mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (March- April) » Archive through April 24, 2008 » Ar ais ón nGaeltacht (le cúpla seachtain anois...) « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 728
Registered: 06-2006


Posted on Sunday, April 20, 2008 - 01:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Thug mé cuairt ar Ghaeltacht Chonamara níos luaithe sa mí seo, agus tar éis dom a theacht ar ais scríobh Peter:
quote:

Meas tú an bhfuil sé de spás a’d cúntas gearr a thabhairt uirthi (i dtéad eicínt níos caoinfhulangaí don Ghaeilge)?



Dúirt mé go ndéanfainn agus fáilte, agus rinne mé mo dhícheall - rinne, i ndáiríre! - ach bhí ag dul rite liom cúntas "gearr" a dhéanamh ná rud ar bith mar é. Nuair a thug mé iarracht bhí an toradh tur leadránach go deo (dar liom féin, fiú amháin, agus is mise a mhair an ceithre lá aoibhne sin!)

Seo cúntas sách fada, mar sin, agus cead bhur gcinn agaibh skippáil ar aghaidh chuig na pictiúir!
http://www.irishgaelictranslator.com/translation/viewtopic.69014.html

Má tá fonn pléite ar aon duine tá mé breá sásta é a dhéanamh anseo - ní ag iarraidh sibh a bhréagadh go suíomh eile atá mé! - ach cheap mé go mbeadh sé chomh maith agam an nasc a bhreacadh seachas an aiste uilig a chóipeáil.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3676
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, April 20, 2008 - 08:41 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Má tá fonn pléite ar aon duine tá mé breá sásta é a dhéanamh anseo.

Scríobh tú: na céadta claíochaí [...] Tuige gur tógadh an oiread seo acu?

Chun an talamh a shaoradh de chuid de na clocha? Chuala mé gur tógadh a lán de na claíocha i Sasana Nua ar an ábhar sin.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 729
Registered: 06-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 05:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

D'fhéadfadh gurb ea. Níor dheacair é a chreidiúint maidir leis an taobh ó thuaidh den oileán, áit a bhfuil mórchuid na gcloch bainte de na goirt de réir dealraimh. Ach ar an taobh ó dheas, idir Dún Dúchathair agus na poill shéideáin, chuirfeá ceist ort féin ar saothar in aisce é, agus na carraigeacha fós chomh fairsing is atá siad. Tá i bhfad níos mó de gach gort ansin faoi chloch ná mar atá faoi fhás.
D'fhéadfá trí nó ceathair de chaoirigh a ligint air ach sin an méid, déarfainn. Ní dóigh liom go bhféadfá fataí a chur ansin ar chor ar bith. Coirce b'fhéidir - níl sé sin ró-choitianta mar ar tógadh mé agus níl mórán eolais agam ina thaobh.

Ach más amhlaidh go mbíodh i bhfad níos mó daoine ar an oileán fadó, b'fhéidir nach raibh a ndóthain acu ón dea-thalamh. agus go mbíodh orthu caoirigh nó coirce a chur ins gach áit a raibh seans go mairfidís.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6964
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 21, 2008 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

De réir mo thuiscint, saothar gan críoch is ea na clocha a bhaint de pháirc, toisc go dtagann siad in íochta bliain i ndiadh bliana.

Is cinnte nuair a bhíothas ag curadóireacht sna goirt nach raibh na clocha chomh fairsing, toisc lucht an oileáin a bheith ag déanamh creafóige, agus ag bogadh clocha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 476
Registered: 01-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 07:19 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar miste le aonduine scéal Abigail se’ainne a chóipeáil agus paestáil anseo? Tá an clár plé úd ar cheann de na suíomhanna nach bhfuil cead agam a oscailt ar an ríomhaire oifige se’amsa =((

Ceartúchán: “caoinfhulangach ar rud”

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6967
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 21, 2008 - 08:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Déanta! Ach gan eagarthóireacht ar bith, seachas giota Béarla a bhaint as.

