Author |
Message |
Tomás Arís (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 02, 2008 - 08:47 pm: |
|
D'fhoghlaim mé mo chuid Gaoluinne ar scoil agus ní bhfuair mé deis choíche dul go fíorghaeltacht ar feadh cúpla lá leis an dteanga a labhairt le daoinibh. Sula n-imím chun cónaí a bheith orm sa Téalainn, ba mhaith liom seachtain nó dhó dheiridh a chaitheamh ag labhairt theanga mo mhuintire. Teastaíonn uaim dul go gaeltacht nach labhraítear Béarla ann, gaeltacht ina labhraíonn na daoine Gaoluinn le chéile an lá ar fad. Chuas go dtí an Rinn i bPort Láirge cúpla bliain ó shin ach níor chuala mé ach Béarla sna siopaíbh is sna tithe tábhairne. Is í Gaoluinn na Mumhain an chanúint is fearr liom, agus bhíos ag smaoineamh go mba ceart dom dul go gaeltacht i ndeisceart Chiarraí. Cén ghaeltacht is ceart dom dul chuici sa Mhumhain? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2448 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, July 03, 2008 - 02:03 am: |
|
Má theastaíonn bhuait Gaelainn a chlos ó dhubh go dubh, ceapaim gurbh fhearr duit dul go Toraigh nó go ceann desna hoileáin Árann. Chuala ná raibh mórán fíor-Ghaeltacht fágthaithe i Mumhain, faraor. Ach bhíos-sa i dToraigh agus tá a fhios agam ná labhraíonn mhuintir na háite mórán Béarla. Bhuel, tá Béarla aca, ach ní labhraíd siad ar an oileán é. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 542 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, July 03, 2008 - 02:53 am: |
|
:)))))) Mo mhíle gairm thú, a Lughaidh!!!!!!! An-fhear!!! 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7262 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 03, 2008 - 06:02 am: |
|
Tá pócaí laistiar den Daingin a bhfuil an rud céanna fíor futhu, go hairithe sa Gheimhridh. Ach beidh an áit ag cur thar maoill le turasóirí anois. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 543 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, July 03, 2008 - 07:19 am: |
|
An maith leat cuairt a thabhairt ar Inis Oírr? Níl an Ghaeilge atá gá labhairt ann ar aon dul le Gaeilge na Mumhan, ach pé scéal é is í an chanúint is cóngaraí dhi dá bhfuil ann anois atá chomh beo bríomhar agus a bhíodh. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4019 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, July 03, 2008 - 02:35 pm: |
|
Tá súil agam go gcloisfidh muid tuilleadh uait tar éis duit cur fút sa Téalainn, a Thomáis. Tá muidne scaipthe ar fud an domhain, mar atá a fhios agat. Is breá an rud é go bhfuil an teach tábhairne "díchollaithe" seo ar fáil dúinn. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 7 Registered: 05-2008
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 08:04 pm: |
|
Bhíos ag smaoineamh go rachainn go hiardheisceart Chiarraí ach nílim ag lorg áit atá lán le turasóirí! Má théim go háit a bhfuil neart turasóirí inti, an mbeidh na cainteoirí dúchais ag labhairt níos mó Béarla? Ba mhaith dul go háit inar féidir liom fanacht i mBisB, nó i dtigh b'fhéidir muna bhfuil an cíos ró-ard! Áit ina bhfuil na dúchasaigh cairdiúil leis na daoinibh a thagann le Gaoluinn a labhairt leo! Moltaí ag éinne? Inis Oírr b'fhéidir? An gcaithfidh mé an mhórthír a fhágáil? |
|