Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 90 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, November 08, 2008 - 06:55 pm: |
|
Tá foclóirín curtha le chéile agam chun roinnt téarmaí nua-aimseartha gearmánacha a chur in aithne daoibh. Gaeilge: Gearmáinis slis: Chip ríomhaire glúine: Laptop idirlíon: Internet ceamara gréasáin: Webcam méaróg chuimhne: USB-Stick luamhán stiúrtha: Joystick mol: Hub lasc: Switch íoslódáil (ainmfhocal): Download íoslódáil (briathar): downloaden (leagan an-dílis gearmánach de “downlódáil” de réir dealraimh; spreagadh ón nGaeltacht sa chás seo, b’fhéidir?) fón póca: Handy (admhaím gur bhaininn úsáid as an bhfocal seo - lánchinnte de gurbh é an béarlachas ceart a bhí ann - sna nóchaidí agus mé an chéad uair in Éirinn le fón póca i mo sheilbh agam!) tiomántán crua: Festplatte (aha!) Tá súil agam nach mbeidh dua ró-mhór agaibh leis an bhfuaimniú! (Message edited by ormondo on November 08, 2008) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|