Tá a fhios agam gur píosa fada é seo - ach chaith mé ceithre lá sa nGaeltacht, agus b'iad mo chéad cheithre lá riamh inti. Bhí an oiread sin d'eachtraí agam! 500 focal in aghaidh an lae - níl sé sin barrúil, an bhfuil? Níl ansin ach focal gach tríú nóiméad...
Ar aon nós, más áil le haon duine dul caol díreach chuig na pictiúir, tá sé dhá dtrian den bhealach síos - agus tá an giota beag faoin teanga féin ag an deireadh. Cuimil an focal "Béarla" síos ansin más Béarla atá uait.


Right, chuala sibh faoi thús m'aistir cheana féin ó Eoin, mar sin ní bheidh mé do bhur mbodhráil arís leis sin. D'eitil mé go Baile Átha Cliath, bhí dinnéar agam in éindí le cara, chaith mé an oíche i mbrú óige, agus maidin Déardaoin thug mé m'aghaidh siar ar an nGaeltacht. (Béarla)

Chaith mé dhá oíche ansin i mB&Bs Gaelacha, oíche Déardaoin ar an Sruthán agus oíche Dé Sathairn sa Spidéal, agus oíche amháin i dteach lóistín ar Inis Mór. Seanlanúnacha a bhí i mbun an dá B&Bs, agus ba dheas mhuinteartha na daoine iad uilig. Tugadh isteach sa gcistin mé "le breathnú ar an lotto" nó "nó go gcloise muid cén sórt aimsir a bheas ann amárach", agus bhíomar triúr ansin go ham luí, ag déanamh comhluadair is ag cur an tsaoil trí chéile. (Béarla)
Dála an scéil, deirimse leat nach mbíonn gortaíl ar bith sna mná tí seo! Nuair a thiocfainn isteach sa tráthnóna, d'iarrfainn cupán tae, thairgfí "sailéad" dom ina theannta agus dá ngéillfinn don sailéad ba bheag nach béile iomlán a chuirfidís romham; mar an gcéanna arís ag am bricfeasta, agus cúpla ceapaire le breith liom "más ag siúl a' bhóthair a bheas tú." Ba mhaith an mhaise dom an siúl céanna dá mbeinn ag ithe mar sin gach lá! (Béarla)

Tine mhóna a bhí acu sa sorn 'tigh Pheig (b'in é an B&B ar an Sruthán) agus chuir mé spéis inti sin chomh maith leis an gcomhrá a bhí ar siúl. Níor láimhsigh mé móin riamh roimhe sin, ná ní fhaca ach uair amháin, agus é trí thine cheana féin an uair sin. (Béarla)

Ar aon nós, nuair a chuaigh mé a chodladh faoi dheireadh chodail mé go sámh, bhí mé i mo shuí moch go leor ar maidin, agus tar éis bricfeasta maith a dhéanamh (nár laga Dia thú, a Pheig!) thug mé an bus soir go Ros a'Mhíl agus an bád ó shin go hInis Mór. Ar an mbád chas mé le beirt seanleaids as Inis Oírr agus chuir siad caint orm. (Béarla)
"'Tú 'dhul amú?"
"Tá. Lá breá atá ann, nach bhfuil?" agus lean an chaint ó sin.
Bhí Gaeilge ó dhúchas ag an mbeirt, ar ndóigh, agus féith an ghrinn iontu chomh maith. Lig siad orthu ar dtús nár chreid siad gurb as Meiriceá mé. "Ara, níl an chuma sin ort, a stór. 'S féidir liom na Yanks a aithint i gcónaí. Níl an chuma sin ort." "Seans nach labhraíonn siad Gaeilge leat de ghnáth. Dá n-osclóinn mo bhéal as Béarla ní bheifeá in amhras!" Ach níor oscail - bhí mé ag baint an oiread taitnimh as Gaeilge a labhairt, agus go háirithe as í a labhairt mar ghnáth-theanga, le stráinséirí seachas le lucht m'aitheantais amháin. (Béarla)
Bhí duine acu ag iarraidh focal a mhúineadh dom a bhain go háirithe le Gaeilge Inis Oírr - dúirt sé nach gcloisfí é ar Inis Mhór fiú amháin - ach níor éirigh liom litriú a shamhlú leis agus tá sé ligthe i ndearmad agam. Ní fhanann focla nua i mo chloigeann mura bhfuil litriú agam orthu, faraor. (Béarla)

