mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (May - June) » Archive through May 30, 2008 » Cad is cainteoir dúchais ann? - What is a native speaker? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 238
Registered: 04-2007
Posted on Monday, May 19, 2008 - 07:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

This is from me blog. - gaelgannaire.blogspot.com.

I am reposting it here because I ran a wee survey on the blog to get opinions and I am now going to soon bring it to an end.

Please vote! and you can pick more than one option, just like real Irish elections.

Heres what I think ...

Is é an dóigh a bhfuil rudaí in Éirinn inniu ná gur féidir le páiste le Gaeilge uilig acu a bheith ann, gan focal Béarla ina a phluc, ach gan a bheith ina chainteoir dúchais Gaeilge ag an am ceánna.

* kids can be monoglot Irish speakers without being considered native Irish speakers!

Más fíor buan an ráiteas sin, ní féidir athbheochan na Gaeilge ar chór ar bith. Smaoinigh air ar feadh soicind. Múna féidir linn cainteoirí dúchais úra a chruthú tá an cath caillte go hiomlán.

* if that is true then clearly no revival is possible.

De bhrí gur luaigh mé an tearma ‘Athbheochán’, feumfaidh mé rud éigin a rá faoi, seafóid atá ann, chan fheil athbheochan de dhíobháil orainn, tá Gaeilge fós beo, is é athneartú ab chóir a bheith i gceist againn. Más renaissance an ciall atá le hathbheochan is dócha nach dochar é ach tuigeann lucht an Bhéarla revival ann, rud nach bhfuil riachtanach go fóill – tá an Ghaeilge bheo.

* I oppose the term revival, I favour 'restrenghtening'.

Tuigeann cuid mhór daoine a bhfuil an Ghaeilge acu mar chead teanga an deacracht seo. Títear dom gurb fearr leo ‘tógadh le Gaeilge mé’ a rá ná ‘is cainteoir dúchais mé’.

* many first language Irish speakers prefer to say, 'I was reared with Irish rather than I am a native speaker.

Mar sin, tá na millte daoine ann a tógadh le teanga agus a bhí aonteangach tráth dá raibh, nach féidir a rá gur cainteoirí dúchais iad de bhrí nach labhraíonn siad canúint thraidisiúnta Ghaeltacht éigin, fiú dá dtógadh iad sa Ghaeltacht!

* there are thousands of people who were monoglots as children but who cant claim to be natives!

Caithfidh muid stop a chur leis an dóigh smaointeoireachta seo, dá mba rud é gur tógadh le Gaeilge thú, is cainteoir dúchais tú. Seans nach cainteoir dúchas Ghaoth Dobhair, Dhún Chaoin, nó Ros Muc thú ach is cainteoir dúchais Gaeilge thú go fóill.

* this has to stop

Níl mé a rá nár cheart idirdhealú a dhéanamh ó thaobh cúrsaí acadúla de, ach sin an t-aon áit ab chóir go mbeadh sé. Ar an ábhar sin, nach bhfuil sé in am do mhac léinn éigin staideár a dhéanamh ar Ghaeilge na gCathrach mar is ceart?

* academic differention is a slightly different matter

Tógann an idirdhealú seo leithscéal do na ‘gníomhairí’ Gaeilge seo nach dtógann a gcuid páistí le Gaeilge, ‘sure I’m not a native speaker’. Cacamais. Mar sin, is furasta a aithint nach gcuidíonn an nós seo le hiarrachtaí leis an teanga a neartú.

* It lets alot of people of the hook.

Beatha teanga í a labhairt – le páistí. I ndeireadh na dála, níl in achan rud eile ach ‘aguisíní’ mar a dearfa. Sea, tá sin conspóideach ach an féidir a bhréagnú? Éistibh, is féidir a bheith ag eagrú rudaí beaga, ag crochadh comharthaíochta, ag teagasc Gaeilge, ag bunú Gaelscoileanna fiú ach ní dhéanann sé pioc difear má theann tú na bhaile chun páistí a thógáil le Béarla.

