mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (May-June) » Archive through May 30, 2009 » "Scéala Éireann" - RnaG transcription d'fhoghlaimeoirí! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 393
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, May 21, 2009 - 06:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

(Réamhrá)
Do dheineas molta anseo cúpla uair go gcuirfí ó am go chéile téacs trascríofa de chlár raidió ar fáil d'fhoghlaimeoirí. Tá taithíocht déanta agam féin ar theangacha eile agus conas mar a fhoghlaimítear teangacha nua agus is léir domsa go bhfuil rud dá leithéid de dhíth ar Ghaeilgeoirí faoi láthair agus iad ag déanamh iarracht ar an bhearna a líonadh idir cumas cainte leochaileach agus cumas cainte daingnithe a bheadh inmharthana. I ndeireadh an lae níl an córas oideachais ach ag diomailt aigid agus iad go deo ag fágáil na láithreacha tógála gan an díon a bheith ar an teach.

Ach faoi mar a ndúirt Seán Mac Gearalt Ó Cinnéide tráth: Ná fiafraigh cad is féidir leis an nGaeilge a dhéanamh ar do shonsa, ach fiafraigh cad is féidir leatsa a dhéanamh ar son na Gaeilge.


Mar sin tá trascríobh déanta agam de "Naomh Pádraig agus Teacht na Críostaíochta go hÉirinn". Is é sin an chéad chlár sa tsraith "Scéala Éireann", an tsraith úd a chraoltar gach Satharn ar RnaG faoi láthair.

http://www.rte.ie/podcasts/2009/pc/pod-v-070209-12m01s-scealaeireann.mp3

Tá gluais curtha le chéile agam le focail agus friotail nach mbeadh, b'fhéidir, ar a chumas aige ag gach éinne.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 394
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, May 21, 2009 - 06:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cuid a haon:

"Go mbeannaí Dia dhibh, a éisteoirí. Is é a bheidh sa tsraith nua seo, sraith de ghearraistí raidió ar ghnéithe nó ar eachtraí cinniúnacha i stair na hÉireann ó thús ré na staire scríofa, is é sin ó thús ré na críostaíochta anuas go dtí ár linn féin. Beidh na léachtaí gearra seo, a mbeidh sé chinn is fiche díobh ar fad ann, dírithe ar an ghnáthéisteoir seachas ar an saineolaí. Ach os a choinne sin is stairithe gairmiúla, is é sin saineolaithe ar thréimhsí éagsúla i stair na hÉireann, a bheidh ag tabhairt na gcainteanna. Déanfar iarracht mar sin sna cainteanna seo léargas a thabhairt don éisteoir ar na heachtraí a bheidh faoi chaibidil de réir na tuisceana agus an taighde is nuai: is é sin, an taighde is mó atá suas chun dáta i measc stairithe na linne seo.

Nua-léamha, más ea, ar eachtraí i stair na hÉireann don ghnáthéisteoir: sin a bheidh ar bun againn. Ar na léachtóirí a bheidh páirteach sa tsraith beidh an t-Ollamh Dáibhí Ó Cróinín, agus araile... Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as na cláracha.


Cuirimid chuige, más ea.

Is beag duine a déarfainn nach n-aithneoidh an véarsa seo den iomann cáiliúil („Dóchas Linn Naomh Pádraig“)

Dóchas linn Naomh Pádraig
Aspal mór na hÉireann
Ainm oirirc gléigeal
Solas mór an tsaoil é
'S é a chloígh na draoithe
Croíthe dúra gan aon mhaith
D'ísligh dream an díomais
Tré neart Dé ar dtréanfhlaith

Arís, is dócha nach bhfuil lá is mó sa bhliain a ndéanann Éireannaigh ar fud an domhain mhóir céiliúradh air ná an seachtú lá déag de Mhárta, Lá Fhéile Pádraig, naomhphátrún na hÉireann.

Ach cérbh é an Pádraig seo? Agus cén gaisce a maítear ar a shon? Arbh é a dhein críostaithe de mhuintir na hÉireann san anallód nó cén tionchar go baileach a bhí aige ar an eachtra chinniúnach sin i stair na tíre? Seo é an t-Ollamh Dáibhí Ó Cróinín chun na ceisteanna sin a fhreagairt.

