants srl (le fírinne níl's agam dé'n duifear eadar militant agus activiste, ina dhiaidh sin).
Théid na militants chuig na demos srl.

Níor chóir smaoiteamh gur ionann achan nduine a bhfuil suim aige sa teangaidh s'againne. Tá cuid mhór daoiní éagsúla ann, cuid mhór barúlacha éagsúla acu agus troid eatarthu go mion-minic...

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 94
Registered: 08-2008
Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 05:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tugann sé 'militants' ar dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i labhairt na Briotáinise, duine ar bith a thógann páistí leis an teanga, duine ar bith a chuireann páistí s'acu chuig scoil Diwan agus srl.

Silím go dtuigeann do dhearcadhsa rud beag níos fearr théis a léamh.

"Théid na militants chuig na demos srl."

An mbíonn tú féin ar agóidí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3126
Registered: 01-2005


Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 08:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Labhrann mo chomharsana Briotáinis le chéile siocair gurb í sin an teangaidh a labhrann siad ó rugadh iad, ach ina dhiaidh sin ní féidir a ráidht gur militants iad ar chor ar bith. Tá ciall pholaiteach ag "militants", agus an chuid is mó do na Briotáiniseoirí sa tír seo, is cuma leofa fán pholaitíocht...

Tá daoiní áiríd a churas a bpáistí chuig scoil Diwan agus nach militants iad ar chor ar bith ach an oiread : creideann sé go dtéanfaidh sé rud ineacht fá choinne todhchaí na teangtha.

Bhí mé in agóid fá choinne stádas na teangtha, uair amháin, ach ansin chonaic mé cuid mhór daoiní ar chuma leofa fán teangaidh agus nach labhrann an teangaidh ar chor ar bith, agus ar mhian leofa go mbeadh an Bhriotáin neamhspleách agus rudaí mar sin. Agus is é mo bharúil féin gur tábhachtaí an teangaidh ná stádas an réigiúin s'againne. Dá mbeadh sé neamhspleách agus an teangaidh marbh agus an cultúr marbh... cér mhaith é? Síleam féin gur am amugha bheith 'na mhilitant agus ghabháil chuig agóidí mar sin srl : is fearr an teangaidh a dh'fhoghlaim, staidéar a dhéanamh uirthi (mar shompla leabharthaí a scríobh fá dtaobh daoithe, seanchainteoirí a thaifeadadh) agus í a labhairt is a theaghasc go ceart (rud nach dtéantar i gcónaí). Tá cruóg leis sin, mar nach mbeidh ach dornán beag cainteoirí dúchais fágtha i gcionn 20 blian, 's beidh sé rómhall.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 95
Registered: 08-2008
Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 10:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo ábhar machnaimh áfach, muna bhfuil ins na Briotáinigh inniu ach Francaigh, caidé ab chóir dóibh an Bhriotáinis a fhoghlaim?

Is é rud eile ná gan 'stádas' cén dóigh is féidir deireadh a chur leis na cuinsí chuireann le laghdú an teanga? mar shampla easpa Briotáinis sna scoileanna?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8658
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 10:32 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin dearcadh measartha cúng, a GhGN.

Dá leanfaí an loighic sin abhus, ní cheart do - abair - Ian Malcolm - gaeilge a fhoghlaim!

Nach féidir bheith i do Francach, Eorpach agus Briotánach, agus mortás agat as gach gné de d'fhéiniúlacht?

Is easpa tuisceana don ilghnéitheacht seo a chuireann brú ar mhionteangacha san Eoraip i gcoitinne, agus san Fhrainc ach go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 96
Registered: 08-2008
Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 10:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seanaithne agam ar Iain, is Gael go smior é.

"Nach féidir bheith i do Francach, Eorpach agus Briotánach, agus mortás agat as gach gné de d'fhéiniúlacht?"

Níl a fhios agam, tá mé ag cur ceiste.

Tá mé in amhras más féidir teanga a shabháilt is a bheith chomh 'pure' sin ag an am ceánna.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8659
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 10:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cén geanamnaíocht atá i gceist agat?

