Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8303 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 21, 2009 - 05:49 pm: |
|
Bean bheag mothallach Más beag is deilgneach Cóta dearg craorac Agus bríste ladhrach Sasanaigh. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 471 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 08:11 am: |
|
Nod, led' thoil |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8307 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 08:15 am: |
|
Nod? Ainmhí dúchasach atá i gceist. |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 56 Registered: 01-2009
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 10:28 am: |
|
Dallóg? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8309 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 10:35 am: |
|
Céard é Dallóg? dallóg [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] scáth nó púicín ar shúile; scáth ar fhuinneog; rud dall. Más mole atá i gceist agat, caochán a bheadh agamsa air sin. Ach níl sé deilgneach. |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 57 Registered: 01-2009
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 11:07 am: |
|
Shrew. Cur an milleán ar focal.ie! |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 398 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 12:49 pm: |
|
Ní gráinneog atá i gceist? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 472 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 01:07 pm: |
|
Bóín Dé? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8310 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 02:39 pm: |
|
quote:Ní gráinneog atá i gceist? Is ea, gan amhras. Ortsa anois. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 402 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 02:53 pm: |
|
Sciobfaidh ceann uaim féin! - ón snáithe eile (Níos mó strambáin den Fhionlainn). (Triocha trí... is aois agus uimhir shuimiúil í sin.) Cad mar gheall ar seo: Mar thamhan crainn le fréamh nach bhfuil cruinn An crann céanna ar dhá chos (Níl ach ceann amháin dá leithéid faoi chéad) Agus fréamh ag gach cos Nach bhfuil cruinn ach cearnach. Cad é an rud atá i gceist anseo? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8312 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 04:33 pm: |
|
Fardoras? Fráma dorais? (Message edited by aonghus on May 22, 2009) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 403 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, May 22, 2009 - 06:29 pm: |
|
Ní hea. Is mar nod a d'fhág mé a bhfuil idir lúibíní (Triocha trí... ) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8314 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 08:17 am: |
|
An é an chrois céasta atá i gceist? Más ea, ní thuigim gach gné den tomhas. (Message edited by aonghus on May 23, 2009) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 405 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 11:06 am: |
|
Uimhir is ea atá i gceist. Níl de adhmad le bhaint as an gcrann ach ciall mheafarach. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8316 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 03:17 pm: |
|
Mata chasta. Cá bhfuil Abigail nuair atá sí de dhíth? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8318 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 03:46 pm: |
|
Nócha Naoi? 3 * 3 = 9 |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 407 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 03:58 pm: |
|
Tá tú ar an tslí cheart ach ní hé sin an uimhir i gceist. Nod: Uimhir ar "dhá chos" agus flúirseacht na bhfréamhacha. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8319 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 04:03 pm: |
|
Tá mearbhall orm. Súil agam go bhfuil sé soiléir do dhuine éigin eile. Ní thig liom cos, ná péire, a chuir faoi aon uimhir... . |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 409 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, May 24, 2009 - 03:45 pm: |
|
Mar shampla, tá trí "chos" ag an uimhir 125. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8322 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 24, 2009 - 03:54 pm: |
|
Táim ró dhúr do seo. Súil agam go bhfuil tinfeadh ag duine éigin eile. |
|
Student
Member Username: Student
Post Number: 101 Registered: 07-2008
| Posted on Sunday, May 24, 2009 - 04:34 pm: |
|
Tá mé tabhairt buille faoi thuairim - seasca a ceithre? www.irishbooksandgifts.com
|
|
Breandán
Member Username: Breandán
Post Number: 236 Registered: 12-2008
| Posted on Sunday, May 24, 2009 - 04:35 pm: |
|
25? (= 52) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 410 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, May 24, 2009 - 06:24 pm: |
|
Tá fréamh chearnach ag 64 agus 25, ceart go leor, ach níl fréamhacha cearnacha - slánuimhreacha / uimhreacha aiceanta atá i gceist - ag na "cosa" 6, 2 agus 5. Tá sibh gar don fhreagra ceart, áfach. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 58 Registered: 01-2009
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 04:39 am: |
|
16, dearfainn.(2x2)x(2x2)? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 411 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 01:31 pm: |
|
16, dearfainn.(2x2)x(2x2)? Beagnach ceart, ach ní chomhlíonann an uimhir úd na coinníollacha uilig: tá fréamh chearnach ag an uimhir féin (4x4) agus tá fréamh chearnach ag ceann de na "cosa" (1x1), ceart go leor, - cé go gcuirfeadh matamaiticeoir dian "réiteach beagbhríoch" ar an réiteach sin - ach níl fréamh chearnach ag an "cos" eile (?x?=6) i measc na slánuimhreacha. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8328 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 02:41 pm: |
|
49 = 7 * 7 4 = 2 * 2 9 = 3 * 3 |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 414 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 05:19 pm: |
|
Sin é! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8330 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 25, 2009 - 05:24 pm: |
|
B'iad na cosa úd a chuir ar strae mé. Ceann eile as Cniogaide Cnagaide Ceithre cosa ar thalamh Dhá chois ar thalamh Ceann le tóin agus tóin le talamh |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8335 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 27, 2009 - 12:02 pm: |
|
Bump! Dhá neach atá i gceist leis an dtomhas seo. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 475 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, May 27, 2009 - 01:05 pm: |
|
An tomhas gnéasach an ceann seo, a Aonghuis? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8336 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 27, 2009 - 03:06 pm: |
|
Gnéasach? Ní dóigh liom é. Níl collaíocht i gceist, ach tá inscne ar leith! |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 415 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, May 27, 2009 - 05:34 pm: |
|
Capall agus marcach? (Ní chreideann aon duine anseo go bhfuil a leithéid de logainm ar an seanfhód agus "Horse and Jockey") Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8339 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 04:08 am: |
|
Ah, na tithe tabhairne. Tá tú sa cheantar ceart, ach tá an inscne níos soiléire sa bhfreagra, agus gníomh ar leith i gceist. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 476 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 11:45 am: |
|
Capall ag eirí ar no cosa deirigh, agus an marcach ag titim chun talamh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8341 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 12:10 pm: |
|
Ní heá. Ainmhí eile ar fad atá i gceist. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 416 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 02:14 pm: |
|
...agus gníomh ar leith i gceist. ...ach ní gníomh gáirsiúil é atá i gceist, nár lige Dia!?! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 417 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 02:22 pm: |
|
Duine ag bleán bó? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8342 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 03:34 pm: |
|
Bean ag bleán bó atá sa leabhar. Agatsa atá an chaid arís |
|