Braitheann sé go deimhin. An bhfuil ponc (.) i ndiaidh "able" nó an bhfuil abairt eile ar a lorg? Más deireadh na habairte é an focal "able", céard a chiallaíonn sé? Able bodied? Not disabled?
Pé scéal é, seo réiteach eile:
Má tá na páistí in ann ag X. = If the children are up to X, able to do X, equal to X, a match for X.
I gcúrsaí eastáit réadaigh cloistear an nath seo go minic: Location, location, location! .i. na trí ní is tábhachtaí nuair a cheannaítear teach. An leathbhreac de seo i gcúrsaí aistriúcháin ná "Comhthéacs, comhthéacs, comhthéacs!"