As I understand it this is a matter of debate and dispute, because these kind of constructions are atypical of Irish, rising for the attempt to put good Irish on English meamraiméis.
An Coiste Téarmaíochta recommends looking at the meaning:
http://www.acmhainn.ie/tearmai/seimhiu.htm Aonad trí ainmfhocal éiginnte
Má thagann trí cinn (nó níos mó) d’ainmfhocail éiginnte go díreach i ndiaidh a chéile, moltar iad a scagadh ó thaobh bhrí na n-aonad mar seo thíos:
1. Nuair is aonad brí an chéad phéire ainmfhocal agus go gcáilíonn an tríú hainmfhocal an t-aonad cuirtear na gnáthrialacha i bhfeidhm: scoil phobail – scoil phobail chathrach
2. Más aonad brí an dara péire ainmfhocal agus gur ainm briathartha nó focal gníomhaíochta an chéad cheann díobh sin, cuirtear sa ghinideach é:
lucht múchta tine, fear rite ráis, fear inste scéil, fear díolta páipéar, scéim rangaithe sonraí, córas bainistíochta sonraí, clár próiseála focal, Modh Anailíse agus Deartha Córas Struchtúra, treoir chuardaigh tábla
3. Más aonad brí an dara péire ainmfhocal agus nach focal gníomhaíochta an chéad cheann díobh sin, ní dhéantar infhilleadh ach ar an ainmfhocal deireanach, is é sin, más úinéireacht nó cineál ruda atá á chur in iúl:
bata fear siúil, beannacht bean siúil, doras teach ósta, díon teach pobail, sclátaí dín teach pobail, sos deireadh seachtaine, teach ceann tuí, sciorta ceann easna, geansaí muineál turtair, riarthóir bunachar sonraí, córas bainistíochta bunachar sonraí
Ach más feidhm aidiachtúil atá á cur in iúl, is é sin cineál ruda á shainiú, leanann séimhiú ainmfhocal baininscneach sa chéad áit:
léine bhean siúil, scoil cheann tuí