Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3613 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 11:38 am: |
|
Chuir mé an cheist seo cúpla lá ó shin, ach freagra ní bhfuair mé: quote:Dála an scéil, cé acu ceann is fearr: sú oráiste nó sú oráistí? So, chuir mé an cheist chéanna ar na daoine ar fhóram eile, ceann atá ann do dhaoine a bhaineann úsáid as an teanga ar bhun proifisiúnta. Seo an freagra a fuair mé ó Ailín Ó Súilleabháin: quote:"Sú oráiste" a déarfainnse. Tá "oráiste" ag feidhmiú mar a bheadh aidiacht choiteann ann agus "sú" aige á cháiliú. Bíonn ann ceart ag Ailín beagnach i gcónaí. Má tá sé sásta le "sú oráiste", táimse sásta leis, leis. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 1254 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 12:03 pm: |
|
You have "sú craobh", not "sú craobhacha", so I guess "sú oráiste" makes more sense. Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 1255 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 12:05 pm: |
|
quote:Ailín Ó Súilleabháin Ana-shuimiúil. Looks a male name from the grammar, but I swear it sounds like Eibhlín Ní Shúilleabháin!!! Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3616 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 12:13 pm: |
|
quote:You have "sú craobh", not "sú craobhacha" An ginideach iolra is ea "craobh" sa chás seo, áfach, "of the branches". Cf. "sú talún". "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 408 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 12:25 pm: |
|
Sú oráiste atá acu im thig tabhairne aitiúila i gCorca Dhuibhne |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3617 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 01:27 pm: |
|
Tá "sú oráiste" i ngnáthúsáid ar fud na háite, ach is é "sú oráistí" an leagan a thugtar dúinn in FGB. Shíl mé riamh go raibh an leagan sin ciotach. Sea, tagann an sú i do ghloine ó níos mó ná oráiste amháin, ach ní gá é sin a rá. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Seaghán (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 02:03 pm: |
|
A Dhonnchadh, cé hé Ailín Ó Súilleabháin? An cainnteoir dúthchais é? An Gaedhaelgeoir cáileamhail é? |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 02:09 pm: |
|
Glacaim leis gur "sú oráiste" is mó a deirtear ach sílim gur sampla eisceachtúil é sin toisc go n-úsáidtear "oráiste" mar aidiacht, agus gur ag Ó Dónaill atá an ceart ó thaobh na gramadaí de. "Orange-coloured juice" is ciall le "sú oráiste" ó cheart. "Sú úll" agus "pióg úll" adeirimse ar aon nós, seachas "sú úill", "pióg úill". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6929 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 02:38 pm: |
|
Tá Ailín ag obair i Rannóg an Aistriúcháin, ach ní cainteoir ó dhúchais é ina thuairim féin. Agus is fear é! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3618 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 11, 2008 - 06:41 pm: |
|
quote:"Sú úll" agus "pióg úll" adeirimse ar aon nós, seachas "sú úill", "pióg úill". Táid ann, gan dabht dá laghad, agus tá "pióg úll" againn in FGB. Ach feicim gurb é "sú úill" atá ag ár gcara Michal Boleslav Měchura ins an bhfoclóir Pota Focal atá ar líne ag: http://potafocal.com/Search.aspx Ach, tá "pióg úll" aige sa bhfoclóir céanna. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, April 12, 2008 - 06:27 am: |
|
Rud eile de: "sú trátaí"/"anraith trátaí" a déarfainn, agus baineann "tráta" agus "oráiste" leis an díochlaonadh céanna. Dá gcloisfinn "sú tráta"/"anraith tráta", is é an chiall a bhainfinn as nár úsáideadh ach tráta amháin lena dhéanamh. Is léir gur aidiacht é "oráiste" sa leagan "sú oráiste". |
|