Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 882 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 22, 2008 - 05:02 am: |
|
Seachtain amháin eile! Tá mé ag tnúth go mór leis. An mbeidh duine ar bith eile anseo ag triall air i mbliana? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 823 Registered: 06-2007
| Posted on Wednesday, October 22, 2008 - 10:38 am: |
|
diabhail ar bith! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 883 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 22, 2008 - 10:54 am: |
|
Úúú... ní heol dom gur mhaith liom casadh le diabhal, fiú amháin diabhal le Gaeilge! Ach má tá duine, nó aon neach tuisceanach eile, le bheith ann, cuireadh sé freagra anseo agus b'fhéidir go mbeidh seans againn teacht le chéile mar a rinne mé féin agus Seosamh s'againne anuraidh. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 130 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, October 22, 2008 - 12:11 pm: |
|
Ag brath ar chúrsaí oibre ag an am, beidh m'aird air ar a laghad ar bith agus an obair a bheith curtha díom le cúnamh Dé, beidh mé ann. B'fhusa fiafraí cé nach mbeidh ann! Pléaráca na Ruarcach, do chuala gach duine dá dtáinig, is dá dtiocfaidh, is dá maireann riamh beo - O Ruairc's feast shall ne'er be forgot by those who were there and by those who were not! Bhí Oireachtas eile Chorcaigh cúpla bliain ó shoin thar cinn. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 131 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, October 22, 2008 - 12:20 pm: |
|
|
|
An_dreoilín
Member Username: An_dreoilín
Post Number: 3 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, October 22, 2008 - 12:51 pm: |
|
A Abigail, a chara, Féach ar sceideal an Oireachtais - De hAoine 10/31 12.00 m.l. Seoladh Leabhair - Daltaí na Gaeilge 'Súil Siar', Cnuasach Aistí le Barra Ó Donnabháin, IONAD: An Halla Taispeántais, Óstán Rochestown Park Beidh dream Dhaltaí ann. Buail isteach, a chailín, beidh fáilte is fiche romhat ann. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 884 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 23, 2008 - 05:11 am: |
|
GRMA, a Dhreoilín. Cinnte go mbeidh mé i láthair ansin. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Danny2007
Member Username: Danny2007
Post Number: 134 Registered: 12-2007
| Posted on Tuesday, October 28, 2008 - 03:00 pm: |
|
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 891 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 09:01 am: |
|
Do bhíos ann agus ní rabhas cearnógach! Seans go mbeidh tuairisc níos faide á scríobh agam ar ball - táim báite in obair ó tháinig mé ar ais - ach déarfaidh mé an méid seo anois láithreach: an-time go deo a bhí a'ainn, agus má mheasann duine ar bith go mbíonn drogall ar chainteoirí Ghaeltachta bheith ag labhairt Gaeilge le foghlaimeoirí nó le coimhthígh, níorbh fhearrde é rud a dhéanfadh sé ná dul chun an Oireachtais. Ní raibh mé féin ach ar imeall an aonaigh mar a déarfá, agus fós féin níor bhraith mé aon ghanntanas comhrá nó comhluadair orm de ló ná d'oíche (ganntanas codlata, b'fhéidir, ach sin scéal eile!) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 892 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 10:02 am: |
|
Rud amháin eile de - bhuail gealt eicínt de bhunadh Thír Chonaill bleid orm ar an Aoine: http://dynamic.rte.ie/quickaxs/209-rte-rng-ronanbeo-Friday.smil (Ba chóir go mbeadh an nasc sin i bhfeidhm go dtí an Aoine seo chugainn... agus tosaíonn mo chuid comhrá-sa leis ag a 1:28 nó mar sin.) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 143 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 03:10 pm: |
|
Chuala mé thú ag caint an lá sin a Abigail agus déarfainn go raibh Rónán faoi iontas ag do chuid Gaeilge. An bhfuair tú do ghuthán ar ais? Bhí scéala ag Máirtín Tom Sheáinín ar Raidió na Gaeltachta lá amháin ansin go raibh do ghuthán aimsithe ag comhlacht an chairr fhruilithe. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 895 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 03:55 pm: |
|
An raibh? Caithfidh gur chuir siad glaoch air sin faoi, ó tharla a uimhirsean a bheith sa nguthán agam. (Súil agam nár bhadaráil siad Éamó agus Bono freisin...) Ar aon chaoi, níl sé agam go fóill ach fuair mé teachtaireacht inniu le rá go raibh siad tar éis é a chur sa bpost chugam. (Message edited by Abigail on November 04, 2008) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 145 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 05:08 pm: |
|
An-mhaith. Is maith sin. Féach go raibh an saol is a mháthair an taobh seo den deán ag iarraidh cuidiú leat, go bhfaighfeá do ghuthán ar ais. |
|