Tá sé scríofa agam i snáitheanna eile go bhfuilim den tuairim go gcuideodh trascríbhinní nuachta (de Nuacht a hAon, mar shampla) go rí-mhór le lucht foghlama na Gaeilge agus go mbeadh éifeacht "urchair airgid“ ag baint leo.
Ó thart ar an gcéad nóiméad is daithead ar aghaidh san eagrán de "Faoi Chaibidil" - a bhfuil an nasc Idirlíntá de thíosluaite - tá agallamh le ceannaire RTÉ RnaG, Edel Ní Chuirreáin, le cloisteáil.
http://www.rte.ie/podcasts/2008/pc/pod-v-021108-47m46s-faoichaibidil.mp3 Is é seo a leanas ceann de na rudaí a dúirt sí: "…ní áis fhoghlama atá ionainne - is seirbhís raidió le freastail ar phobal éisteachta, ach más féidir le daoine feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge anseo ó bheith ag éisteacht leis an raidió, sin bónas."
Aontaím
beagnach go hiomlán leis sin.
Bhí caint ann freisin maidir le dreamanna a mhealladh, buanaíocht sa phoball a dhaingniú (taobh amuigh den Ghaeltacht, dar ndóigh) agus mar sin de.
"Aontaím
beagnach go hiomlán leis sin", a scríobh mé thuas. Agus cad ba chúis leis an “beagnach”? Bhuel, bhí aithne agam ar bhaill de Chonradh na Gaeilge, fiú amháin, a d'éirigh as a bheith ag éisteacht le RnaG mar ní rabhadar in ann an bhearna a líonadh idir a gcumas Gaeilge agus an gcumas a bheadh de dhíth chun úsáid agus taitneamh a bhaint as a bheith ag éisteacht leis an gcraoltóir gaelach. Ach leis sin nílim ag rá go mba chóir go mbeadh an cúram teagaisc(!) ag RnaG. Táim ag rá go mba chóir go mbeadh RnaG ag iarraidh - ar mhodhanna neamhchostasacha sa chás seo - a lucht éisteachta a mhéadú.
Agus an loighic atá agam i gceist na trascríbhinní nuachta: Éisteann na daoine le cláir nuachta go minic gach uile lá den bhliain; b'fhéidir - dá mbeadh trascríbhinn ann mar chabhair dóibh - go n-éisteodh cuid de na daoine sin, a bhfuil cumas Gaeilge infhorbartha acu agus suim acu sa Ghaeilge, ceann amháin de na huaireanta sin leis an nuacht ar RnaG.
I gclár nuachta cloistear na scéalta suimiúla faoi chúrsaí na huaire ar mhaith leis na daoine a gcloisteáil ar aon chaoi. Cloistear freisin na focail agus na nathanna a mbaineann lucht na "hArdghaeilge" úsáid astu de ghnáth. Leis na hacmhainní sin bheadh ar chumas na ndaoine i gceann tamaill an clár nuachta a thuiscint go líofa agus de réir a chéile dhúnfadh na bearnaí go dtí go mbeadh siad in ann an clár a thuiscint go sioncronach. Leis an dul chun cinn fásann an misneach, an fhiosracht agus, fiú amháin, an mheallacacht; is iad sin na rudaí a chothaíonn an dúthracht.
Thart ar an nuacht d’fhéadfadh an lucht fonnmhar seo bonn nó bunáit a thógáil i gcríocha na Gaeilge. Agus i gceann tamaill d’fhéadfaidis ruathair beaga a dhéanamh isteach sa “gharbhcrioch”, áit a bheadh an Ghaeilge beagáinín níos casta - ach go dtí sin bheadh siad gléasta go maith chuige.
Ní thagann an méid seo atá scríofa agam amach as an mbolg toll; tá taithí déanta agam i rith na mblianta i gcúrsaí foghlama teangacha.
(Is Gearmánachas é - arís - "as an mbolg toll" = "aus dem hohlen Bauch")
(Message edited by ormondo on November 15, 2008)
(Message edited by ormondo on November 15, 2008)