Author |
Message |
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 59 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 01:44 pm: |
|
Is minic a bhuailim leis an rud seo (msh "fá mo dhein" s "fá dtaobh dúinn" srl.), ach cá huair a bhaintear feidhm as? agus cad a ciallaíonn sé? (Message edited by ArdRi on July 20, 2009) Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8532 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 02:32 pm: |
|
Malairt leagan ar "faoi" go hiondúil. Más buan mo chuimhne, leagan Muimhneach atá ann. |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 640 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 02:41 pm: |
|
Is "fé" an leagan is aithnidiúla dom i nGaelainn na Mumhan. Shíleas gur leagan Ultach ná "fá"! |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 60 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 02:43 pm: |
|
Tuigim, go deimhin! Tá sé feicthe agam i litríocht na hUlaidh fresin. Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8533 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 02:45 pm: |
|
Mar sin, ní buan mo chuimhne. Tá mé fé chomaoin agat, a Shnag Bhric Glic. |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 61 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 05:24 pm: |
|
Agus níl diffríocht in aon chor eatharthu? Maith sibh as sin. "a Shnag Bhric Glic" Cárb as an nath snasta seo? (Message edited by ArdRi on July 20, 2009) Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 301 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 06:18 pm: |
|
Is í an fhoirm ba choitchinne den réamhfhocal sin a úsáideadh sa litridheacht roimh na caogadaí. B'fhéidir ná fuil an ceart agam ach sílim go n-úsáidtear "fá" agus "faoi" i nUltaibh agus cialla éagsamhla acu. Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil
|
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 383 Registered: 08-2005
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 06:18 pm: |
|
Tá ar ndóigh difríocht ann, mar go bhfuil "fá" agus "faoi" i nGaeilge Uladh chomh maith: fá = about (um > má > fá) faoi = under Lars |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3060 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, July 20, 2009 - 07:41 pm: |
|
Fuair mé "fá" in amhrán amháin as an Rinn (Co. Phort Láirge) fosta. Tá Lars ceart: fá = about ; faoi = under, in Ultaibh. fá mo dhéin = towards me (fetching me?) fá dtaobh dúinn = about us (ie. talking about us etc). Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8535 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 05:58 am: |
|
quote:"a Shnag Bhric Glic" Cárb as an nath snasta seo? Tagairt do leasainm Domhnaillín atá ann. Maidir le fá/faoi - ní raibh mé ag smaoineamh ar an idirdhealú úd maidir le about/under. Fúmsa atá sé mo chruinneas a fheabhsú. Cheapfá go mbeadh sin bainte amach agam faoi seo. |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 62 Registered: 02-2007
| Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 02:59 pm: |
|
Baineann Muiris Ó Súilleabháin feidhm as. Sa chéad líne dá dírbheathaisnéis clúiteach fiú: "cé go bhfuil sí [an óige] fá réim agamsa fós" Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|