Nuair a bhain muid cuan Chill Rónáin amach, chuaigh mé chuig an Oifig Fáilte le fios a chur ar leapa, rud nach raibh socraithe agam roimh ré. Fuair mé spás i dteach lóistín darb ainm "Ard Éinne." Dúradh liom go raibh Gaeilge ag bean a' tí, agus b'fhíor e, ach thóg sé tamall maith sula raibh muid á labhairt go rialta. Ar dtús nuair a chuirfinn ceist uirthi i nGaeilge, d'fhreagródh sí mé agus ansin iompódh sí ar an mBéarla arís. Leanfainn í go múinte, agus bhainfinn triail eile as i gceann cúpla nóiméad, nuair a bhíodh ceist shimplí eile agam le cur uirthi. Cheap mé gurb ise a bhí ar bheagán Gaeilge agus cheap sí féin gur mise a bhí! Ach tar éis dúinn é sin a réiteach chas muid ar an nGaeilge go hiomlán agus ní raibh aon deacracht ag ceachtar againn. (Béarla)
Teach lóistín a bhí ann seachas B&B, so ar ndóigh ní raibh an seans céanna agam ar chomhluadar, ach bhí idir seomra agus bricfeasta go han-mhaith - agus is dócha gurbh fhearr dom codladh ná suí fada sa gcistin ar aon nós, tar éis dom a bheith ag siúl lasmuigh ar feadh an tráthnóna. (Béarla)

Maidir leis an oileán féin: caithfidh tú rud a thuiscint. Bíonn stuff sna goirt in Indiana. Mura mbíonn barr eicínt orthu bíonn fiailí ag fás, leithéidí ragweed agus pigweed, na plandaí a bheireann fianaise nach fada ó bhí curaíocht anseo. Nó bíonn féar agus beithígh air, nó scáthlán agus cothaitheoir i gcoirnéal amháin ag cur in iúl gur ghort d'ainmhithe atá ann. (Béarla)
Ar dheisceart Árann bíonn féar: gannfhás féir aille agus clocha thríd, na leacrachaí leathana glasa ag déanamh bheag de na céadta claíochaí a roinneann an áit ina páirceanna cloiche is ina goirt chloiche is ina garraithe cloiche. Tuige gur tógadh an oiread seo acu? Cén mhaith é an claí nach ndaingníonn ach ábhar claíochaí eile? Ach tá na claíochaí ann, síorchomharthaí don "lámh nach maireann", ag cur le fios nach fásach amach is amach í an iargúil seo, dá fhásaí anois í. Mar sin an té a mbreathnódh orthu, bhéadh sé i gcónaí ag súil le rud eile - teach, cró, caora, rud ar bith a fhógródh an cine daonna fós beo - ach ba shúil gan fáil dó é. (Béarla)
Bhí mé ag iarraidh an éifeacht a bhí ag an tírdhreach seo orm a insint do chara liom, agus ní raibh na focla cearta ag teacht. Bhí sé, bhí sé just... "Sceirdiúil?" ar seisean. Bhí, bhí sin ceart go leor, ach mhothaigh mé rud eile ag baint leis. Tá sléibhte Chill Mhantáin sceirdiúil, nó bóthar an Chaoráin Bhig ar an gCeathrún Rua. Bhí Árainn éagsúil leo sin ar bhealach. Bhí sí lom uaigneach. Deoranta. Níor thóg mé pictiúir. (Béarla)

Tá an taobh ó thuaidh den oileán cuid mhaith níos cónaithí. Chonaic mé beithígh agus laonna, coiníní, lus an óir, driseachaí ar an gclaí, tithe anseo is ansiúd... Bhraith mé gur ceantar tuaithe é seachas fásach carraige, agus níor fhág na claíochaí céanna uaigneas orm. (Béarla)

