Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8317 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 03:28 pm: |
|
|
|
Student
Member Username: Student
Post Number: 95 Registered: 07-2008
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 07:24 pm: |
|
An deas - go raibh maith agat. www.irishbooksandgifts.com
|
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 169 Registered: 03-2009
| Posted on Sunday, May 24, 2009 - 10:14 pm: |
|
is it the text of the book released in the 50's/60's? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1060 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 04:27 am: |
|
Mo sheacht mbeannacht ort, a Aonghuis! Tá seanchóip chrainn sa mbaile agam agus í ag titim óna chéile le haois agus le teann úsáide. Is é, a Chonchubhair... nó ar ghrá an chruinnis, athchló dílis atá ann ar eagrán 1979. Ní dóigh liom go bhfuil mórán idir sin agus eagrán 1960 (leasaíodh liostaí na dtíortha, na n-oifigí stáit is mar sin de, ach sílim nár bhacadh leis an ngramadach.) Cuirfidh mé i gcomparáid anocht iad áfach agus cuirfidh scéal chugat. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8327 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 10:45 am: |
|
Chonaic mé an nasc ag Mise Áine |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 60 Registered: 01-2009
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 11:19 am: |
|
Tá scéal i bhFoinse an seachtain seo maidir le athbhreithniú ar an gCaighdeán: http://www.foinse.ie/nuacht_det.php?nid=304 Go n-éirí an t-ádh len duine bocht atá freagrach den obair sin! Obróidh sé/sí go dian dona ardú pá! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2935 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 12:46 pm: |
|
quote:Ba é cuspóir an Chaighdeáin ná rialacha gramadaí agus litrithe a thabhairt isteach a bheadh dílis do chaint na ndaoine Nach greannmhar sin !!! quote:Tá molta go minic ag scoláirí agus tráchtairí éagsúla go ndéanfaí athbhreithniú ar an gCaighdeán agus go háirithe go ndéanfaí simpliú ar na rialacha gramadaí ann. Tá eagla orm roimh na rudaí a dtiocfadh leofa tarlú. Ab iad sin na daoiní ar mian leofa na hathraíonnaí toisigh a chur ar ceal? Níl cacamas mar sin le fáilt i dtír ar bith eile. Teangaidh a shimpliú siocair go bhfuil sé ródheacair a foghlaim do na páistí scoile. Cén áit eile a bhfuighfí seafóid mar sin? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 325 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 12:52 pm: |
|
Más annamh is iontach: aontaím leat ansin, a Lughaidh. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 412 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 01:38 pm: |
|
Go n-éirí an t-ádh len duine bocht atá freagrach den obair sin! Obróidh sé/sí go dian dona ardú pá! Má tá ciall acu tabharfar an cúram sin do Naomh Seoirse, táim cinnte de. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 61 Registered: 01-2009
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 01:42 pm: |
|
Agus mé ag athléamh m'iarracht thuas ansin, is léir go bhfuil rud éigin cearr leis. Scríobh mé "dona ardú pá". "Dá ardú pá", bhféidir? Do+a = dá, ní tagann "h" le a+guta, má tá fear i gceist? An íoróin - i measc comhrá faoin gCaighdeán! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2937 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 02:44 pm: |
|
Do + a = dona i gcanúintí áiríd (Kerry, Donegal). You may find dona and d(h)á in the same dialect too, people use both. But the CO only recognizes dá (in case it may be important for you). Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 172 Registered: 03-2009
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 05:20 pm: |
|
c.o may only recognise that but others will still, mostly, be understood and accepted |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 62 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 04:54 am: |
|
Many thanks. "Dona" seemed fine when I wrote it but appeared wrong when I thought it out. Better to go with your gut, methinks. |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 64 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 08:28 am: |
|
Scriobh Lughaidh: Tá eagla orm roimh na rudaí a dtiocfadh leofa tarlú. Is é an chiall atá leis sin ná I am frightened of the things that would have the ability to happen. B’fhéidir gur ‘Tá eagla orm i dtaobh na rudaí a thiocfadh/a d'fhéadfadh tarlú’ a bhí i gceist aige. Seans nár mhiste an Ghaeilge a shimpliú, a Lughaidh - agus í a shimpliú go mór - ionas go mbeifeá féin agus cantalóirí eile ábalta í a scríobh mar is ceart. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2939 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 10:36 am: |
|
quote:Is é an chiall atá leis sin ná I am frightened of the things that would have the ability to happen. Chan go díreach. "the things that may happen" a bhí i gceist agad, ní "ability" a bíos ann i gcónaí. Amhanc ar an tsompla seo: Thiocfadh le sin a bheith fíor = That could be true/that may be true. Doesn't mean "that would have the ability to be true". I found that example in Modern Irish by Ó Siadhail, p. 289. Agus ba mhinic a chualaidh mé rudaí mar sin ó bhéal chainteoirí dúchais. Lch. 287 ins an leabhar chéarna "t(h)ig liom = I can/may". Sin an chiall atá aige sin i dTír Chonaill, ar a laghad, gidh gur féidir nach bhfaghthar sin i dtólamh ins na leabharthaí "caighdeánacha". Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 65 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 01:01 pm: |
