(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, July 05, 2008 - 03:38 am: |
|
Anuraidh, rinne mise is m'fhear céile cúairt go dtí an Ioruaidh ar saoire sa samhradh. Bhí gach rud an-chostasach. Mar sin, nuair a bhíomar thuas sna sléibhte, fuaireamar carr an-bheag ar cíos... Toyota Yaris. Bhí dhá dhoras aige, agus gléasra traiseolta ar lámh ("stick shift", mar a deirtear anseo i Meiriceá.) Rothaí beaga, agus ní raibh sé in ann iompar ach muidne agus ár gcuid bagáiste. Chuaigh m'fhear i gcion go mór ar an gcarr beag seo. Fuair sé 40 míle ar an ngalún de pheitreal. Níl rialaitheoirí truaillithe sa gcarranna san Ioruaidh. Ó Luan go hAoine, téann m'fear beagnach tríocha míle go dtí an scaglann ola ar a bhfuil sé fostaithe mar innealtóir cheimiceach. Creid nó ná creid é, ní dhéanann an scaglann seo brabús anois. Tá costas an ola úra an-ard, agus níl praghas an pheitril chomh ard a bheadh riachtanach dóibh le brabús a fháil uaidh. Deirtear go scaoilfear oibrithe chun bóthair i 2009 mura mbeidh athrú sa scéal. Táim cinnte go bhfuil sé ar eolas ar gach duine sa domhan go bhfuil an peitreal ag éirí costasach le déanaí. An tseachtain seo caite, chuaigh an fear amach ar lorg Yaris ach ní raibh fiú ceann amháin cosúil leis an gcarr san Iorua ar fáil sa chathair anseo. Sa deireadh, cheannaigh sé Hyundai Accent, carr beag agus dhá dhoras is gléasra traiseolta ar lámh aige. Tá súil agam go ngeobhaidh sé 35 míle ar an ngalún uaidh ar a laghad. |