Agus ar ndóigh, tá na dúnta ann - chuir mé an-spéis iontu sin. Bhí Dún Aonghasa plódaithe go leor le mo chomhthurasóirí nuair a bhí mé ann (seo pictiúr den aon chuid de nach raibh), ach thóg mé seilbh aonair ar Dhún Dúchathair agus ar Dhún Eochla, agus thaitin sé sin liom. (Béarla)
Agus na haillte! Cuid súl liom i gcónaí aillte agus farraigí - is gann iad sin mar ar tógadh mise. Theastaigh uaim na poill shéideáin a fheiceáil chomh maith, ach bhí sé ag dul ó sholas agus bhí orm m'aghaidh a thabhairt ar an mbaile arís. (Béarla)

Thug mé cuairt ar Theampall Chiaráin agus na Seacht dTeampall chomh maith. Seo leac uaighe a chonaic mé i reilig na Seacht dTeampall - féach mar a meascadh an dá chló air! Chonaic mé leac eile sa reilig chéanna a raibh a mhalairt d'athrú le brath: scríbhinn Béarla sa gcló Rómhánach gearrtha uirthi ar dtús agus scríbhinn Gaeilge sa gcló Gaelach ina dhiaidh sin nuair a cuireadh daoine eile ansin. Níor tháinig an pictiúr sin amach chomh maith céanna ach seo é más mian le héinne é a fheiceáil. (Leaganacha níos mó díobh anseo agus anseo chomh maith.) (Béarla)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6968
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 21, 2008 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scéal Aibigéail, ar lean (ró mhór do thcht amháin)

Tar éis dom Árainn a fhágáil tráthnóna Dé Sathairn, d'fhan mé oíche i mB&B ar an Spidéal. Seanlanúin a bhí sa teach mar a dúirt mé cheana, agus Gaeilge bhreá ag an mbeirt acu. Bhí iontas ar Bhairbre gur as Meiriceá mé ("ghlac mé leis go mb'as Árainn thú féin" a dúirt sí!*) agus thosaigh sí do mo cheistiú faoi na múinteoirí a bhí agam. Bhí aithne aici ar bheirt acu, chomh maith le cailín as an Spidéal a bhí ina hiarchéimí i Notre Dame le mo linn - is cosúil go mbíonn máthair an chailín seo ag obair sa Spar. Stop muid ansin maidin Dé Domhnaigh mar sin (bhí fear an tí ag tabhairt síob dom chomh fada le teach pobail Baisteach atá sna Forbacha) ach ní raibh sí taobh istigh. Anois ó tá's agam é, caithfidh mé stopadh ansin ar an gcéad turas eile agus í a fheiceáil - nó b'fhéidir go mbeidh an iníon féin tagtha anall arís faoi sin. (Béarla)
Maidir le teach an phobail, bhí an tseirbhís i mBéarla, ní nárbh ionadh liom, ach bhí roinnt cainteoirí Gaeilge - agus cainteoir amháin Gàidhlig! - i láthair, agus chuaigh scata beag againn chun cainte roimh an seirbhís. Bhí lón agam le cairde in Indreabhán ina dhiaidh sin agus d'fhill mé ar Bhaile Átha Cliath (agus ar lóistín Béarla) an oíche sin. Bhí mé ag súil le Braoin a fheiceáil ar an mbealach soir ach ní sin a bhí i ndán dúinn - agus bhí mise agus PFolan ag iarraidh teacht le chéile chomh maith dá n-oirfeadh ár sceidil dá chéile. Is é an trua nár oir sa deireadh. Rud eile don chéad turas eile! (Béarla)

