Author |
Message |
Deborah McDonald (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, January 26, 2009 - 02:08 pm: |
|
Hello, I am looking for help in translating the following: "I will rise from the ashes and be born anew" and "Through strife and triumph I am reborn" Any help given would be greatly appreciated. Thank you!!! |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 252 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, January 26, 2009 - 05:54 pm: |
|
"I will rise from the ashes and be born anew" 1. Aiséireod úr álainn as an aoibheall. Still pondering, Deborah a chara. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 253 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, January 26, 2009 - 06:06 pm: |
|
"Through strife and triumph I am reborn" 2. Sárú an tsracaidh a thug ar ais me. Plain, not the verb one could use, but it's something. Níl mé ag téamh don abairt bhunaidh. Beidh duine éigin eile in ann níos fearr a dhéanamh leis. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 254 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, January 26, 2009 - 06:08 pm: |
|
Correction to no. 1 Deborah: just one 'l'. 1. Aiséireod úr álainn as an aoibheal. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4380 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 26, 2009 - 10:12 pm: |
|
Is maith liom an uaim, a Sheosaimh. Ach tá an t-aoibheal beo fós, agus "ashes" marbh. Meas tú an tatú atá i gceist anseo? (Message edited by dennis on January 26, 2009) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 256 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, January 27, 2009 - 06:42 am: |
|
Chreidfinn gur le haghaidh tatú é ceart go leor. Sea, bíonn teas san aoibheal ceart go leor, ach d'éist mé leis, is dóigh mar gheall ar an uaim. Chonaic mé íomhá den fhéinics ag aiséirí na blianta siar agus thug mé suntas don lasair aníos faoi. Is dóigh gur aoibheal i bhfolach faoin luaithreach a bhíonn i gceist leis an gcoinceap féinicsiúil sin le 'from the' ashes agus tá sé i gcúl mo chloiginn as áit éigin gur 'out of the' ashes a new beginning .. a chuala am éigin. 'Sméar(th)óid' an ceann fuar atá le clos ag Seán Ó hInnéirí - Jn Henry, Scéalta Chois Cladaigh, ach gur beo ag an Dálach é agus ar ndóigh, ‘sméar’ a d’fhéadfadh a bheith taobh thiar de. (Róghafa faoi láthair le dul ag tochailt!) |
|
Deborah McDonald (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 27, 2009 - 07:54 pm: |
|
Thank you so much! I really appreciate the help. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 259 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, January 28, 2009 - 03:57 pm: |
|
Fáilte romhat - you're welcome Deborah, but as I didn't take a liking to no. 2, I would be the last to have it tatood anywhere. Were you thinking of such? If so, no. 1 may be shortened and still correct as: Aiséireod úr as an aoibheal. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 191 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, January 28, 2009 - 05:34 pm: |
|
Gné de bhreis: an chosúlacht fhuaime idir "aoibheal" agus "evil" an Bhéarla. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 261 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, January 29, 2009 - 06:57 am: |
|
Faoi lucht na hInd-Eorpaise a mhacasamhail a rianú duit a Ormondo, ach samhlaím go mb'fhéidir 'ob', an briathar Gaeilge, a bheith le *wap- a thug 'evil' an Bhéarla. Tá mé ag leagan amach gur spéis le Dennis an cheist a leanacht. Féach aoibh, Aoibheall na Creige Léithe, Sliabh Éibhlinne, tá na ba ag aoibheall srl. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 194 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, January 29, 2009 - 03:22 pm: |
|
De réir McBain's tá "óiph" na Seanghaeilge mar chomhfhréamh ag ceachter acu. "Dreach" nó "scéimh" is brí dó. Dar leis an Uasal Ascoli, 's é loinnir an aoibhil an ghné thaitneamhach de atá i gceist agus óna eascraíonn an bhaint leis an aoibhneas. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4381 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 29, 2009 - 07:16 pm: |
|
An cuimhin libh focail an amhráin, "Aoibheall from the grey rock comes, to wrap the world in thrall"? Is furasta "evil" a chloisteáil ansin, gan dabht. Maidir le "aoibh" agus "aoibheal" agus "ob(adh)", de réir Vendryes (Lexique étymologique de l'irlandais ancien): 1. oíb = apparence, beauté, faveur : sans etymologie sûre 2. oíbel = étincelle : Un rapport avec 'oíb' est en tout cas possible. 3. opad = refus : nom verbal de 'os + bond-' "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 263 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, January 29, 2009 - 09:54 pm: |
|
GRMA a Dennis, socraíonn sé sin an 't-obadh' dom, gan amhras, agus is féidir liom obadh d'aon bhaint a bheith 'ob' le *wap mar sin! |
|
déiri.. (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 29, 2009 - 08:48 pm: |
|
' ..."evil" a chloisteáil ansin, gan dabht.' go deimhin ach, siabhra, tá an diabhal air, nach bhfuil? ("siabhra sails his boat till morn...") |
|