Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 37 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, April 09, 2009 - 01:25 pm: |
|
Táim ag léamh "Seanchas na Féinne" le Niall Ó Dónaill fé láthair, agus ní mór dom a dearbhú gur leabhar cruinn spéisiúil atá ann agus ba dhúil ar aoine le suim sa bhéaloideas nó san Fhiannaíocht é a léamh. Níl sé ró dheacair chun an friotal a thuiscint ach in ainneoin sin, tá cúpla fadhbanna buailte agam ar an bhealach. Tá Lochlannaigh ar sciuird go hÉireann chun comhrac a déanamh in éineacht na Fianna. "éirigh an fharraige ina gleannta glasa fúthu, ionas nár fágadh fallaing gan fáscadh ná tairne gan tarraingt ná bárc gan contúirt a bhriste" Sa tagairt eile, tá cur síos. Úsáidtear de shíor ar cathanna sa leabhar. B'fhéidir go bhféadfá "ruthag" a thabhairt ar. Pé scéal é, is doiligh liom a shamhlú cad tá díreach i gceist aige. "thug na laochra glún le gleo, agus troigh le taca agus aghaidh le himghoin, gan fhios tláis ná tarcaisne ar cheachtar den dá shlua" Orddan ocus tocad duit!
|