Author |
Message |
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 731 Registered: 09-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 08:10 am: |
|
Aréir dúirt John McCain in aimsir a óráid: "fight with me." ( béim ar with.) An mbeadh ceart "troidigí in éineacht liomsa" a rá? An gcuirfidh duine éigin Gaeilge air "fight with me?" Is ait an mac an saol.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7489 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 08:19 am: |
|
quote:An mbeadh sé ceart "troidigí in éineacht liomsa" a rá? Bheadh. Agus ní ritheann bealach níos fearr leis an smaoineamh ca chuir in iúl liom. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 732 Registered: 09-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 10:10 am: |
|
Agus ní ritheann bealach níos fearr leis an smaoineamh ca chuir in iúl liom. Ní féidir liom an ainmní an abairte sin a fáil. Mearraíonn cora cainte mé. An gcuirfeadh tú Béarla air, le do thoil? Idir an dá linn, ar mhaith leat McCain nó an dtograíonn tú leis a troid? Is ait an mac an saol.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7490 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 10:34 am: |
|
Agus ní ritheann bealach níos fearr leis an smaoineamh ca chuir in iúl liom And no better way of expressing the sentiment occurs to me. Maidir le do cheist eile, is fearr fanacht glan ar Pholaitíocht anseo! Níl lámh agam i dtoghchán SAM. |
|
Student
Member Username: Student
Post Number: 51 Registered: 07-2008
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 11:04 am: |
|
quote:Idir an dá linn, blah, blah.. Taitníonn an fóram seo thar cionn liom, ach beidh mé anseo ar ais tar eis na toghcháin. Slán. Is annamh an tseanmóir fhada nach mbíonn codladh ann.
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 733 Registered: 09-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 11:16 am: |
|
is fearr fanacht glan ar Pholaitíocht anseo! Tá an ceart agat, dar liom. Ní raibh mé ach fiosracht agam. Pé scéal é, is crua i nGaeilge a troid. (dom) Is ait an mac an saol.
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 734 Registered: 09-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 12:08 pm: |
|
Taitníonn an fóram seo thar cionn liom, ach beidh mé anseo ar ais tar eis na toghcháin. Slán. Ná himigh, a mhic léinn, a chara. Ní raibh mé ach a magadh le Mr. ÓhA., fear siochána. Is ait an mac an saol.
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 119 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 01:24 pm: |
|
Ná himigh, a mhic léinn, a chara. Ní dóigh liom go bhfuil sé in ann tú a chlos. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7491 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 02:45 pm: |
|
Más buan mo chuimhne, bhí raic polaitíochta agam le Pádraig ceithre bliana ó shin, trí thionoisc. Seans go raibh sé ag déanamh tagairt dó sin - agus gur cuimhin le Mac Léinn an raic úd chomh maith. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 735 Registered: 09-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 03:53 pm: |
|
Ní raibh sé liom, ach cuimhním na raiceanna ceithre bliana ó shin. Cuimhním go dúirt mé, "silim go chuala mé an foghar lámhainne fhada an lár a bulaladh." Ba an géillsineach Bush, agus ní raibh mé ach a magadh ansin freisin. Sheesh. Is ait an mac an saol.
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 120 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 04:08 pm: |
|
quote:"silim go chuala mé an foghar lámhainne fhada an lár a bulaladh." Cad é an bhrí atá leis sin? Tá aithne ar na foclaibh indibhidiúla agam, ach ní fheicim conas a bhaineann siad lena chéile. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7492 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 04:27 pm: |
|
Is dóigh liom gurbh é atá i gceist ag Pádraig ná fuaim láimhín fhada ag bualadh an urláir, i. dúshlán chun comhraic aonair á thabhairt. |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 121 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 04:40 pm: |
|
Ah, go raibh maith agat as an míniú, a Aonghuis! An focal Ultach "foghar"? Thógas é ar son litrithe éagsúil de "fómhar". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7493 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 04:44 pm: |
|
Níl fhios agam. Ní raibh sé agam. Níl aon nod in Ó Dónaill gur focal canúnach atá ann, agus tá sé ar fáil san Foclóir Beag. foghar [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] fuaim, glór. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7494 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 05:11 pm: |
|
Dála an scéil, is fearr "ar leith" a úsáid do "individual items" |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 736 Registered: 09-2004
| Posted on Friday, September 05, 2008 - 06:17 pm: |
|
Is dóigh liom gurbh é atá i gceist ag Pádraig ná fuaim láimhín fhada ag bualadh an urláir, i. dúshlán chun comhraic aonair á thabhairt. Bhí mé ag beartú "dúshlán chun" a rá, ach bhí athchomhair orm. Cuimhnigí, a daoine uaisle, go níl fíor Gaeilge agam. Foghlaimím leis féin. Ní labraionn aon duine liom in nGaeilge -- riamh! Deir mo Chlann: "níl an fear sin ceart!" Is ait an mac an saol.