*speaking Irish to children gives a language life, everything is is window dressing.

Caidé sin a dúirt tú? Níl tú i do chónaí sa Ghaeltacht? Ní cainteoir dúchais thú? Níl Gaeilge ag do bhean? Níor mhaith leat do pháiste a bheith difriúil? Níl do chuid Gaeilge maith go leor? Seo leithscéalta leamha amaideacha na nÉireannach lag gallda coilínithe.

*excuse, excuses, excuse.

Éirímis ón sclábhaíocht intleachtúla seo. Labhraímis Gaeilge le páistí na hÉireann.

*speak Irish to kids.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, May 19, 2008 - 07:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chaith mé súil ar do bhlag a Ghaeil agus thug mé guth do thrí cinn de na roghanna a leag tú amach romhainn den chainteoir dúchais. Tógáil le Gaeilg sa Ghaeltacht nó in áit ar bith.

Molann an obair bhlaig sin tú. Ní beag a bhfuil déanta go deimhin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 241
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 04:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Plenty of people have voted, a few days left, some strange results but?

Ar people who got IME native speakers?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bearn
Member
Username: Bearn

Post Number: 569
Registered: 06-2007


Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 08:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

It's not for Irish I fear, but for the dearth of intellectual faculty that such debates uncover

sold!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 10
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 08:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá scríofa ag Gaelgannaire. Má tá Gaeilge agat cibé áit ina bhfuil tú i do chónaí in éirinn nó thar lear tá deis ann Gaeilge a bheith mar phríomhtheanga sa baile.Fiú muna bhfuil Gaeilge ag do pháirtnéir labhair Gaeilge leat fhéin leis na gasúir agus an duine eile Béarla nó Sínis nó cibé teanga. Tá fimíneacht den chéad scoth ag baint le daoine atá Gaeilge acu ach gan a bheith sásta é a úsáid lena cuid gasúir. Tá cinneadh déanta agam clann a thógáil le Gaeilge amach anseo. Ní raibh an dara rogha agam ceachtar a labhairt agus mé i mo aois óg.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

David ME (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, May 23, 2008 - 09:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

how do you analyse the title of this thread:

"Cad is cainteoir dúchais ann?"

GRMA

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, May 27, 2008 - 04:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Should have been:

Cé hé an cainteóir ó dhúchas?

me thinks...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3882
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, May 27, 2008 - 08:02 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad is cainteoir dúchais ann? = Who is a native speaker.

Cé hé an cainteóir ó dhúchas? = Who is the native speaker.

Not the same at all, a fhir ón Litotúain.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3884
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, May 27, 2008 - 09:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Two typos in the above:

1) What is a native speaker? = What constitutes a native speaker?

2) Liotúain

Maidir leis an anailís, seo agat í, focal ar fhocal:

Cad is cainteoir dúchais ann?

what * that is * speaker * of-natural-connection * in-it ?

It might seem enough just to say "cad is cainteoir dúchais?" = what is a native speaker?, without adding "ann". This idiom requires "ann", however, when the question is a matter of definition... one might even say a "philosophical question". Compare:

Cad is ombudsman ann? (What is an ombudsman?)
Cad is Gael ann na laetha seo? (What is a Gael these days?)
Cad is eitinn ann? (What is tuberculosis?)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2426
Registered: 01-2005


Posted on Tuesday, May 27, 2008 - 11:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Teangaidh dhúchais, sin an chéad teangaidh a d’fhoghlaim tú agus a labhair tú.
Casadh domh cupla Éireannach a d’úrt gur cainteoirí dúchais iad (agus deich meancóg in achan abairt as a mbéal), agus le fírinne, d’úrt siad gur ar scoil a d’fhoghlaim siad Gaeilg. Níor chóir "teangaidh dhúchais" a mheascadh le "céad teangaidh oifigiúil do thír dhúchais"...

