Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7221 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 06:25 am: |
|
Cén traslitriú a dheanfadh sibh ar an t-ainm seo go Gaeilge? Андрeй Р. Шабалинъ Tá lámh bheag agam i leabhar ilteangach, agus is mian le fear na Rúisíse go ndeanfaí traslitriú cuí ar a ainm. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 524 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 08:58 am: |
|
Is roimh an mbliain 1918 a rugadh do dhuine, de réir dealraimh… Aindreigh R. SeabaleanЪ 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7225 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 10:38 am: |
|
Tá litir coireallach amháin fágtha ann agat, Peter. An Seabalean ba cheart a bheith ann i nGaeilge? (Schabalin atá san traslitriú Gearmáinise) Is dócha gur Aindréas R. Seabalean is ceart, má ghlactar les an nós leagan Gaelach den ainm a chuir isteach (mar a d'iarr sé is cosúil). Cén baint atá ag 1918 leis an scéal? An sloinne réamh reabhlóideach Шабалинъ? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2443 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 01:42 pm: |
|
Seabáilíon... Níl "Seabalean" ceart ó thaobh an litridh dó (caol le caol...) agus go bhfios domh ní mar [i] a fhuaimníthear "ea" i nGaeilg... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3977 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 10:28 pm: |
|
quote:Cén bhaint atá ag 1918 leis an scéal? Rinneadh an litir dheireanach sin a dhíothú (a liquidateáil}? a phurgeáil?) sa bhliain sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 958 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 05:23 am: |
|
Tá barr feabhais ag teacht ar do chuid críól, a Dhe'n Fhios! ;-) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 525 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 06:38 am: |
|
В точку, Dennis! BTW Tá dealramh i bhfad níos ársa ag Андреи Шабалинъ (“и” in áit “й”), to achieve complete authenticity. Seabailean ba cheart dhom a scríobh, ach is cinnte go mbraitheann sé ar chanúint na Gaeilge a chuirtear ar an leagan Rúisise, agus an bhéim atá ar an tsloinne seo i mo theanga. Ba mhaith liom béim ar an dara siolla ach is féidir í a chur ar an gcéad cheann ón tús. Más maith leat Gaeilge Thír Chónaill a úsáid, tá ceann Lughaidh thar barr, dar liom - beidh guthaí gearra sa chuile áit insa bhfocal mar atá sa Rúisis agus “timbre” ceart ar an ngutha deirigh – [i]. A Lughaidh, chuir mé traslitriú de réir na “seanscoile” – [i] gan bhéim ar lorg consain chaoil. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 960 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 08:57 am: |
|
Cén chanúint na Rúisise is gnáth a chur mar thraslitriú ar ainmneacha Gaeilge, ní mé? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 526 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 09:58 am: |
|
Mar is gnáth, thríd an mBéarla a theaganns dor isteach. Tá Hochdeutsch na Rúisise againn anseo, ceart go leor. Is é d’úsáidtí le traslitriú a chur. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3978 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 10:20 am: |
|
quote:bh tóit-cu :-) Tá mé ag smaoineamh le déanaí go mba chóir dom an Rúisis a athfhoghlaim. Cloisim í sách minic sna bólaí seo agus bheinn in ann úsáid a bhaint aisti... le Igor is Vladimir is Sergei, mar shampla, atá ag obair ar theach sa chomharsanacht, á athchóiriú. Beannaím dóibh agus mé ón gcosán, ach i mBéarla. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 527 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 11:04 am: |
|
An áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair, tá cuid mhaith Poncáin fostaithe ann a bhfuil Rúisis réasúnta maith acu. Tá ráflaí ag goil thart go bhfuil cúlra CIA ag an mórchuid acu. An chuid eile den dream Poncánach, is ar éigin atá siad chomh maith céanna. Tá an chosúlacht ann go bhfuil cúrsaí spiaidóireachta togha le haghaigh an teanga seo a’inne a fhoghlaim i Meiriocá. Tá a fhios agat, b’fhéidir, go bhfuil téacsleabhar na Rúisise do lucht na Gaeilge ann. Níl ann ach bunábhar, ach is dócha go mbainfeá suim aisti. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3980 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 11:15 am: |
|
Téacsleabhar i nGaeilge? Dáiríre? Cé a scríobh? Cén teideal atá air? Cá bhfuil sé le fáil? Feicim gur scríobh mé "Beannaím dóibh agus mé ón gcosán". Meascán de "agus mé ag dul thart" agus "ón gcosán" atá ann! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 528 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 11:45 am: |
|
'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 529 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 12:08 pm: |
|
http://www.philol.msu.ru/~school/sem_irish_texts.htm Tá siad seo le fáil anseo (saor in asce), agus tá i bhad níos mó ann, aistriúcháin den bhéaloideas Rúiseach atá in cuid acu. (Message edited by peter on June 17, 2008) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2444 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 08:49 pm: |
|
quote:A Lughaidh, chuir mé traslitriú de réir na “seanscoile” – [i] gan bhéim ar lorg consain chaoil. Somplaí ? "ea" gan bhéim = [ə] (nó [a] amannaí), chan [i] ná [ɪ]... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 962 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 08:05 am: |
|
"Mar is gnáth, thríd an mBéarla a theaganns dor isteach. Tá Hochdeutsch na Rúisise againn anseo, ceart go leor. Is é d’úsáidtí le traslitriú a chur." maith thú, a Phíotair. ( ach cad tá i gceist agat le "dor"?) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 530 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 08:50 am: |
|
quote:( ach cad tá i gceist agat le "dor"?) Seo focal do theanga-sa, nach ea? Nach mise ba cheart an cheist seo a chur ortsa céard sa deabhal é “dor”? :) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 964 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 09:02 am: |
|
Ach ós rud gur tharraing tusa anuas é.... |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 531 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 09:24 am: |
|
“Siad” atá i gceist. D’fhás an fhoirm chanúnach seo ón triú pearsa iolra san aimsir chaite, guir i gcás, “bhíodar” agus isteach léithe san aimsir láithreach. Mar /dor/ a fhuaimnítear í agus aiceann ar an bhforainm nua-chruthaithe seo. -> “… a thagann siad” Cheap mé go mbeadh Dennis nó duine eicínt eile sásta freagra na ceiste seo a thabhairt ort, tá an dream seo eolach ar chúrsaí na teanga. (Message edited by peter on June 18, 2008) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 965 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 09:29 am: |
|
Gabh mo leithscéil, a Phíotair, ach níl mé ar lucht adhartha na gcanúintí nó is fairsing mo chuid aineolais. ;-) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 532 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 09:43 am: |
|
Tá tú ceart. Ós rud é go bhfuil do chuid Gaeilge thar a bheith go hiontach (sé sin uaireanta ní féidir liom faic na fríde a thiscint dá bhfuil tú a rá, gan foclóir ) bhí súil agam go bhféadfá an tomhas canúnach seo a scaoileadh. (Message edited by peter on June 18, 2008) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 967 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 12:07 pm: |
|
"uaireanta ní féidir liom faic na fríde a thuiscint dá bhfuil tú a rá.." Dar ndóigh, sin an moladh is mó atá le fáil i nGaeilge! ;-) "...gan foclóir " maith thú as an dua a chuir ort. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2445 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 01:33 pm: |
|
Pléadh an t-ainmfhocal "dor" in An Teanga Bheo: Gaeilge Chonamara. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 03:48 pm: |
|
Is deas liom na scéalta thuas a Peter, grma. |
|