Author |
Message |
Ruairí_Ó_tuathail
Member Username: Ruairí_Ó_tuathail
Post Number: 5 Registered: 01-2008
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 07:33 am: |
|
I have a question. I saw this sentence: An féidir leat cuidiú leom mo mhála taistil a iompar? I looked up cuidiú, which means help, but it is a verbal noun. I would like to know if you always use a verbal noun in this kind of sentence construction. For example: An fédir leat múineadh leom a rince Can you teach me to dance If this is correct how do then say: can you teach me to dance well or better. Any help would be appreciated. I always find it hard to make my own sentences in irish, because the sentence structure differs so much from Dutch and English. Thanks, Rory |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2402 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 07:36 am: |
|
I'd say: An féidir leat cuidiú liom mo mhála taistil a iompar? An féidir leat rince a mhúineadh dom(h)? But there may be other ways to translate the 2nd one. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7038 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 08:24 am: |
|
An féidir leat rince a mhúineadh dom or An féidir leat múineadh dom conas rince An féidir leat múineadh dom conas rince níos fearr You need the conas (how to). I think. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3751 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 10:30 am: |
|
Nílim thar a bheith sásta leis an dara rogha ("conas rince"). Braithim go bhfuil dul an Bhéarla air... nó rudéigin. Tá An féidir leat rince a mhúineadh dom? i bhfad níos fearr ar aon nós, feictear dom. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7041 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 10:31 am: |
|
Tá. Ach bhí mé ag lorg bealach chun "dance" agus ansin sa mhúnla céanna, "dance better" a chuir in iúl. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3752 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 10:32 am: |
|
An féidir leat feabhas a chur ar mo chuid rince? (??) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7043 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 10:35 am: |
|
Ach cá bhfuil an múineadh ansin? An rud a ritheadh liomsa ná An féidir leat cuidiú liom feabhas a chur ar mo chuid rince? Ach tá sé sin gan múineadh chomh maith... |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2404 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 12:57 pm: |
|
Aontam le Dennis. Níl ’s agam cad é an chéad uair sa stair a baineadh úsáid as frásaí mar "conas + ainm briathartha", ach tá mé chóir a bheith cinnte nach bhfuil sin sean agus nach n-abróchadh duine ar bith é muna mbeadh ach Gaeilg aige. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 756 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 01:01 pm: |
|
Is dóigh liom go bhfaca mé in "Peig" é. Cuartóidh mé é anocht má bhíonn an t-am agam. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2405 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 01:29 pm: |
|
I'm after having a quick look at Ó Dónaill’s and De Bhaldraithe, and I didn't find any mention of "conas" used that way... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Grumpí Óld Fógí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 02:30 pm: |
|
'An féidir leat múineadh dom conas rince' iz perfektlí gud Yrish. In fact, it iz preferabil to 'An féidir leat rince a mhúineadh dom' bíkáz dat iz lyklí to bí misinterpretid az 'kan yú tích mí A dants', which wud bí a diferint rekwest. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3753 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 02:54 pm: |
|
Tá mé díreach tar éis "fhios agat conas" a chuardach le Google. Fuair mé samplaí ar nós: An bhfuil a fhios agat conas pianó a choinneáil i dtiún? Druid anso i leith go mbeadh fhios agat conas é bhogadh agus do scaoileadh gach am go mbeadh call leis," arsan Gabha Geal Bán. Tomás Ó Criomhthain a scríobh an dara sampla http://homepage.eircom.net/~gfg/blascaod.htm Tháinig an chéad sampa ó Cholin Ryan. (Níl a fhios agam cé hé.) http://www.feasta.ie/2007/meitheamh/alt4.html Ach -- agus ní féidir liom é seo a mhíniú -- níl mé ró-chompordach le: An bhfuil a fios agat conas rince. Cén fáth a bhfuil mé ag braiteoireacht anseo? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3755 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 03:35 pm: |
|
quote:An bhfuil a fios agat conas rince. Seo iarracht ar fhreagra ar mo cheist féin. Ní gá é sin a rá. Tá abairt níos simplí ann, mar atá: An bhfuil rince agat? Agus má tá rince áirithe i gceist: An bhfuil an rince fada agat? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 496 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, May 04, 2008 - 03:22 am: |
|
Cén mhaith (dhuit) a bheidh ag déanamh imní? Cén chaoi le é a dhéanamh? – Sin dul na Gaeilge. Is féidir ainm briathartha a úsáid ar lorg focla ceisteacha ach uaireanta (cuir i gcás “cén chaoi”) tastaíonn uait réamhfhocal a chur isteach chomh maith (ab é atá i gceist anseo ná gurb é “ellipse” a theaganns ó “cén chaoi atá ann le é a dhéanamh”?). 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|