Níl aon amhras ná gurb é Naomh Pádraig an duine is mó cáil riamh i stair na hÉireann. Ach cérbh é féin agus cárbh as dó? Cad a thug anseo go hÉirinn é agus cathain a bhfuair sé bás? Cá bhfuil an t-eolas ar fad le fáil mar gheall air? Ceisteanna is ea iad son nach furasta a fhreagairt.

De réir an traidisiúin, ar ndóigh, tháinig Pádraig go hÉirinn sa bhliain ceithre chéad triocha dó (432 AD) agus b'é an Pápa a chuir chugainn é chun na críostaíochta a scaipeadh inár measc. Tar éis dó an chuid eile dá shaol a chaitheamh ag gabháil don obair sin cailleadh é ar an seachtú lá déag de mhí na Márta sa bhliain ceithre chéad seasca a haon (461 AD). Deir annála na hÉireann, áfach, gur cailleadh Pádraig sa bhliain ceithre chéad caoga seacht (457 AD) agus sa bhliain ceithre chéad seasca a haon (461 AD), agus arís eile sa bhliain ceithre chéad nócha trí (493 AD). Bás trí huaire mar sin. Cad is brí le sin más ea? Mar a ráinaíonn ní fiú brobh a bhfuil le rá ag annála na hÉireann ag dul siar chomh fad sin. Cumadóireacht ar fad is ea an cúntas atá iontu ar Phádraig agus ar gach eile a bhaineann le stair na tíre seo sa chúigiú haois. Ach ni fhágann sin dall ar fad sinn ar an bhfear. Dar ndóigh, tá scéalta agus seanchas ar Phádraig i ngach paróiste ar fud na hÉireann. Is iontach an scéal é gan aon agó ach, faraor géar, ní hé an scéal a insítear dúinn sna scoileanna an fíorscéal ina thaobh. Pádraig an traidisiúin, Pádraig Aspal na hÉireann: tá sé chomh scartha leis an bhfíorPhádraig agus atá an adharc leis an muc.

Cá bhfuil an fhírinne i dtaobh Phádraig le fáil mar sin? Ar ámharaí an tsaoil tháinig péire litir anuas chugainn a chum Pádraig féin, agus is iontu sin agus iontu sin amháin a fhaighimid an t-eolas cruinn ceart ar fad atá againn ar a shaol agus ar a shaothar. Tugtar "An Fhaoistin" ar cheann amháin acu - "Confessio" sa Laidin - a chum sé amach i dtreo dheireadh a shaoil, a deir sé, nuair a shíl sé go raibh an bás ag druidim leis - "Antequam morir": sula bhfaighead bás - agus is mar chúntas ar a raibh déanta in Éirinn aige ar son an chreidimh a chum sé an litir sin. Is é atá sa tarna (dara) litir ná teachtaireacht a chuir sé tamall fada roimhe sin, de réir dealraimh, ag buíon saighdiúirí a bhain le fear darbh ainm "Coroticus". Do dhein an buíon sin saighdiúirí ionsaí marfach ar lucht leanta Phádraig. Mharaíodar cuid acu agus sciobadar tuilleadh acu leo le díol mar sclábhaithe. Is chun díoltas Dé a bhagairt orthu ar an bhfeall sin a sheol Pádraig an litir chucu.

Ag tús na Faoistine tugann Pádraig a ainm féin "Ego Patricius ", ainm an athar a bhí aige "Calpurnius", agus ainm an tseanathar "Potitus". Ní luann sé ainm na máthar, dála an scéil, cé go bhfuil ainm uirthi siúd leis sa traidisiúin "Concessa". Tugann sé chomh maith ainm na háite inar tógadh é "Banna Venta Berniae", ach nach bhfeadar éinne sa lá atá inniu ann cá bhfuil sí agus is ann a bhí sé nuair a thug buíon saighdiúirí as Éirinn ruathar ar an áit, agus rugadar leo Pádraig agus na daoine a bhí ina theannta. Ní raibh Pádraig ach sé bhliain déag d'aois ag an am, deir sé féin. Faraor géar, níl aon dáta luaite ag Pádraig sa litir ná san bhFaoistin leis an eachtra seo ná le haon ní eile agus is mar an gcéanna acu sa dara litir aige, rud a fhágann nach bhfeadar éinne a thuilleadh cathain go díreach a raibh sé inár measc.