An duine a d’fhoghlaim Gaeilg ar scoil, ní cainteoir dúchais é, is cuma cé acu arb as Éirinn nó as tír eile é.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Trigger
Member
Username: Trigger

Post Number: 118
Registered: 10-2007


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 07:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaím leat a Lughaidh, is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta na hÉirinn sin an fáth go mbíonn cúpla daoine a ráidht go bhfuil an Ghaeilge teanga dhúchais acu agus níl focal Gaeilge acu...

(Message edited by trigger on May 28, 2008)

gaeilgeoir.blogspot.com

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

David ME (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 07:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

grmma,

Is an-shuimiúil an ábhar seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 256
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 08:56 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is spéisiúil an t-ábhar seo.

Aontaím ar ndóigh le Lughaidh ar ndóigh, "Teangaidh dhúchais, sin an chéad teangaidh a d’fhoghlaim tú agus a labhair tú" ach tuigeann muid nach mar sin atá in Éirinn ach cá bhfios amach anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7151
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 10:47 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceist agam ar na teangeolaithe.
Labraímise Gaeilge le mo ghasúir.
Labhrann mo bhean Gearmáinís.

Tá focail as an dá theanga ag m'iníon (atá anois 18 mí).

Tuigeann sí freisin go bhfuil dhá theanga aici: má fhiafraíonn mé di "Céard é seo" gheobhaidh mé freagra i nGaeilge de ghnáth. Muna bhfaighim, má chuirim an ceist arís, gheobhaidh mé freagra i nGaeilge.

Cad é a teanga dúchais? An dtig le duine níos mó na teanga dúchais amháin a bheith acu?

Ag an aois sin, ní dóigh liom go dtagann an teanga pobail i gceist (Béarla, lasmuigh den teaghlach agus níos déanaí scoil, i gcás m'iníon!)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 514
Registered: 01-2006


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 12:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach dóigh leat, Aonghus, gur rud scántrúil é gasúr a thóigeáil le leath-theanga, mar déarfá, ar nós Gaeilge mar a chéad teanga? Théis an tsaoil, is mór an difear idir teanga láidir lán-fhuinniúil, mar Béarla nó an Rúisis, a labhairt leis an leanbh agus an mhion-teanga a bhraitheanns go mór ar theanga eile mar fhoinse. Tá aithne agam ar dhaoine a rinne a bpáistí a thóigeáil le Esperanto, cuir i gcás, agus ar ndóigh tá an Ghaeilge dhúchais cosúil le Esperanto, ar mhodh, sa lá atá inniu ann. Cineál bláth gan an fód nádúrthach le fás ann iad an dá theanga. Níor mhaith liom, cuir i gcás, ach mo theanga féin a labhairt le feairín óg mar gheall ar gur cainteoir dúchasach (i dteannta don líofacht) mé agus chuile chineál scéal agus focal agam a bhaineanns leis an dúchas agus leis an Rúiseachas, rud nach bhfuighfeá théis an t-am ar fad a chaitheamh sa Rúis, cuir i gcás.

Seanphort atá seanchloiste agat atá ann, cinnte, ach ar aon dath tá an cheist seo chomh spéisiúil sin mar gheall ar an rogha a dhéananns tú i ngan fhios do do leanbh féin. Tá mé a cheapadh dhá mbeadh an rogha seo le déanamh agam, sé sín idir an Ghaeilge agus Béarla, agus mé i mo leanbh, mh’anam nach nglacfainn le Gaeilge an lae inniu!

(Message edited by peter on May 28, 2008)

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 515
Registered: 01-2006


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 12:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Caithfidh sé go bhfuil sí ina simultaneous bilingual ag an am seo.

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2427
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 04:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Ceist agam ar na teangeolaithe.
Labraímise Gaeilge le mo ghasúir.
Labhrann mo bhean Gearmáinís.

