Táim ag lorg leabhar faisnéise le mo chuid Ghaeilge a athbheochan. Tá suim agam i gcúrsaí staire, mar shampla. Stair na hEorpa nó ábhair níos leithne mar sin a chuirim spéis iontu.
Cad mar gheall ar na leabhair scoile uilig (matamaitic, eolaíocht, tíreolaíocht) don Ardteist: an bhfuil teacht orthusan tríd an idirlíon? Cé gur beag an meas a bhíonn ag daltaí scoile ar na leabhair úd agus muid ar scoil, bíonn siad scríofa go maith mar an gcéanna.