Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3861 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 11:44 am: |
|
Michael Thompson asked about the sudden demise of my old "Focal an Lae" site a week or so ago. Caoimhín Ó Donnaíle at Sabhal Mòr Ostaig has been able to rescue most of the site from oblivion, and is working on recuperating the rest of it. It is now at: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/ "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, May 25, 2008 - 02:56 pm: |
|
Is mór an gar é sin a Dennis. Is iomaí uair a sheolas daoine chuig Móradh an Muice len a gcur ag gáire agus obair thromchuiseach éigin ar na bacáin againn: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/ Ba mhór an cailleadh eolas an tsuímh sin a scaoileadh uainn go brách. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3869 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 25, 2008 - 04:55 pm: |
|
Níl Móradh na Muice ag obair fós, ach dúirt Caoimhín liom go bhfuil sé ag obair air. Is cosúil go raibh an html atá laistiar de "gu mór chun tosaigh ag an am sin" (deich mbliana ó shin), ach go bhfuil sé "i bhfad ó bheith de réir chaighdeáin an lae inniu". "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, May 25, 2008 - 07:07 pm: |
|
Is fíor duit. Leag mé an saighead air gan a bhrú is ghlacas leis go raibh gach mar a bhíodh. Go raibh rath ar an deasú. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3872 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 25, 2008 - 08:04 pm: |
|
Fuair mé an teachtaireacht seo ó Chaoimhín anois díreach: quote:Tchífidh tú go bhfuil baill na muice ar ais anois :-) cé go bhfuil obair le déanamh agam orthu go fóill. Ach faraor, an pictiúir, "WyethJ_portrait.jpg" a ba chóir a bheith ag: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/docs/pig/snout.html níl scéal air anois. Níl ná ar an fhuaim a ba chóir a bheith ag: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/docs/pig/mouth.html Tá mé cinnte go gcuirfidh Caoimhín chuile rud ina cheart go luath, bail ó Dhia air. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, May 25, 2008 - 08:19 pm: |
|
Is maith an scéal. Is maith áiseanna mar é a bheith ar fáil ag an saol Fódlach is ag an saol fuíollach leis! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3873 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 26, 2008 - 12:06 pm: |
|
Tá an mhuc ar a seanléim (a sean-únfairt?) arís! http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/ (Under "Features") quote:an saol fuíollach Is maith liom an uaim, ach níl a fhios agam an maith liom an bhrí, ós sa "saol fuíollach" atá mise: the left-over world, the world of the odd bits and scraps ?!? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 26, 2008 - 08:35 pm: |
|
Is maith go bhfuil an saol faoi shó is an mhuc sa chró. Tuigim duit a Dennis. Ag gáire a bhíos nuair a leagas é sin isteach. Ar son na huama amháin a rinneas é chomh maith. Is cuimhin liom a bheith ag lorg seanchainteoirí Bhaile Uí Locháin laistigh de Chathair na Gaillimhe deireadh na n-ochtóidí, maidin Sathairn amháin. Tháinig mé anuas den rothar ag ceann de na seantithe san áit. Bhí teach ceann tuí, cúpla seanteach eile, clós feirme agus roinnt páirceanna timpeallaithe ag an gcathair. Shiúlas isteach sa pháirc chuig fear a bhí ag obair ar inneall tarracóra. "God bless the work" a dúras leis ag ligean orm féin nach mbeinn ag súil le Gaeilge na Gaeltachta ag fear den seanbhunadh i gcuid de Chathair na Gaillimhe. Bhaineas Gaeilge bhreá as roimh i bhfad agus tá an-mheas agam ar an bhfear céanna ó shoin agus ar an dearcadh láidir a bhí aige i leith na Gaeilge. Fuair sé bás c. 1990. "Fuíollach Gaeilge" a bhíodh ag muintir na háite a dúirt sé liom, ach bhí ciall an-dearfach leis aige, mar a bheadh 'dúthracht' ag duine eile. 'An-mhear' ag tagairt do luas chainte, mar a bheadh 'an-tiubh' agus 'an-sciobtha', 'go han-achmair', 'an-ghasta', 'ana-thapaig', ag daoine eile. Féach sinne abhus sa 'Ghalltacht'! Cloisim daoine a rá 'iar-Ghaeltacht' anois leis an ngoimh a mhaolú ann. Chuala mé fear Gaeltachta ag cur in éadan an leagan 'Galltacht' mar mheas sé go raibh Gaelachas faoi leith dá chuid féin ag roinnt áiteanna Galltachta. Ar mhodh, is féidir a mhaíomh go bhfuil an Ghaeltacht san áit a bhfuil cuisle na teanga ag coipeadh in aon duine amháin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7149 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 27, 2008 - 06:32 am: |
|
quote:Ar mhodh, is féidir a mhaíomh go bhfuil an Ghaeltacht san áit a bhfuil cuisle na teanga ag coipeadh in aon duine amháin. Gan amhras. Meon atá i gceist le Gaeltacht agus Galltacht, seachas tíreolas. |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 06:44 am: |
|
Sin é a Aonghuis. I réimsí na haigne a mhaireann Éire chaoin. Ach sinn a bheith seiftiúil mar dhream daoine, d'fhéadfaimis ábhar machnaimh a thabhairt don Ghalltacht, i ngar is thar lear. |
|
Liam_fitz
Member Username: Liam_fitz
Post Number: 9 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 05:32 pm: |
|
Thanks Dennis, your site was a great help in getting me starting in Irish! |
|