Ní deir sé féin cathain a tháinig sé go hÉirinn agus, ar ndóigh, níl cur síos sa litreacha aige ar dháta a bháis ach chomh beag. Níl ansin áfach ach tús na faidhbe. Ainneoin go ndeir sé gur sciobadh a lán eile nuair a gabhadh é féin, na mílte díobh, deir sé "tot milia hominem" níl tásc ná tuairisc aige in aon bhail ar na daoine sin go léir. Ní thugann sé fiú a gcuid ainmneacha ná ní luann sé ach chomh beag ainmneacha na nGael a bhuail leis nuair a bhí sé anseo in Éirinn. Maidir le hainmneacha na daoine i gcoitinne níl luaite i gceachter an dá litir aige ach Coroticus agus fear darbh ainm Victoricus, an té a tháinig chuige i bhfoirm taibhse ina chodladh dó ag impí air teacht ar ais go hÉirinn. Is ait an rud é nach labhraíonn Pádraig ar an bPápa in aon chuid dá shaothar scríofa, siúd is é an Pápa a sheol chun na hÉireann é, más fíor. Ní hamháin sin, de réir an chúntais eile, cúntas a tháinig anuas chugainn ón Mhór Roinn agus atá iontaofa, níorbh é Pádraig in aon chor a chéad thug an creideamh go hÉirinn ach fear eile ar fad, fear darbh ainm "Palladius". De réir na tuairisce seo, cuireadh Palladius go hÉirinn sa bhliain ceithre chéad triocha haon (431 AD) le hordú on bPápa Celestinus chun freastail ar na críostaithe a bhí anseo roimis "ad scottus in Christum credentis", rud a chiallaíonn go raibh Críostaithe in Éirinn sa bhliain ceithre chéad triocha haon."

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 395
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, May 21, 2009 - 06:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cuid a dó:

"Ach cérbh é an Palladius seo? Arbh ionann é agus Pádraig seo againne? Nó an amhail a bhí beirt aspal in Éirinn an uair úd, Pádraig agus Palladius? B'fhéidir go raibh. Níl aon amhras, áfach, ná gurbh é Palladius a tháinig sa bhliain ceithre chéad triocha dó agus is é Palladius chomh maith a cuireadh go hÉirinn le hordú on bPápa. Teachtaire oifigiúil ar son na heaglaise sa Róimh ea ba é mar sin a cuireadh anseo chun a bheith i bhfeighil na gCríostaithe a bhí anseo cheana féin.

Duine eile ar fad ea ba Pádraig. Pé an é an dream a chuir Pádraig chugainn ní raibh aon bhaint ag an bPápa leis an scéal. Cad mar gheall ar an traidisiún agus ar an mbéaloideas go léir i dtaobh Naomh Pádraig mar sin? Tá an chuma ar an scéal gurb é atá sa traidisiún, mar dhea, ná meascán ar na scéalta a bhain le Pádraig agus leis an bhfear eile seo, Palladius. Ar chúis éigin, áfach, chuaigh Palladius i ndíchuimhne -cé gurbh é siúd a bhí ceaptha mar chéad easpag oifigiúil ar eaglais na hÉireann - agus deineadh aon duine amháin dó féin ansin agus do Naomh Pádraig de réir a chéile ina dhiaidh sin. Sin é an fáth go bhfuil nithe luaite le Pádraig sa traidisiún nár bhain leis in aon chor go fírinneach. Mar shampla, an traidisiún a deir gur chaith Pádraig tréimhse in Auxerre na Fraince i dteannta leis an easpag Germanus agus go bhfuair sé a chuid oiliúna ar an Mór Roinn sular tháinig sé go hÉirinn. Is léir gur traidisiún é sin a bhaineann le Palladius i ndáiríribh.