Tá focail as an dá theanga ag m'iníon (atá anois 18 mí).

Tuigeann sí freisin go bhfuil dhá theanga aici: má fhiafraíonn mé di "Céard é seo" gheobhaidh mé freagra i nGaeilge de ghnáth. Muna bhfaighim, má chuirim an ceist arís, gheobhaidh mé freagra i nGaeilge.

Cad é a teanga dúchais? An dtig le duine níos mó na teanga dúchais amháin a bheith acu?



Thig, ar ndóighe. Dheá theangaidh, nó trí, amannaí. Beidh dheá theangaidh dhúchais ag do níon.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7152
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 05:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Peter,
tá súil agam gur ag magadh atá tú?

quote:

gasúr a thóigeáil le leath-theanga,

?

Tá an nasc idir teanga teaghlaigh, teallaigh agus pobail casta....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 02:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An Ghalltacht a bhfuil mé féin anseo Peter, níl snámh rómhaith ag an mBéarla féin ann. Na sléibhte is na bailte fearainn thart orm fad m'amhairc, is traslitriúcháin Ghaeilge iad. Ghlaoigh Béarlóir orm anois díreach, Béarlóir nach labhraíonn Béarla liom in am ar bith. Gaeilg a labhair sé arís anois. Na gasúir a thógtar le Gaeilge san áit seo, dá ngainne iad, tá dúchas na háite thart orthu agus is é a chloisfeas siad as béal an Bhéarlóra féin sna bólaí seo go mion minic i rith an lae.

Is mór idir sin agus gasúr a thógáil leis an Easparaintis nuair nach bhfuil macalla dá laghad Easparaintise thart i logainm ná i sloinne ná i bhfoghar ar bith eile.

Céard tá sa nGalltacht féin ach coinceap agus is mór idir é agus 'iar-Ghaeltacht', ach sheasfadh an dara ainm don chuid is mó den tír abhus chomh maith leis an gcéad cheann. Go deimhin féin, cloisim daoine ag roghnú an dara ainm d'aon aidhm ina gcuid cainte go minic.

Féach Milwaukee, Wauwautosa is Waukeegan Mheiriceá agus mar san i dtíortha éagsula trasna an domhain. Ba dheacair don Easparaintis, dá fheabhas í mar theanga, theacht aníos le haon chompal cruinne a mbeadh a cuid macallaí i measc an phobail ann go fochomhfhiosach mar iad súd.

Go dtí go gcruthóidh Easparaintiseoirí an Easparantacht (as a sparán féin!) ar troigh gan tuairisc éigin, beidh siad dá uireasa sain, an cúlra.

Ar son na hEasparaintise a bheinnse!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 257
Registered: 04-2007
Posted on Thursday, May 29, 2008 - 04:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chan fhuil Galltacht ar bith in Éirinn, fiú san áit is galldaithe, tuaisceart an Dúin, tá teaghlaigh Gaeilge ann, tá bráinse láidir den conradh ann, tá ranganna ann agus tá an oidhreacht logainmneacha Gaeilge chomh láidir is a bheadh sé in áit ar bith isa tír seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2428
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, May 29, 2008 - 06:52 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gaelgannaire > bhfuil tú dáiríre?
Más leor ainmneacha áiteach Gaeilge le Gaeltacht a bheith ann, is tír Cheilteach ar fad Sasain: tá na mílte ainmneacha Ceilteacha áiteach i Sasain. Agus is tír Cheilteach (Gallach) an Fhrainc fosta siocair go bhfuil na mílte ainmneacha áiteach Gaillise inti.

Ba chóir duit cuartú cad é an rud "Gaeltacht", a chara. Ní leor na hainmneacha áiteach ná cupla foghlaimeoir le Gaeltacht a bheith ann !

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 258
Registered: 04-2007
Posted on Thursday, May 29, 2008 - 08:52 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Ba chóir duit cuartú cad é an rud "Gaeltacht", a chara."