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 122 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, September 06, 2008 - 01:00 am: |
|
quote:Bhí mé ag brath ar "dúshlán chun" a rá, ach bhí athchomhair orm. Cuimhnigí, a dhaoine uaisle, nach bhfuil fíor-Ghaeilge agam. Tá mé á foghlaim leis féin. Ní labraíonn aon duine i nGaeilge liom -- riamh! Deir mo theaghlach: "níl an fear sin ceart!" Ní raibh mé ag brath ar tú a lochtú, a Phádraig, ach níl ionam féin ach foghlaimeoir, agus nuair a bhíonn an teanga neamhchaighdeánach, is deacair liom an chiall a bhaint as. Ar an dea-uair dúinn, ní miste le Aonghus teanga a dhéanamh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7495 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 06, 2008 - 06:33 am: |
|
Anois nuair a smaoiním air, cé nach raibh an focal foghar agam, tá an focal foghraíocht agam. Is dócha mar sin gur focal atá i ngach canúint atá i "foghar" |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 737 Registered: 09-2004
| Posted on Saturday, September 06, 2008 - 11:54 am: |
|
Ní féidir greann aistriú. Áfach: go raibh maith agat as ucht do fhocail chineáltais. Níl an fhocal neamhchaighdeánach ag a lán foghlaimeora. Is ait an mac an saol.
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 642 Registered: 06-2007
| Posted on Saturday, September 06, 2008 - 08:06 pm: |
|
foghar =sound |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 738 Registered: 09-2004
| Posted on Saturday, September 06, 2008 - 09:43 pm: |
|
Is firic é sin. "The sound of a gauntlet striking the floor." = dúshlán. Is ait an mac an saol.
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 124 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, September 07, 2008 - 12:31 am: |
|
quote:foghar =sound Tháinig sin aon lá amháin mall, ach go raibh maith agat ar aon chaoi. |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 643 Registered: 06-2007
| Posted on Sunday, September 07, 2008 - 12:47 am: |
|
ó bhuel, aighl diust haibh tú ríad mór caerfulaí, nekst taighm |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 170 Registered: 10-2007
| Posted on Sunday, September 07, 2008 - 08:10 am: |
|
Bí cúramach a Bhearn/ (Message edited by Trigger on September 07, 2008) gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 34 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, September 07, 2008 - 10:38 am: |
|
Bhí alt suimiúil ar an Belfast Telegraph faoin Seanadóir Biden: Senator Biden comes from a Famine-era family, the Finnegans, who fled Co Mayo to avoid the Great Hunger. His great grandmother Finnegan was the only one who could read Gaelic and she used to read letters in Gaelic for those who could not read the letters from home. Cuireann sin iontas orm mar ní raibh scríobh na Gaeilge iontach coitianta san am. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 739 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, September 07, 2008 - 01:32 pm: |
|
Dúirt Antain: "Cuireann sin iontas orm mar ní raibh scríobh na Gaeilge iontach coitianta san am." B'fhéidir d'fhoghlaim a mhamó an Ghaeilge ar scoil scairte. Is ait an mac an saol.
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 742 Registered: 09-2004
| Posted on Monday, September 08, 2008 - 10:19 am: |
|
Nó scoil ghairid? This thread slipped off the radar over the weekend, and I resurrected it because I thought others might find the question of how early was the demise of Irish in America to be interesting. Is ait an mac an saol.
|
|