Ceist ann féin polaitíocht, lena mbaineann dílseacht nó a mhalairt do Stát áirithe.

Tá, abair, Sualainniseoirí díograiseacha ann arbh Fionnlannaigh go smior iad freisin.

Is Gael go smior Ian cinnte - ach mhaíodh sé freisin gur Breataineach go smior é ó thaobh na polaitíochta (agus tacaí de chuid Gers fosta!)


http://www.foinse.ie/gne-ailt_det.php?nid=54

quote:

“Tá mana agam a deir ‘ní féidir leat dul i ngleic leis an intinn dhruidte’ agus bhuail mé le go leor daoine den chineál sin, daoine a dúirt liom ‘if you want to talk that ould foreign language, away down to Dublin.’

“Bhí mé i mBaile Átha Cliath agus tháinig fear a chuala mo bhlas Ultach a fhad liom agus dúirt, ‘I suppose you learnt your Irish in the Kesh?’

“Tá míthuiscintí mar sin le fáil ar an dá thaobh,” arsa Ian.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 97
Registered: 08-2008
Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 10:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Hmmm, an féidir a bheith dilis do stáit atá ag iarraidh do chultúr a mharú?

Is dócha gur féidir le roinnt daoine is dócha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 98
Registered: 08-2008
Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 11:56 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Díreach le bheith soiléir, is léir go bhfuil Lughaidh ag déanamh an rud cheart de réir a thalann féin.

Ach má táthar ag iarraidh go mbeidh Briotáinis ar bith ann san todhchaí, mar theanga bheo seachas mar MP3, bheadh athrú de dhíth.

Sa leabhar a bhí mé ag caint faoi, b'ionann militant agus duine nach raibh náiriste an teanga a labhairt agus í a labhairt le páistí.

Bheinn leo agus cé gur chaith mé na blianta ag taifeadadh seandaoine is ag teagasc canúintí agus ag scríobh agus mar sin de, ní dhearna mé faic i gcomparáid leo siúd a d'éirigh leo Gaelscoil a bhunú - mar shampla. Muise, militants a bhí iontu sin thart fán áití ina bhfeil mise fá láthair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member
Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg

Post Number: 680
Registered: 04-2008
Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 12:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is gach aon stát a chuireann chun cinn roinnt beartas a dhéanann díobháil don leas de ghrúpaí ilghnéitheaicha a shaoránach. Ní ciallaíonn sin gur mian leotha é a bhriseadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8663
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 03:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaím leat, agus bheinn leo freisin - go deimhin táim ag labhairt le mo phaistí féin i nGaeilge ó rugadh iad (agus roimhe!)

Ach táim cinnte go mbeadh Lughaidh amhlaidh.

Ceist dó féin, áfach, cén dearcadh atá aige ar pholaitíocht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3129
Registered: 01-2005


Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 09:04 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Hmmm, an féidir a bheith dilis do stáit atá ag iarraidh do chultúr a mharú?



Tá bealach ann eadar bheith dílis do stát agus fuath a bheith agad ar achan rud/duine Fhrancach, bheith 'g iarraidh an neamhspleáchais srl. Cibé ar bith, níl ach dornán beag daoiní anseo ar mhian leofa go mbeadh an tír neamhspleách. Níos lú ná 0.1% déarfainn.
Mo bharúil gur am amugha polaitíocht mar sin ins an Bhriotáin. Beidh an teangaidh i staid na Manainnise i gcionn 20 blian agus tá daoiní ann atá a' brionglóidigh ar neamhspleáchas na tíre, in áit rud úsáideach a dhéanamh fá choinne na teangtha is an chultúir.
Beidh an teangaidh marbh mar theangaidh nádúrtha sula mbeidh an tír neamhspleách (má bhíonn), an dtuigeann tú...

