|
|
|
Author |
Message |
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 97 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, September 23, 2008 - 06:33 am: |
|
Is fíor é. Thosaigh an Béarla ag trá asam thimpeall 36 bliain ó shoin. Níos measa fós, thosaigh an Ghaeilg ag líonadh thar meon ionam! On an Irish language learner's board it is to be expected that the negative is overpowering due to the preponderance of English only speakers coming from the area with what may be termed a defeatist language attitude. Alarm, alarm, alarm all who may decide to 'face into Irish' and 'forsayke to their detriment that great blether of Ynglish tongue which speweth forth upon the wilde Irische, yeh, the very civilisation whiche doth redeem them'. Níl ansan ach mo chumadóireacht féin mar níl sa saol ach braistint ar an saol i ndáiríre! Amaidí. Ní hé gur chailleas an 'great blether' sin le himeacht na mblianta ach is féidir liom a rá nach bhfuil sé chomh lárnach sa saol Galltachta thart orm in Éirinn. Tá an saol ag athrú as éadan agus níl éinne in ann a rá le cinnteacht cén cineál saoil a bheas timpeall orainn faoi cheann fiche bliain, nó breis. Tá mé féin ag leagan amach ó thaobh na dteangacha go léir, go mb'fhéidir nach mbeidh sé chomh dona leis an gceithre fichead a chuaigh thart. I dtaca leis an gclár so, Daltaí na Gaeilge, caithfear lucht foghlama a mhisniú. Chuige sin, ní miste súil a choimeád ar an dream lagmhisnigh a thiocfas ar ruaig anseo agus súil acu chuile dhuine eile a tharraingt anuas ina n-umar lagmhisnigh féin. Níl aon mhaith ann, mar 'níl poll ar bith chomh domhain le poll an amhrais.' |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4148 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 23, 2008 - 11:09 am: |
|
quote:ní miste súil a choimeád ar an dream lagmhisnigh a thiocfas ar ruaig anseo agus súil acu chuile dhuine eile a tharraingt anuas ina n-umar lagmhisnigh féin. Níl aon mhaith ann, mar 'níl poll ar bith chomh domhain le poll an amhrais.' Abair é! Tá buíochas tuillte ag Abigail as labhairt amach ina aghaidh sin ar na mallaibh anseo. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Danny2007
Member Username: Danny2007
Post Number: 102 Registered: 12-2007
| Posted on Tuesday, September 23, 2008 - 11:46 pm: |
|
Smac_muirí, Your suggestions for increasing the number of active, fluent Irish speakers in the Gaeltacht? Or would you prefer to fiddle while Rome burns? Sincerely, - "English only speaker" |
|
Danny2007
Member Username: Danny2007
Post Number: 104 Registered: 12-2007
| Posted on Wednesday, September 24, 2008 - 01:02 am: |
|
For what it's worth, I'll be posting my thoughts on the numerous positive developments relating to Irish in the coming days. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 99 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, September 24, 2008 - 05:12 am: |
|
Fidléireacht níor samhlaíodh liom go fóill a Danny. Chaith mé trí uair an chloig le Gaeilg i measc na muintire thart orm inné ag cruinniú a reachtáladh go hiomlán i nGaeilg anseo i Liatroim (mar a chaith an tseachtain seo caite); thiomáin 14 míle amach ann agus 14 míle ar ais anseo aréir. Caithfidh mé iomlán Déardaoin agus Dé hAoine i dtaobh leis an sprioc chéanna, rud a bhéarfaidh mé go Cúige Mumhan ar mo chostas féin ach leathchostas leaba, bricfeasta agus dinnéar amháin, measaim. Beidh mé ar ais lár na hoíche Dé hAoine agus tosóidh mé leis an gcéad ríomhphost 'ar son na cúise' Dé Domhnaigh. Bheinn sásta aistriúchán Béarla ar an méid seo a roinnt le dalta Gaeilge mar a rinne mé abhus cheana, ach tharla gur léirigh tú dúinn faoi dheireadh nach mbeidh tú ag tabhairt faoin teanga, ní fiú liom an t-am a chur amú. Mar a scríobhas cheana tá an t-am róghairid. Fágfaidh mé fút féin an fhidléireacht mar san. Tá an saol ag dréim le do léaró dearfach ar na numerous positive developments. Má scríobhann tú amhlaidh, ar a laghad ar bith, ní bheidh tú ag lagan misnigh an dream daltaí abhus atá is a bheas ag iarraidh greim a fháil ar an teanga. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4152 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, September 24, 2008 - 11:45 am: |
|
Nár lagaí do lámh, a Sheosaimh... ar an roth stiúrtha ná ar an méarchlár! Bhí mé féin i dteach caife anseo aréir ag comhrá le triúr atá ag foghlaim na teanga. Tháinig duine amháin acu, ceoltóir óg (bodhránaí le bheith cruinn) agus ealaíontóir ( http://www.suibhne.com/) ar an mbus ó Tacoma, aistir sách fada. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 102 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, September 24, 2008 - 07:31 pm: |
|
Sin é an chaoi, treise leat agus leis an triúr a Dennis. Meabhraíonn aistir mo dhuine sin as Tacoma aistir eile dom, mar a bhí, aistir Sheáin Mhic Dhiarmada (1916) go Baile na gCléireach as a áit féin, An Corrán Mór. http://www.passport-breifne.com/Attractions/Attractionindetail.cfm/showme/32 http://www.youtube.com/watch?v=Q2JxWMiBCos&feature=related Bhí mé ag caint le hiníon a dheirféar tús na seachtóidí. Shiúileadh sé é, ach bhíodh síob aige le daoine thall is abhus. Ba shin an chaoi ag an am, dá mbeadh carr capaill nó carr asail agat go dtabharfá deis ag duine suí aníos in aice leat leis an mbóthar a ghearradh. Dúirt sí liom go mbíodh sé ag lorg Gaeilge san áit ó dheas, san ait a raibh na cainteoirí dúchais. Ní raibh an tsláinte ná an siúl rómhaith aige. Iarsma na himirce a d'fhág léaró ar 'A FHEADÁIN' mar so againn: http://www.youtube.com/watch?v=86tVmSyHZ90&feature=related Céad bliain ó shoin: http://hansard.millbanksystems.com/commons/1908/jul/20/extra-police-at-ballinagl era http://hansard.millbanksystems.com/commons/1907/jun/26/ballinaglera-boycotting-c ases Turasóireacht: http://www.walkingwildireland.com/index.php?service=ball18&pagid=rip1b00008&lani d=en&useid=gag1214648769h6 |
|
déiri.. (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, September 30, 2008 - 08:50 pm: |
|
|
|
|
|