|
|
|
Author |
Message |
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 241 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 02:47 pm: |
|
Cad é an Ghaeilge ar "Bhabóg Матрёшка"? Babóg Mháithrín, dar ndóigh, is brí don téarma. Ní dhéantar i dteangacha eile ach é a thraslitriú (ach is dream "easumhal" é pobal na Gaeilge, buíochas le Dia). Rith sé liom le déanaí go bhfuil baint éigin leis an mBabóg Mhaitriosca agus cad atá ag tarlú sa gheilleagar domhanda. Chuirfinn "Prionsabal Inbhéartach na Maitriosca" air. De ghnáth, nuair a tharraingítear an dá leath Babóige Maitriosca as a chéile bíonn an Bhabóg Mhaitriosca a nochtar istigh ann níos lú ná an "máithrín" (an chéad Bhabóg Mhaitriosca). Sin é "Prionsabal na Maitriosca." Ach cad a tharlaíonn nuair atá "Prionsabal Inbhéartach na Maitriosca" i bhfeidhm? Is é a tharlaíonn de réir an phrionsabail nua seo ná go dtagann Babóg Mhaitriosca amach agus í i bhfad níos mó ná an ceann a osclaíodh go díreach roimhe sin! Agus cad atá istigh i gcroílár na Babóige Maitriosca seo againne agus an bhfacamar fós í? Sin í an mhórcheist ollmhór faoi láthair. An í An Mhaitriosca Mhór eithne na babóige agus í fós istigh ann i bhfuireachas linn? Feictear dom nach "Ag Feitheamh le Godot" atáimid a thuilleadh ach "Ag Feitheamh leis an Maitriosca Mhór." Agus tá súil agam gur "Máithrín" cineálta a bheidh inti! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 242 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 05:11 pm: |
|
An Babóg Mhaitriosca í an Ghéarchéim? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 03, 2009 - 02:16 pm: |
|
Babóg Mhaitrioescea, b'fhéidir an fhoghlaíocht ab fhearr, nach ea,a Pheter Markov - ach is deas an cur síos a chuiris i dtolla chéile ar an staid faoi láthair, bail ó Dhia ort. |
|
|
|