http://www.greenparty.ie/ga/policies/irish_language_policy quote:Tagann cosaint na Gaeilge le bunphrionsabail an Chomhaontais Ghlais. Creidimid go bhfuil sé den riachtanas acmhainní a chaomhnú ionas go mbeidh an tsochaí ina mairimid inmharthanach amach anseo. Is acmhainn thábhachtach chultúrtha do phobal na hÉireann í an Ghaeilge, ach is acmhainn leochaileach, leonta í ar ghá í a chosaint. Is sinne caomhnóirí an domhain, agus is gá dúinn a chuid acmhainní go léir, acmhainní cultúrtha agus teanga san áireamh, a chur ar aghaidh go slán agus go folláin chuig na glúnta atá le teacht.
Seo ceann maith:
quote:Tacaíonn an Comhaontas Glas leis an gcur chuige Ceanadach i leith sholáthar seirbhísí dátheangacha, ‘an tairiscint ghníomhach’. Faoin gcur chuige sin, poiblíonn eagraíochtaí stáit agus ranna rialtais a gcuid seirbhísí dátheangacha go leanúnach, ionas go dtuigfeadh pobal na mionteanga go bhfuil siad ar fáil gan stró. Ní dhéantar a leithéid faoi láthair, rud a lagaíonn éifeacht Acht na dTeangacha Oifigiúla
Agus seo ceann níos fearr:
quote:I bhfianaise líon mór na mbotún sa Ghaeilge ar chomharthaíocht phoiblí (go háirithe comharthaí bóthair) ar fud na tíre, iarrann an Comhaontas Glas go dtabharfaí cumhacht bhreise don Choimisinéir Teanga le cinntiú gur Gaeilge chruinn cheart a bheidh ar na comharthaí ar fad.