Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7078 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 08:31 am: |
|
Bhíos ag dul tríd staisiún na bPiarsach i Rae an Iarthair inné nuair a thug mé faoi ndeara fógra ar an siopa níocháin éadaí ann ag fogairt go raibh Gaeltacht bheag ann. Labhair mé le mo dhuine ann inniu. Bhí sé measartha líofa. Ana mhisneach aige ag cuir suas fógra mar sin, agus ag tarraingt cancrán mar mise air fhéin! Ní raibh an oiread sin ama agam - bhí traen le fáil agam. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 291 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 08:58 am: |
|
Ar dóigh amach! Ar ndóigh tá 'Gaeltacht' bheag na Tríonóide in aice láimhe agus, le paisinéirí cosúil leat fein a Aonghuis, ba cheart go meallfadh an fógra Gaeilge daoine isteach chuige. Gach rath ar an siopa. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 406 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 09:50 am: |
|
Ar fheabhas. Cén áit go díreach? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7081 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 10:26 am: |
|
San áirse nuair a théann tú isteach san staisiún. Os do chomhair amach nuair a bhíonn do thicéid cuirthe agat tríd na hinneal mhallaithe úd. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1430 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 07:27 pm: |
|
Tá go maith. Agus is fíor go bhfuil ag éirí maith go leor le Iarnród Éireann ó thaobh na Gaeilge de... níos fearr leis An Post pé scéal.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7089 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 08, 2008 - 06:18 am: |
|
Sin toisc go bhfuil Sasanach i bhfeighil orthu! Fear le misneach - taistealaíonn sé ar an DART é féin. Labhair mé leis uair amháin toisc go raibh botún áiféiseach ar na fograí ar bhord - Traein ag dul ó thuaidh go Bré agus ó dheas go Mullach Íde. Agus d'éist sé liom, agus cuireadh rudaí ina gceart. |
|