Author |
Message |
Danny2007
Member Username: Danny2007
Post Number: 54 Registered: 12-2007
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 03:30 pm: |
|
Doon hween? Doon queen? Something completely different? Please note that I'm not familiar with IPA nor can I respond to messages in Irish only as I'm only a beginner. Just looking for a phonetic transcription which will get me very close to the correct local pronunciation. GRMA |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7045 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 04:02 pm: |
|
The "ch" can be heard. I'm no good at transliterating, hopefully somebody else will chip in. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7046 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 04:08 pm: |
|
Danny e-mail me at aonghusoh ag gmail ponc com and I will send you a clip of Bab Feirtéar saying Dún Chaoin. |
|
Danny2007
Member Username: Danny2007
Post Number: 55 Registered: 12-2007
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 04:44 pm: |
|
Done. Thanks! |
|
déiridh (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 05:17 pm: |
|
or, if you'd like, corkonian michael (not to be confused w/ the mayo man)will get you there alright... http://www.youtube.com/watch?v=Y5c5HMmacjQ |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 524 Registered: 06-2007
| Posted on Saturday, May 03, 2008 - 12:35 am: |
|
Why no help from Donegal? Cén fáth nach rabh aon chuidiú ó Thír Chonaill? (Message edited by Bearn on May 03, 2008) le díol
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2406 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, May 03, 2008 - 02:55 am: |
|
Roughly: doon KHeen (KH = Scottish ch in "loch") [d̪ˠuˑnˠ ˈχɰiːnʲ] Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7048 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 03, 2008 - 05:00 am: |
|
quote:correct local pronunciation. Tá Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne, ní in Ultaibh! Sin ráite, feictear dom go bhfuil leagan Lughaidh gar dó. |
|
Danny2007
Member Username: Danny2007
Post Number: 56 Registered: 12-2007
| Posted on Saturday, May 03, 2008 - 12:37 pm: |
|
Appreciate the responses. I believe I've got it now, thanks to Aonghus. In English, is it generally Dunn-QUINN? |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 103 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, May 03, 2008 - 01:22 pm: |
|
I'd say Dunn KWINN. Tír gan teanga, tír gan anam.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7049 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 03, 2008 - 02:10 pm: |
|
I'd agree with Trigger on the english. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2408 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, May 03, 2008 - 06:32 pm: |
|
I thought the English forms of Gaeltacht place-names had been replaced by their Irish forms in all documents... :-) By the way, I never wondered how you pronounce Dunquin... I just say Dún Chaoin all the time :-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7056 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 04, 2008 - 08:26 am: |
|
Don't recycle that myth please, Lughaidh! There are people with whom it is simpler to use the corrupted form, especially after le recent rows in that corner. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3758 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 04, 2008 - 12:36 pm: |
|
Is suimiúil an rud é go bhfuil daoine ann a bhfuil Gaeilge den scoth acu a bhaineann úsáid as an "English form" dá sloinne i gcónaí: Kim McCone, Damian McManus, Angela Bourke, cuir i gcás. Tá a gcuid Gaeilge i bhfad níos tábhachtaí na a sloinnte. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2410 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, May 04, 2008 - 12:52 pm: |
|
quote:Don't recycle that myth please, Lughaidh! Níl ’s agam ab é miotas atá ann: is anseo féin a léigh mé ’n rud sin, mar sin más bréag é, chan mise is ciontaí ! Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7058 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 04, 2008 - 02:08 pm: |
|
Nílimse i bhfabhar an nós seo ainm amháin a bheith ag duine i nGaeilge agus ceann eile i mBéarla. Rud amháin is ea ainm. Maidir leis na hainmneacha sa Ghaeltacht: (2) Where the Minister makes a declaration under section 32 in respect of a placename in a Gaeltacht area, the English language version of the placename shall no longer have any force and effect as on and from the operative date but without prejudice to anything done before or after that date including the use of that version other than its use — (a) in any Act of the Oireachtas passed after the operative date or any statutory instrument made after that date under any Act, (b) in such maps prepared and published by or with the permission of Ordnance Survey Ireland as may be prescribed, or (c) on a road or street sign erected by or on behalf of a local authority. Sé sin le rá, is i gcás a & b agus c amháin nach bhfuil feidhm leis an leagan Béarla. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 410 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 10:17 am: |
