Daveithink
Member Username: Daveithink
Post Number: 23 Registered: 05-2008
| Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 01:17 pm: |
|
Dia dhaoibh :) tá ceist bheag agam daoibh... Nuair a bhíos sa bhunscoil agus sa mheánscoil, bhí na múinteoirí go léir ag múineadh go gcuirtear síneadh fada os cionn na guta deireanaí leis an chéad phearsa uimhir iolra den aimsir láithreach, an aimsir fháistineach, an modh coinníollach srl.... cuir i gcás: dúnaimíd dúnfaimíd dhúnfaimís dúnaimís Tá's agam gur ceist bheag í ach an bhfuilim i m'aonair leis an litriú so? An bhfuil éinne ag baint úsáid as an litriú so? nó an bhfuil sé i gceart? (Tá's agam nach bhfuil sé sa chaighdeán) GRMA Dáithí |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2555 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 01:46 pm: |
|
Bhail, tá sin ceart i nGaeilg na Mumhan, ach ins an chaighdeán, ní chuirtear síneadh fada ar na hi-annaí sin. Níl 's agam cad chuighe (sin rud neamhloighiciúil eile dá bhfuil sa chaighdeán!!!). Ach is minic a chonaic mé féin "í" sna fuirmeacha sin, i dtéacsannaí nach rabh oifigiúil. " Anois níl fadhb ar bith ann, thig leat "í" a chur isteach sna fuirmeacha sin más mian leat, ach ins an chaighdeán ní dhéantar é. Ach is cuma fán chaighdeán, ach amháin más oifigeach do chuid an Rialtais thú nó rud ineacht mar sin. Cib bith, ní chuirfear i bpríosún thú má scríobhann tú "dúnaimíd" srl... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|