quote:i gcúpla Gaeltachtaí
recte:
i gcúpla Gaeltacht Mar a dúirt mé cheana, tá an uimhir iolra le cloisteáil tar éis "cúpla" ("cúpla daoine", etc.), i measc foghlaimeoirí go háirithe, ach níl sé le moladh.
An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh, lch. 131:
cúpla - A couple. Cupla a deirtear. Níl ann ach cupla duine/ceann. An Teanga Bheo: Gaeilge Chonamara, lch. 256:
Is ionann cupla agus uimhir bheag éiginnte: cupla lá ó shin, i.e. dhá lá nó trí.