|
I was recently asked by an American for directions to Dún Chaoin. He pronounced it "DUNkin" Cheap mé gurb taoschnó a bhí uaidh |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2413 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 01:35 pm: |
|
quote:Nílimse i bhfabhar an nós seo ainm amháin a bheith ag duine i nGaeilge agus ceann eile i mBéarla. Rud amháin is ea ainm. Seidh, ach is mar sin a tharlas a’ scéal i gcuid mhaith do thíortha ’n domhain (sna tíortha ina bhfuil níos mó ná teangaidh amháin, nó ina bhfuil canúintí ’tá difriúil go leor ón teangaidh oifigiúil). Anseo sa Bhriotáin, bíonn trí leagan in áiteachaí: leagan Fraincise, leagan Briotáinise (cupla leagan difriúil féin, amannaí!) agus leagan Gallo. Ach chan minic a tchíthear comharthaí sna trí theangaidh in éineacht. Cib bith, in Éirinn is dócha gur dheacair leis na daoiní ar bheagán Gaeilge, nó leis na daoiní nach bhfuil Gaeilg acu, na hainmneacha sin a dh’fhuaimniú (gan trácht ar na turasóirí as tíortha iasachta). Cad é mar a d’fhuaimneochadh Meiriceánach "Gaoth Dobhair" ? An dtuigfeadh Éireannach cad é ’n t-ainm atá i gceist? Níl mé cinnte ! Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7073 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 04:47 pm: |
|
Ní air logainmneacha a bhí mé ag caint, ach ar ainmneacha daoine. Maidir leis na turasóirí, an deacra do thurasóir ón Fhrainc, abair, Gaoth Dobhair nó Gweedore? Cloisim anseo iad go mion minic ag streachailt le leithéidí Howth. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2415 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 07:03 pm: |
|
Ceart go leor, maidir leis na hainmneacha daoiní, tá sé giota beag difriúil. Go díreach, bhí mé féin agus mo chailín a’ labhairt fá na hainmneacha a bheirfeas muid donár bpáistí, agus ar ndóighe, más ainmneacha Gaelacha a bheirfeas muid daofa, roghnóchaidh muid iad do réir mar atá siad sofhuaimnithe do Fhrancaigh. ’S iomaí sin páiste anseo a dtabhrann a thuismitheoirí ainmneacha Meiriceánacha daofa (amharcann siad barraíocht ar an teilifís!), agus níl ’s acu féin an dóigh cheart le iad a dh’fhuaimniú. Agus go dtí lá a mbáis, cha gcluineann siad ach drochfhuaimniú ar a n-ainmneacha. Maidir leis na hainmeacha áiteach: Ar ndóighe, níl ann ach cupla duine sa Fhrainc a bhfuil ’s acu cad é mar a d’fhuaimneochaí "Gaoth Dobhair". Seo an dóigh a deirfí an corr-Fhrancach [gaɔt dɔbɛʁ]: chan aithneochadh Gael ar bith é... Maidir le Howth, is dóigh liom go n-abróchadh ’n corr-Fhrancach [aos] nó [os]. Ní bheadh sé ábalta h ná th a dh’fhuaimniú. Dé mar a fhuaimneas na Gaill "Dún Laoghaire" in Éirinn? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 526 Registered: 06-2007
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 10:32 pm: |
|
mas buan mo chuimhne, beadh sé 'dun leery' le díol
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7076 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 08:24 am: |
|
Bímse leery ceart go leor nuair a chluinim iad á rá. quote:roghnóchaidh muid iad do réir mar atá siad sofhuaimnithe do Fhrancaigh Sin a rinne muide freisin, ach gur Geramáinis a nbhí i gceist. Tá comhghleacaí ón mBriotáin agam a bhfuil Ronán mar ainm air - sin ceann! Dár ndóigh, bhí roinnt manach Éireannach a d'fhág al org ar an Fhrainc, agus ar an mBriotáin; ach is minic claochló ar a n-ainmneacha. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2416 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 12:31 pm: |
|
Seidh. Go díreach, bhí mé ’smaoiteamh ar an ainm "Ronan" fá choinne bhuachalla. Ainm Briotánach agus Gaelach (ar tús) atá ann. Is cuma liom má tá duifear beag eadar an dá leagan, cib bith, bainfidh muid úsáid as an leitriú Fhraincise fá choinne na rudaí oifigiúla, agus sa bhaile bainfidh muid úsáid as an leagan Ghaeilge nó as an leagan Bhriotáinise, do réir na teangtha a bheas muid a’ labhairt ag an am sin. Bhfuil ainmneacha eile mar sin ar eolas agad? Fá choinne chailín fosta ? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7083 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 03:56 pm: |
|
Bhuel, ní mo chuid Fraincise thar mholadh beirte. Mholfainn duit an leabhar seo d'fhail http://www.amazon.com/Irish-Names-Children-Patrick-Woulfe/dp/0717106977 |
|