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 99
Registered: 08-2008
Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 03:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuigim do chás a Lughaidh, agus bheinn ag díriú isteach ar chúrsaí teanga seachas cúrsaí neamspleachais, ach is cinnte an rud é, muna bhfuil ach 500 phaiste fágtha, bheinn militant go leor fán teanga ceánna.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3131
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 09:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

S iomaí páiste a fhoghlaimeas cineál Briotáinise caighdeánaí ar scoil fosta, ach ní labhrann siad leath gomh maith leis na páistí ar thóg cainteoirí dúchais iad. Chluinfeá an duifear ar an chéad soicind. Char chualaidh mise páiste scoile mar sin ariamh nach mbeadh dath láidir na Fraincise ar a chuid Briotáinise (gan trácht ar na meancógaí).

Níl's agam an ionann an cás sin le cás pháistí na nGaelscoltach, mar nár chualaidh mé páiste Gaelscoile ariamh (ach amháin cuid na Gaeltachta, ach ní hionann Gaelscoil sa Ghalltacht is Gaelscoil sa Ghaeltacht, dar liom).

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8667
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 10:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní hionann go deimhin.

Tá difríochtaí mórá idir scoileanna ann sa Ghalltacht, ag bráth ar na hoidí, cúlra na bpaistí 7rl.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 103
Registered: 08-2008
Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 01:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Lughaidh,

In amannaí, caithfidh tú do mhúin a dhéanamh leis an bhod atá agat dar liom.

Seans nach cainteoirí Briotáinise mar is ceart iad lucht na scoileanna Diwan, ach deirfinn gur ábhair Bhriotáiniseoirí iad.

Tuigim do chás agus do dhearcadh ar ndóigh, ach is dóigh liom go mbeadh daoine ann arbh fhearr go mbeadh Briotáinis de chineál éigin ag páistí s'acu seachas iad a bheith gan Briotáinis ar bith.

Tuairim ar seasca bhliain ó shin in Ultaibh, níor chreid na 'Gaeilgeoirí' gur cheart dóibh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Níor chreid siad i nGaeloideas ach an oiread, iad siúd acu atá beó fós, ní chreideann siad ann go fóill. Gheobhaidh cibé Gaeilge a d'fhoghlaim siad bás leo.

Ba é creideamh s'acu ná go bhfásfadh an Ghaeilge as na Gaeltachtaí in athuair, b'shin an 'athbheochan' dar leo.

Tháinig 'militants' ar an tsaol áfach, bhunaigh siad cumainn, ionaid, scoileanna, Gaeltacht, thóg siad a bpáistí le Gaeilg.

Tríd na bliantaí, fuair an gluaiseacht sin lámh in uachtar ar an cheann eile. Ba é an dóchas a rinne an difear.

Ar bhealach, cuireann cibé eolas a bhfuil agam ar an Bhriotáin i gcuimhin dom an bealach a bhí Uladh féin, tá anois trí scór bhliain ó shin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3132
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 03:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Seans nach cainteoirí Briotáinise mar is ceart iad lucht na scoileanna Diwan, ach deirfinn gur ábhair Bhriotáiniseoirí iad.



Ba dh'ea, dá leanfadh siad do bheith ag úsáid na teangtha (agus feabhas a chur ar a gcuid Briotáinise!) i ndiaidh a mbaccalauréat... rud nach dtéan an chuid is mó daofa...

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 104
Registered: 08-2008
Posted on Wednesday, August 12, 2009 - 03:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin obair do dhaoine mar sin, fadhb ceanna againn. Déanann muid agóidí, oícheanta soisialta, discos, cainteanna, ceol, irisí, iad ar fad dírithe ar an dream sin, ag iarraidh an oiread acu agus is féidir a thabhairt linn.

Is féidir leo Gaeilge 'mhaith' a fhoghlaim is a labhairt go tapaidh má tá an fonn sin orthu.

Tá fadhb leis na múinteoirí, déirimise le hardGhaeilgeoirí - ná bí ag gearáin, cuir scairt ar an scoil agus abair leo go mbeifeá sásta ceardlanna a ghlacadh leo.



©Daltaí na Gaeilge