Aontam lenar scríobh Domhnaillín. Cupla rud eile :
quote:1. Páirt a ghlacadh i t-amhráin le geáitsí agus mím “Cá bhfuil Teidí”?
Cad chuighe ar chuir tú an abairt seo ar chuma chlásal ainm bhriathartha, agus na habairtí eile ins an aimsir ghnáthláithreach?
quote:4. Tógann an múinteoir teidí agus iarann sí ar na páistí a súile a dhúnadh. Cuireann sí teidí i bhfolach agus tosaíonn sí ag lorg teidí. Cá bhfuil teidí? Cuireann sí ceisteanna ar na páistí “Cá bhfuil teidí.
An úsáideann tú an focal "teidí" mar ainm dílis, nó mar ainmfhocal. I nGaeilg, don chuid is mó, is dóigh liom go n-abartar "teidí", mar ainmfhocal, mar sin thig leat "an teidí" (the teddybear) a ráidht.
Más ainm dílis agad é, ba chóra duid T mór a scríobh i dtús an ainm.
quote:5. Roghnaíonn an múinteoir páiste eile chun obair mar mhúinteoir. Cuireann sé teidí i bhfolach. Cabhraíonn an múinteoir leis/ léi chun ceisteanna a chur os comhair an ranga. Cuireann an múinteoir rudaí eile i bhfolach ( chóta, mála) agus déanann sí an rud chéanna.
...i bhfolach (cóta, mála) agus déanann sí an rud céanna.
(barraíocht séimhíoch agad ! :-) )