quote:Luddach mé sna cúrsaí seo.
Agus mise, uaireanta. Níl fón póca agam, cé go bhfuil iMac agus iPod agam. Déanta na fírinne, ní maith liom a bheith ag caint ar an nguthán... agus feictear dom gur saghas "iall" atá ann. Is breá liom a bheith saor ó cheisteanna, ó iarratais, ó ghiob-geab agus mé amuigh sa saol.
An fhadhb atá leis an
Kindle ná ní féidir dul isteach i siopa -- an Mac Store atá "Village" anseo, cuir i gcás -- agus do lámha a chur air, tiomáint thrialach a bhaint as. Tá Sony Store sa Village agus tá leabhar leictreonach acu freisin, an
Sony Portable Reader. Bhain mé triail as. Suimiúil, ach níor thit mé i ng(r)á leis.