"We’re still very proud of our traditions and we’ll still very much respond when asked to go back to buying Irish,” she said. ‘‘We can see that, even with the appeal of the Irish language, and homegrown brands can do well from that. If you look at Barry’s Tea, there’s a brand that people have stuck by since their parents bought it.”
Ní fhaca mé aon Ghaeilge ar lipéad Barry's riamh. An féidir cur ina luí orthu beagán Gaeilge a thaispeáint ar na pacáistí? An bhfaca tú Paned Gymreig ~ Welsh Brew riamh? Tá an pacáiste céad faoin gcéad dátheangach:
"Paned Gymreig"? Rud nach dtuigim ná cén fáth gur "Gymreig" atá ann seachas "Cymreig" mar ba chóir, dar liomsa, ó tharlaíonn an focal "paned" (= panaid, cwpanaid) a bheith firinscneach. An botún é seo, nó an bhfuil cúis éigin leis nach dtuigim? Aon Bhreatnaiseoirí amuigh ansin a bheadh in ann é seo a shoiléiriú dom?
Mo leithscéal nach mbaineann an cheist seo le cúrsaí margaíochta. Nó b'fhéidir go mbaineann: ná déantar margaíocht i dteanga Cheilteach mura bhfuil an ghramadach ina ceart agat!