|
‘Tá eagla orm roimh na rudaí a dtiocfadh leofa tarlú.’ Gaeilge bhacach a bhí san abairt sin agus i mbunús achan rud a scríobhann tú – bíodh culaith an tseanlitrithe air nó ná bíodh. Ábhar iontais nach ‘tárladh’ a scríobh tú in áit ‘tarlú’ – le tréan dúile sa tseanaimsearthacht agus sa chanúnachas. Nó b’fhéidir go bhfuil tú ag teacht isteach ar an Chaighdeán faoi dheireadh thiar thall? Míle b’fhearr liom an nualitriú caighdeánach agus tuigbheáil ar ghnás na Gaeilge ná an muga maga de theanga a bhíonn i do chuidse teachtaireachtaí. Agus ná bí ag seanmóireacht faoi Ghaeilge Thír Chonaill – tá eolas agam ar an phobal sin agus ar a gcanúint nach mbeadh agatsa dá mairfeá an céad. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2940 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 02:17 pm: |
|
quote:Gaeilge bhacach a bhí san abairt sin agus i mbunús achan rud a scríobhann tú Tá cead agad an bharúil sin a bheith agad. Níl saoi gan locht, agus ní saoi mé. Ach an dtig leat somplaí a thabhairt? quote:– bíodh culaith an tseanlitrithe air nó ná bíodh. Ábhar iontais nach ‘tárladh’ a scríobh tú in áit ‘tarlú’ – le tréan dúile sa tseanaimsearthacht agus sa chanúnachas. Nó b’fhéidir go bhfuil tú ag teacht isteach ar an Chaighdeán faoi dheireadh thiar thall? Scríobh mise "tarlú" mar sin ariamh. Tá cuid don leitriú chaighdeánach atá ceart, cuid eile nach bhfuil (do réir mo bharúlasa). Athram na rudaí nach dtaitneann liom, sin an méid. quote:Míle b’fhearr liom an nualitriú caighdeánach agus tuigbheáil ar ghnás na Gaeilge ná an muga maga de theanga a bhíonn i do chuidse teachtaireachtaí. Cuidigh liom mar sin agus inis domh cad é nach bhfuil maith in mo chuid teachtaireachtaí. quote:Agus ná bí ag seanmóireacht faoi Ghaeilge Thír Chonaill – tá eolas agam ar an phobal sin agus ar a gcanúint nach mbeadh agatsa dá mairfeá an céad. Le fírinne, is cuma liom fá do bharúil fá mo chuid Gaeilge... Níl in do chuidse Gaeilge ach meascadh don chaighdeán le tréith Ultach nó dhó. Tá mo chuidse Gaeilge níos closáilte do Ghaeilg Uladh ná do chuidse cibé ar bith. Tá sé furast na daoiní eile a lochtú nuair a bíos na lochtannaí céarna agad féin. D'fhoghlaim mise an mhórchuid do mo chuid Gaeilge le daoiní a bhfuil eolas maith acu ar Ghaeilg Uladh, agus le leabharthaí scríofaí ag daoiní a bhfuil eolas maith acu ar Ghaeilg Uladh. Ghníomsa mo dhícheall agus níl sé furast do dhuine nach bhfuil 'na chónaí i dTír Chonaill, ach tá mo jab agus mo theaghlach anseo agus fá láthair cha dtig liom ghabháil go hÉirinn. Ó tharla go bhfuil "eolas maith agad ar phobal Thír Chonaill", an dtiocfadh leat inse domh cad é nach bhfuil Ultach ins an teachtaireacht seo, mar shompla? Go rabh maith agad roimhe ré. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 361 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 03:42 pm: |
|
Antain > Cad chuige a mbeadh sé maith bheith ag meascadh focla agus foirmeacha idir Gaeilg Uladh agus An Chaighdeán, nach mbeadh sé níos fearr bheith ag caint i nGaeilge Uladh go hiomlán...? Níl rud ar bith mícheart ann lena chuid Gaeilg, bhfuil's agad bhí Lughaidh ag insint domh cuid mhaith foirmeacha a úsáidtear i nGaeltacht Uladh agus nuair a bhí mé i dTír Chonaill anuraidh chuala mé iad i dToraigh agus i nGaoth Dobhair. Éist le cainteoirí dhúchais ar an idirlíon as Tír Chonaill, suíomh Ceann Dubhrann, Áine Ní Churráin nó bíodh leabhar agad fán chanúint s'acusan agus tchífidh agus cluinfidh tú an sórt Gaeilg a labhrann Lughaidh. (Message edited by Trigger on May 26, 2009) Gaeilge go deo!
|
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 66 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 03:57 pm: |
|
...an dtiocfadh leat inse domh cad é nach bhfuil Ultach ins an teachtaireacht seo, mar shompla? Féadaim a rá, a Lughaidh, go bhfuil tú iomlán tuaisceartach – in achan chiall den fhocal. I dtaca liomsa de, seo an teachtaireacht deiridh a chuirfeas mé choíche ar cheann ar bith de na fóraim chantalóireachta seo. Ní fiú a bheith leo. Mo leithscéal: ‘chan fiú a bheith leobhtha’ – rinn’ mé dearmad mo chuid litrighithe a chur in oireamhaint do thríochaidí na haoise seo ’chuaigh thart. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2942 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 04:17 pm: |
|
Tá sin go breá... Imeacht an tsrutha leat. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Teifeach
Member Username: Teifeach
Post Number: 74 Registered: 03-2009
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 04:46 pm: |
|
Chaith mé tamall fada i nGaoth Dobhair , agus bím ag labhairt le duine as Gaoth Dobhair go minic, agus níor chuala mé a leithhéad riamh. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2944 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 04:49 pm: |
|
Dé nár chualaidh tú ariamh? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Teifeach
Member Username: Teifeach
Post Number: 75 Registered: 03-2009
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 08:56 pm: |
|
? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2945 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 09:46 pm: |
|
Sa ChO: Cad nár chuala tú riamh? Scríobh tú "níor chuala mé a leithéad (sic) riamh". Cad a bhí i gceist agat? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Caoimhín
Board Administrator Username: Caoimhín
Post Number: 253 Registered: 01-1999
| Posted on Tuesday, May 26, 2009 - 09:57 pm: |
|
Bí cúramach, a chairde. Caoimhín Tír gan teanga, tír gan anam.
|
|