Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1046 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 09:39 am: |
|
Bhí mise is mo bhuachaill ag dul abhaile aréir agus ní raibh muid céad slat ón stáisiún traenach nó gur casadh dúinn cat dubh. Lean sé abhaile muid - breis is leathmhíle bóthar, agus é ag crónán leis féin i rith an achair. Nuair a bhaineamar triúr an baile amach chuir Mik méisín beorach síos don chat agus méisín bainne in aice leis. "Cá bhfios ná gur cat thú" a dúirt sé, agus chuaigh isteach sa teach láithreach. Bhí tuairim agam nach raibh sé ag iarraidh a fhéachaint cé acu a d'ólfadh sé. Dar le muintir mo mháthar (Meiriceánaigh d'fhuil na Gearmáine) bheadh mí-ádh ag baint le cat dubh, agus a mhalairt ar fad dar le muintir Mik (ar Sasanaigh iad chomh fada siar agus is siar ann.) Níl ceachtar againn féin pisreogach ach b'aisteach an tarlú é. Ní mé cén t-ádh a bhaineanns - nó a deirtear go mbaineann - le cait dhubha in Éirinn nó i dtír ar bith eile? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 22 Registered: 01-2009
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 09:56 am: |
|
Níl mé cinnte faoi seo ach éist leis bríathra saineolacha na Hothouse Flowers. Deireann siad go luíonn cat dubh faoi scath an geata and go ndeireann an cat sin go dtiocfaidh grá dó. Mar sin - dea-ádh, measaim! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 156 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 02:59 pm: |
|
Ar ól an cat an bheoir? (Did the cat drink the beer?) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1048 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 07:36 pm: |
|
D'ól - nó níl a fhios agam go dearfa cé a d'ól, ach bhí an dá mhias folamh romhainn le gealadh an lae. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 1 Registered: 03-2009
| Posted on Friday, March 27, 2009 - 06:51 pm: |
|
cill cheannaigh abú sin do fhreagairt |
|