Ba chóir dom go cinnte, muise chan fhuil a fhios agam beo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 767
Registered: 06-2006


Posted on Thursday, May 29, 2008 - 10:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is iomaí léamh atá ar an bhfocal céanna. Tá chuile shórt ó "áit a aithnítear de réir Acht eicínt" (léamh dlíthiúil) go "áit a bhfuil na Gaeil i réim" (léamh sanasaíoch). Ach cé hiad na Gaeil céanna más ea? Nó cé mhéid den "réim" ar cheart a bheith acu le go measfaí an áit ina Gaeltacht? Braitheann an freagra 'ceart' go mór mór ar an gcomhthéacs.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7156
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 29, 2008 - 10:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An triú léamh a bheadh agamsa.

Meon aigne múnlaithe ag an dteanga agus an litríocht agus béaloideas innti.

Sin an Fhíor Ghaeltacht!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3896
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 29, 2008 - 11:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Greamaitheoirí:

Gaeltacht Bheag an Carr Seo
... an Teach Seo
... an Ceann Seo

Greamaitheoir beag le cur ar do chlár éadain an tríú ceann!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 517
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, May 29, 2008 - 02:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aonghus,

Níor thosaigh mé ar an gcaint seo ach mar gheall air gur chuir mé fíor-spéis insa méid a luaigh tú thuas ach mara dtaithníonn leat an méid atá mé a scríobh, abair leat agus cuirfidh muid stop air sin.

“Natural language acquisition” atá i gceist agam, is cuma faoi chuile chuineál coincheap eile, teanga an phobail, teallaigh, agus rud ar bith eile. Molaim do chuid Gaeilge agus do chuid eolais ar chúrsaí teanga agus gach rud, ar ndóigh, agus ní ag gearradh anuas nó ag déanamh ionsaí ort atá mé. Ach théis an tsaoil, is mór idir do chuid Gaeilgesa, Aongus, agus cuid Gearmáinise de do bhean chéile, nach dteagann tú liom? Bunús ar fhás bhur gcuid “language competence” as, an Ghaeilge as an gcliabhán, nach bhfuil agat, sala ndéanfaidh mé dearmad, a fheabhas is atá do chuid Gaeilge, ar ndóigh. Anois, ní dheirim gur droch-rud atá in páiste a thógáil leis an dara teanga atá ar do thoil agat ach, d’fhéadfá a rá, tá mé aimhreasach faoi. Ar fiú é, níl mé cinnte. As “linguisitic relativity” a d’fhás an t-aimhreas, an chaoi a n-aireoidh feairín nó beainín óg an saol seo thrína gcéad teanga, agus ní maith liom experiments leis sin agus ní ghlacaim ach le caoi nádúrthach, mar sin an teanga atá ag mo mhaime agus ag mo dheaide is í an teanga a bheadh ag mo ghasúir.

Maidir le gasúir a tóigeadh le Esperanto, cuireann an sompla de chailín amháin scantradh orm i gcónaí, céard sa deabhal atá sa gcloigeann aici? Meabhair arb é Esperato é a bunú, an bhfuil sí ar nós mise agus thusa? Tá cinnte, ach is fíor gur mór an difear idir a dearcadh artificiúlta sise agus ár ndearcadh muide ar an saol seo, an chaoi a smaoiníonn muid ar rud, a roghnaíonn rudaí, a dtugann meas ar rud. An chuid is mó den tsórt sin, tá sé bunaithe ar choincheapa do chéad teanga agus tá go leor fianaise air seo ar ndóigh.

