Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7269 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 10:40 am: |
|
Bainigí sult as, sibhse ar an dtaobh eile den lochán! |
|
Maidhc_Ó_haodha
Member Username: Maidhc_Ó_haodha
Post Number: 8 Registered: 05-2007
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 11:56 am: |
|
Go raibh maith agat,a Aonghuis. Is maith liom a bheith le rá agam go beidh a lán craic inniu sa Stáit Aontaithe Mheiriceá. Happy July 4th to all! Maidhc Maidhc Ó hAodha FRC
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 778 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 02:23 pm: |
|
Agus cuid againn atá ar an taobh seo de freisin! Rinne mé iarracht an béile is nós linn sa mbaile don lá seo a sholathar dom féin: hamburger ar arán tí, sailéad fataí agus picil ag dhul leis, agus cheannaigh mé mealbhacán uisce fiú amháin (an ceann bá lú dá raibh sa siopa, agus mar sin féin is baol liom go mbeidh mé trí lá á ithe!) Bhí sé go maith mar bhia, ach an seanscéal arís eile: ní raibh sé inchurtha lenar dhéanadh mo mháthair agus mé óg! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 05:18 pm: |
|
Bainigí sult as, sibhse ar an dtaobh eile den lochán! GRMA a Aonghuis—Beidh ‘Feu d’artifice’ go leor le feiceáil lá inniu—Lá na Saoirse—sna Stáit Aontaithe Mheiriceá!—ach beidh na polaiteoirí gairmiúla ar saoire ina gcónaí…gan a bheith ag cuidiú le daoine a neamhspleáchas a bhaint amach as Tíortha is Táirgeoirí agus Onnmhaireoirí Ola(OPEC) Is róchuma leo!!…ní íocainn siad fóc phingine ar a gcuid peitril!! |
|