A Thaidhg agus a PhJ (agus chuile dhuine eile a thug leideanna dom cá bhfaighinn an ceol) - ní raibh deis agam glacadh le bhur ndea-chomhairle. (An chéad turas eile, le cúnamh Dé...) Insint an fhírinne, ní raibh mé i dteach tábhairne ar chor ar bith agus mé san iarthar. Bhí an aimsir go maith agam agus iomaí rud eile le feiceáil sa lá, agus muintir an tí mar chuideachta istoíche. (Béarla)
D'fhág sé sin nár chuala mé oiread is amhrán ar an sean-nós - ach amháin go raibh "Beidh Aonach Amárach" á chrochadh suas agamsa agus ag fear den bheirt úd ar an mbád go hÁrainn! - ach bíodh sin mar atá, bhí cuid mhaith acu ag rith trí mo cheann agus mé ag siúl liom féin. Ní fhéadfainn gan cuimhneamh orthu, ar na mná óga a pósadh ar sheandaoine "mar gheall ar chúpla bó", ar na fir a phósfadh a ngrá geal "gan bó, gan punt, gan áireamh spré", ar na bádóirí móra a rachadh go Gaillimh "nó go gceannaí mé gáirdín úll" (a leithéid de mhaoin shaolta a bheadh ann i gceantar mar seo!), ar na stócaigh nach n-iarrfadh de spré lena ngrá ach "cead éalú ar choiníní" ar bhaile eicínt, agus ar na cailíní nach nglacfadh leo ar eagla "nuair a fhághann siad an chóir, 'sé is dóichí nach bhfanann siad", agus mar sin de, agus mar sin de. Seod í a dtír-se agus bhí iarsmaí a slí beatha le brath ar gach taobh dar liom. Sílim go mbeidh tuiscint beagáinín níos fearr agam feasta ar chuid de na hamhráin chéanna.
(Béarla)

Ó thaobh Gaeilge de, fuair mé a raibh mé ag súil leis, a bheag nó a mhór. Tá an Ghaeilge beo; tá sí níos beo de réir mar a théitear siar; tá sí faoi anáil an Bhéarla; tá an tuiseal ginideach fós beo, cé nach n-úsáidtear i gcónaí é ná baol air; tá an córas uimhreacha ag titim trí chéile; tá an blas is deise 's is teolaí ar domhan ag muintir an iarthair; is iomaí blas éagsúla atá le cloisteáil taobh istigh de Chonamara féin; tá formhór mhór na ndaoine breá sásta Gaeilge a labhairt leat, ach a nochtadh go bhfuil sí agat. Ní hiontas** a bhain mé as an turas seo ó thaobh na teanga de, ach misneach agus sásamh croí. (Béarla)


* Dá leanfadh sí ag caint liom trí nóiméad eile seachas "cé as thú" a chur orm i dtús báire, níor bhaol di a leithéid a cheapadh, ar ndóigh! Agus idir "mol an óige" agus eachtrannaigh le Gaeilge a bheith fós ina dancing bears (ar chuala tú riamh an seanfhocal? Ní hionadh go bhfuil damhsa maith ag an mbéar, ach go bhfuil damhsa ar bith aige) - idir an dá chúis sin, fuair mé cúpla focal molta eile nach raibh tuillte agam ná baol air. Oh well. Ní gá dom iad a chreidiúint - cuirim i dtaisce iad agus bím ag meabhrú orthu nuair a thagann drochmhisneach orm. (Béarla)

** Well, iontas beag amháin b'fhéidir... bhí mise agus Peig ag plé cúrsaí polaitíochta na hÉireann agus Mheiriceá agus muid inár suí sa gcistin, agus chuir sí ceist orm ar mheas mé go raibh "seans go mbeidh an fear dubh mar Thaoiseach agaibh feasta?" Tá súil agam nach mbeidh! (Béarla)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 479
Registered: 01-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 09:12 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhabh !!!!!!!!! GRMA

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 731
Registered: 06-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 11:24 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA, a Aonghuis.