Pé áit a ndeachaigh Pádraig ar scoil níor leag sé cos riamh ar fhód na Fraince. Mar an gcéanna leis an traidisiún, mar dhea, gurbh é an Pápa Celestinus a chuir go hÉirinn é chun muintir seo a thiontú ar an gcreideamh Críostaí. Pé uair gur mhair Pádraig beo, cuma cad a deir an traidisiún, níorbh é an Pápa a chuir anseo é. Dá mba ea, bheadh sin ráite go neamhbhalbh le Pádraig féin, rud nach bhfuil. Agus is mar sin leis an traidisiún a deir gur bhunaigh Pádraig eaglais Ard Mhacha agus gur dhein ceanncheathrú na heaglaise in Éirinn de. Níl puinn fianaise ann go raibh Pádraig in aon ghiorracht riamh d' Ard Mhacha agus níl sa traidisiún mar sin a deir ach bréaga o thús go deireadh.

Cá bhfágann sin Pádraig agus tús na Críostaíochta in Éirinn mar sin? An ceart "Aspal na hÉireann" a thabhairt ar Phádraig Naofa? Ah, sin ceist. Is cuma ar shlí más féidir "Aspal na hÉireann" a thabhairt ar Phádraig nó nach féidir mar go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bhfear ar chúiseanna. Is é Pádraig, mar shampla, an t-aon duine amháin riamh a bhí mar shaoránach in Impireacht na Róimhe a gabhadh agus a beireadh amach as an impireacht úd, a chaith tréimhse thar lear mar sclábhaí, agus a d'fhill ar a thír dúchais, agus a chum cúntas ar na nithe a bhí tar éis titim amach dá réir. Níl a leithéid le fáil sa litríocht Rómhánach in aon áit eile in aon tréimhse eile.

Na nithe a deir Pádraig sa bhFaoistin agus sa litir a chuir sé ag saighdiúirí Coroticus; táid tábhachtach ar a lán slite. Tugann siad eolas dúinn ar a raibh ag titim amach in Éirinn sa cheathrú haois nó b'fhéidir ag tús na cúigiú haoise, cúntas nach bhfuil le fáil in aon áit eile in aon fhoinse eile. Nuair a chuimhnímid nach raibh na h-annála á scríobh in Éirinn sa chúigiú haois in aon chor agus nach bhfuil againn ón dtréimhse sin ach na téacsanna a chum Pádraig féin tuigimid ansin cad é mar thábhacht a bhain leo.

Cuireann sé síos ar na ríthe a bhí ann ag an am cé nach dtugann sé ainm aon rí , mar a dúradh cheana, cuireann sé síos ar an saol a bhí á chur isteach aige, cuireann sé síos ar na nithe a bhí ag tarlú thart timpeall air. Níl a leithéid le fáil in aon áit eile i bhfoinsí na hÉireann.

Thar aon rud eile, léiríonn An Fhaoistin agus an litir ag saighdiúirí Coroticus pearsa Naomh Pádraig agus is iontach an rud é sin. Mar is é an chéad duine é i stair na hÉireann a d'fhéadfá a rá gurbh fhéidir a rá gurbh eol dúinn cén sórt duine é. Agus an té a léifeadh an dá théacs sin agus nach mbeadh buailte is duine dúr é."

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 396
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, May 21, 2009 - 06:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GLUAIS

ar ghnéithe / about aspects
ar eachtraí cinniúnacha / about fateful events
léachtaí / lectures
stairithe gairmiúla / professional historians
faoi chaibidil / under discussion
iomann / hymn
cén gaisce a maítear ar a shon / which feat is he credited with
anallód / in olden times
annála / annals
Mar a ráinaíonn / as it happens
ní fiú brobh / it is not worth a rush
gan aon agó / beyond question
tá sé chomh scartha leis an bhfíorPhádraig agus atá an adharc leis an muc / it is as far removed from the true Patrick as the horn is from the pig (as a natural attribute of a pig)
Ar ámharaí an tsaoil / "as luck would have it"
chun díoltas Dé a bhagairt orthu ar an bhfeall sin / to threaten them with God's vengeance on account of that "treachery"
níl tásc ná tuairisc aige / "he has no account at all" (he has neither report nor account)
iontaofa / trustworthy
chun a bheith i bhfeighil / to be in charge
chuaigh Palladius i ndíchuimhne / Palladius was eventually forgotten
a thiontú ar an gcreideamh / to convert to the faith
go neamhbhalbh / outspokenly
ceanncheathrú / headquarters
Níl puinn fianaise / there is not a bit of evidence
mar shaoránach in Impireacht na Róimhe / as a citizen in the Roman Empire
in aon fhoinse eile / in any other source


(Chloígh mé le canúintí na gcainteoirí chomh fada agus a d'éirigh liom!)