Gaeilge an lae inniu, idir Ghaeilge na Gaeltachta agus an Ghaeilge nua, ní mhaireann an dá rud gan Béarla, sin é an fáth ar thug mé leath-theanga uirthi. Maith nó olc, ní hé atá i gceist, sin reality. Is cuma cé acu atá agat, aistriúchán focal ar fhocal ón mBéarla nó Béarla é féin i do chuid Gaeilge. Níor mhaith liom teanga scoilte a bheith ag mo ghasúr, “níl mé in ann reach-áil é” as béal cainteoir dúchais arb as Gaeltacht í, den ghlúin Gael óg. Ach seo é “natural language acquisition” de chuid Gaeilge an lae inniu, agus dhá bharr sin is fearr Béarla ná Gaeilge bhriste, dar liom.

(Message edited by peter on May 29, 2008)

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 518
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, May 29, 2008 - 02:11 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

dhá bharr sin is fearr Béarla ná Gaeilge bhriste, dar liom.



Mar do chéad teanga, ar ndóigh =) Dhá mbeadh sé sin i gceist agam, bheinn ag scríobh i mBéarla!

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7158
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 29, 2008 - 04:51 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ach tá Gaeilge ón gcliabhán agam - is léi a tógadh mé!

Agus níl seans dá laghad nach mbeidh Béarla aici, ós é sin an teanga pobail sna bólaí seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 29, 2008 - 09:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sciorradh méarchláir a d'imigh ort a Peter, déarfainn, ach ní dóigh liom go dtuigeann a leath den saol Éire ná a hiompar teangan.

Bheannaigh mé as an gcarr do níos mó daoine inniu ná an méid ar labhair mé leo. Ina measc, bheannaigh mé do lorraí a raibh beirt ann, tochailteoir, dhá veain agus carr ar an bportach. Beirt eile faoi bhealach roimhe sin, thógadar clann le Gaeilg sa mBruiséil is bhog ar ais go hÉirinn. (Cainteoirí dúchais Béarla iad an lánúin sin, ach rinneadar gnaithí.) Labhraíos Béarla ar fad le bean an tsiopa agus labhraíos a leath is a leath le fear ar an nguthán. Bhí leathanach iomlán Gaeilge sa Leitrim Post a cheannaíos sa siopa céanna, dála an scéil, ní hionann is nuachtáin áitiúla sna ceantair Ghaeltachta. Fuaireas trí cinn de théacsanna Gaeilge, ríomhphostanna Gaeilge agus aon téacs amháin Béarla is aon rfost Béarla. (Tháinig an-chuid rfostanna Béarla nach raibh dírithe orm.) Ceann de théacsanna an lae inné, ba spéis le fear a theacht ag gróigeadh móna liom d'fhonn cur lena chuid Gaeilge!

Muintir an Bhéarla féin, ní féidir leo éalú ó fhocail Ghaeilge ar nós Carrowcrin, Greagnafearna, Tullynascreena, Carnagulcha, Drumahaire, Dromore, Killenummery, Killavoggy, Tullycoly, mar tá siad ina gcónaí (nó ag obair ar an mbogach) sna ceantair sin. Is mó a thagann na bailte sin liom ná leis an duine nach bhfuil an Ghaeilg aige. Bean Ghaeilge a cheannaigh isteach i nDroim Mór, dúirt sí liom gurbh fhearr léi anois ainm cosúil le Cill an Bhogaigh, Cill an Iomaire, nó Grág na Fearna, ná an seoladh atá aici. Airíonn sí dúchas na Gaeilge níos treise sna cinn a bhfuil aonad ainmfhocail an ailt iontu.

An i mBéarla nó i nGaeilg a bhím ag cuimhneamh is mé ag beannú do dhaoine amach ar fhuinneoig an chairr nó ar shiúl ar an mbogach? Déarfainn go bhfuil an Ghaeilg thart liom 95% den lá anseo agus seobh í Galltacht na hÉireann.

Anois an té a bhfuil cur amach aige ar Ghaeltacht na hÉireann mar atá, an bhfaighidh sé níos mó nó níos lú Béarla in aon lá ansúd ná a bhfuaireas féin thart anso inniu? Sin í an cheist is fiú a chur.



©Daltaí na Gaeilge