Tá an ceart agat faoi na clocha. Níl na clocha s'againne sa mbaile chomh mór millteach seo ná baol air, ach is fíor go dtiocfadh cinn nua anuas chuile earrach. Bhí gáirdín mór ag Mom nuair a bhí mé óg, agus sular treabhtaí é san earrach bhainimis na clocha de nó dhéanfaidís díobháil don rototiller. Thugadh sí pingin in aghaidh cúig chloch dúinn, gach ceann a bhí níos mó ná liathróid tennis, agus dhéanaimis lá de. Carn a thógaimis leo seachas claí áfach.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3678
Registered: 02-2005


Posted on Monday, April 21, 2008 - 12:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

lucht an oileáin a bheith ag déanamh creafóige

As feamainn, tuar agus gaineamh a chruthaigh siad ithir nua, de réir mar a thuigim é. Aon rud eile? Feirimeoirí orgánacha a bhí iontu, ar ndóigh. :-)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 480
Registered: 01-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 12:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is mór idir stíl curaíocht gach cine atá ar dhroim an domhain agus is suimiúil an difear é. Nuair a bhí mé i mo ghasúr bhínn ag tabhairt cúnamh do mo dheaideo ag cur fhataí agus ag baint fhéir agus gach rud (ach ní bhíodh deiléail ar bith a’inn le beithigh). Obair Chonamara, mar déarfá, bhíodh inti dá leithide gasúir óig ach ní bhactaí le clocha ná leacracha mór millteacha, ceart go leor – ní raibh a leithide ann ariamh ach coillte agus páirceanna móra fairsinge. Ag strachailt leis an nganntan agus ag baint saol as clocha, an rud a spreaganns an féin-smaointeachas...

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 735
Registered: 06-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 12:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Pheadair, feicim nár tháinig na hyperlinks slán thuas - tá na pictiúir uilig anseo más mian leat iad a fheiceáil:
http://www.nd.edu/~amitche3/images/Conamara_08/

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 481
Registered: 01-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 12:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

De réir mar a thuigim, bhídís ag tabhairt créafóig isteach leothab as an Mórthír chomh maith.

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 482
Registered: 01-2006


Posted on Monday, April 21, 2008 - 12:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA, tá an ceann “dún_aonghasa.jpg” ag breathnú ar nós taobh thiar de Inis Mheáin mar is cuimhneach liom é. “Tírdhreacha na gealaí” a chuireann sé i gcuimhne dhom…

(Message edited by peter on April 21, 2008)

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6970
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 21, 2008 - 04:09 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuar?

Bhí aoileach i gceist leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6974
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 21, 2008 - 04:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ha. Ní raibh an chiall sin agam ar tuar (ceann de ceithre cheannfhocal san GFGB).

Ag foghlaim Gaeilge....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3681
Registered: 02-2005


Posted on Monday, April 21, 2008 - 04:51 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GFGB?

Tá 5 cheannfhocal in FGB, agus an tseoid seo:

Tuar cait is féasóg air! It's all damned nonesense!

An leagan de seo a chuala mé fadó ná "Cac madra faoin drisiúr agus caonach liath air!"

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6975
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 21, 2008 - 05:11 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

G = gearr.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sean_o_conraoi
Member
Username: Sean_o_conraoi

Post Number: 11
Registered: 03-2008
Posted on Monday, April 21, 2008 - 08:38 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

M,anam a Deinis ,gur fada o d-usaid bean an ti an scuab!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3682
Registered: 02-2005


Posted on Monday, April 21, 2008 - 09:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Bhí gáirdín mór ag Mom nuair a bhí mé óg, agus sular treabhtaí é san earrach bhainimis na clocha de nó dhéanfaidís díobháil don rototiller.

Tá mearchuimhne agam ar scéal faoi fheirmeoir Rómhánach a bhain na clocha ar fad as a pháirc. Bhí an barr níos measa ina dhiaidh sin agus chuir sé ar ais iad! Varo nó scríbhneoir clasaiceach eile a d'inis an scéal sin, ach theip orm é a fháil le Google anois díreach. Bainfidh triail as straitéis eile.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 484
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 11:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

BTW An bhfuil a fhios agaibh cén chiall atá le “obair Chonamara”? Ní gheofá i bhfocfóir é.

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'




©Daltaí na Gaeilge