(Message edited by ormondo on May 21, 2009)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 161
Registered: 03-2009
Posted on Thursday, May 21, 2009 - 07:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

iontach


go raibh míle maith agat - an bhfuil aon píosa eile mar seo ar fáil

d'fhoglaim cúpla focal as an bpíosa sin, agus tá mé an sasta mar ceapaim go mbeidh sé an cac atá ar fáil sna scoileanna ach ní raibh


arís, maith an fhear!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 162
Registered: 03-2009
Posted on Thursday, May 21, 2009 - 07:11 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

ah gluais chomh maith

ar maith leat codladh liom anocht?

(nílim ach ag magadh- ach go raibh maith agat)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8306
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 22, 2009 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bullaí fir, a Fhearghuis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 399
Registered: 04-2008
Posted on Friday, May 22, 2009 - 01:09 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA, a Aonghuis.

Tá súil agam go mbainfear tairbhe as. Tá mo "theoiric" léirithe agam cheana féin maidir le háis den chineál seo agus seo é an "turgnamh", mar a déarfá.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 170
Registered: 03-2009
Posted on Sunday, May 24, 2009 - 10:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

bhuel maith thú ar aon nós

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Acco
Member
Username: Acco

Post Number: 14
Registered: 04-2009
Posted on Monday, May 25, 2009 - 06:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Thanks, guy! Go raibh míle maith agat.

This is really good stuff here. I've been listening to and reading it over the weekend. It's the kind of thing you can put on your iPod and listen to over and over until you get the swing of it. I'm not that advanced by any means, more a beginner actually, but I would have had practically no chance at all without the transcription.

Now I have been really LEARNING some good Irish - and learning some real history into the bargain. The stuff about Palladius was new to me. Do these Palladius revelations upset traditional Patrick devotees?

Where can I get more of this good stuff? Are there any spoken texts available with Irish and English side-by-side in two columns? I know there is a language teaching theory out there somewhere that says this kind of this is not ideal for learning. I say, if you throw 100 people in at the deep end 10 will survive and thrive, 30 will drown and the rest will just get frustrated immediately and will climb out of the pool and give it up as a bad job. How can I learn anything if I have to listen to someone for ten minutes and, bar two or three words, I haven't a clue what that person is saying?

What do the other folks think about all this?


However, I didn't really understand at all what this sentence means: "I ndeireadh an lae níl an córas oideachais ach ag diomailt aigid agus iad go deo ag fágáil na láithreacha tógála gan an díon a bheith ar an teach."

Some kind of protest...? I'm a little puzzled in the context.

Beirigí bua!

A thuilleadh, le bhúr dtoil.(?)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1062
Registered: 06-2006


Posted on Monday, May 25, 2009 - 08:02 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"I ndeireadh an lae / níl an córas oideachais ach / ag diomailt airgid / agus iad / go deo / ag fágáil na láithreacha tógála / gan an díon a bheith ar an teach."

"At the end of the day / the educational system is only (lit. 'isn't but') / wasting money / as they are (lit. 'and them') / forever / leaving the building sites / without the roof being on the house."


Wow, this takes me right back... in my case it was an audiobook, and me following along with the paperback in my hand, pausing and rewinding often. Did wonders for my Irish too.

Nár laga Dia thú, Ormondo!

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 413
Registered: 04-2008
Posted on Monday, May 25, 2009 - 01:53 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA, a dhaoine uaisle.

Cuireann sé áthas orm, a Abigail, go gcinntíonn tú go gcuidíonn rud den chineál seo leis an bhfoghlaimeoir agus gur fiú a thabhairt faoi ó am go chéile - d'ainneoin síoreaspa ama!

Thanks, Acco, for the feedback. I'm afraid there is very little to be found, if at all, of these kinds of learning aids on the internet. If I have time in the near future I'll have another shot at something like it.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conchubhar1
Member
Username: Conchubhar1

Post Number: 173
Registered: 03-2009
Posted on Monday, May 25, 2009 - 05:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

no palladius is well accepted by this stage

but as fair as im aware for the most part he wont be mentioned in irish schools, depends on the teacher of course but on the whole there is one patrick and he brought christianity in 432 (well officially)



©Daltaí na Gaeilge