an oiread céarna ?? An mbeadh litriú mar seo úsáideach in aon chor don fhoghlaimeoir atá ag iarraidh téacs Gaeilge a léamh? Bhí eagla orm go bhfeicfinn rud éigin mar sin ann. Níl "céarna" le fáil in Ó Dónaill ar chor ar bith, mar cheannfhocal nó mar leagan malartach faoi "céanna". Rinne mé "an oiread céarna" a chuardach anois díreach agus fuair mé aon sampla amháin de: i dteachtairecht a scríobh tú féin anseo!
Tá díomá orm gur loit tú an obair seo leis an bhfeachtas canúnach atá ar siúl agat. Níl níos mó le rá agam faoi.
Tá "céanna" ar fáilt san fhoclóir fosta. Ins an fhoclóir sin chuir mé eadar fhoirmeacha canúnacha agus fhoirmeacha caighdeánacha. Mar sin, an duine a chluineas nó a léigheas foirmeacha Gaeltachta, gheobhaidh sé iad (nó na foirmeacha is coiteanta, ar a laghad) ins an fhoclóir.
Má théid tú 'na Gaeltachta chan é 'n caighdeán a chluinfeas tú, agus muna gcurtar Gaeilg na Gaeltachta i bhfoclóir ar bith, beidh na foghlaimeoirí caillte nuair a rachas siad anonn. Gan trácht ar na cainteoirí dúchais a chluintear ar RnaG nó ar TG4 fosta.
Caithfear smaoiteamh ar an Ghaeilg bheo fosta. Tá cead agad gan meas a bheith agad i dteangaidh 'n phobail, ach tá cead ag na daoiní eile barúil eile a bheith acu.
Is iontach an mórshaothar é agus ceannóidh mé cóip de nuair a bheidh deis agam chuige.
(Ba mhaith liom mo fheachtas canúnach féin a thionscnamh!) Tá an focal Béarla "slanging" scríofa in alt éigin sa nuachtán IT inniu. Ní mar sin a deirtear é in Éirinn áfach. Is é a deir gach duine a bhfuil aithne agam air ná "slagging". D'ainneoin nach bhfuil san fhocal féin ach béarlagair, cloíonn lucht na foilsitheoireachta go humhal leis an leagan eachtrach!