Sa bhliain 1989 thit - nó leagadh - an BALLA i mBerlin. Os rud é go bhfuil an uimhir "naoi" arís sa bhliain againn bhí an nuachtán domhaigh an lae inniu ag breathnú siar ar an ocáid agus an méid atá tite amach ón am sin i leith.
Pé scéal é, dá fhad an tréimhse ama é is beag fós an bhá ghaoil atá ann idir lucht an iarthair agus lucht an oirthair anseo sa Ghearmán. Cuireann lucht an oirthair sotal i leith na nIartharach agus dar leis na hIartharaigh go bhfuil lucht an oirthair thar a bheith dúr (- a mhalairt ar fad atá an scéal in Éirinn!!).
Tugann scéalta grinn sa nuachtán léargas ar an rud céanna. Seo ceann díobh - ón Oirthear:
Cad é an difear idir sionnach agus Iartharach? Tá an sionnach cliste agus ligean sé air go bhfuil sé dallintinneach. Is é a mhalairt i gcás an Iartharaigh.