mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (March- April) » Archive through April 05, 2008 » Cén chaoi a mbíonn sibh á foghlaim? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 452
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, March 27, 2008 - 11:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is beag an chall a rá nach bhfuil mórán áiseanna teagaisc ar fáil do na foghlaimeoirí atá goite chun tosaigh leis an teanga. Mar sin, sin í an cheist ar an dream den tsórt seo ná "cén chaoi a mbíonn sibh ag foghlaim Geailge?" - Céard tá sibh a dhéanamh go hiondúil? – Í a labhairt (cé leis?), éisteacht le í a labhairt (cláracha TV agus radio, cé hiad féin? cé acu is fearr libh? “talking books”?), léamh i nGaeilge (céard iad bhur gcuid moltaí? an mbaineann sibh úsáid as foinsí focla eicínt go leanúnach - a leithide de FFG le de Bhaldraithe? etc.), cé chomh dian, agus gach rud.

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 259
Registered: 04-2007
Posted on Thursday, March 27, 2008 - 01:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

D'fhoghlaim mé féin an Ghaeilge ar scoil agus ar thurais chun na Gaeltachta le linn an tsamhraidh. Rinne mé staidéar ar an teanga ar ollscoil ina dhiaidh sin.

In Éirinn ní bhíonn sé chomh deacair sin theacht ar chainteoirí eile agus ar ndóigh tá pobail Ghaeilge ar fud na tíre.

Taobh amuigh de sin, mholfainn d'fhoghlaimeoir ar bith bheith ag amharc ar Nuacht TG4 agus bheith ag éisteacht le cláracha ar RnaG srl. Ar ndóigh tá ábhar suimiúil scríofa ann chomh maith, ó Lá Nua go Foinse, ó bhlaganna go nós*.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Trigger
Member
Username: Trigger

Post Number: 57
Registered: 10-2007


Posted on Thursday, March 27, 2008 - 04:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Labhraím Gaeilge le mo leabhair agus bím ag caint i nGaeilge achan lá le mo chairde ar MSN, agus fóraim (Daltaí, IGT) beidh mé i nGleann Cholm Cille, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Oileán Thóraí i gcaitheamh an tsamhraidh! Ní labhróidh mé Béarla go deo siocair beidh mé ag caint i nGaeilge achan lá gan focal Béarla.

Éistim agus amharcaim le RnaG ó am go ham, agus chuir mé cúpla leabhair i nGaeilge in áirithe.

Tír gan teanga, tír gan anam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Trigger
Member
Username: Trigger

Post Number: 58
Registered: 10-2007


Posted on Thursday, March 27, 2008 - 05:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Meancóg a bhí ann, dúirt mé ''Labhraím Gaeilge le mo leabhair'' amadán atá orm!

Tír gan teanga, tír gan anam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6866
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, March 27, 2008 - 05:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Abair leis éirí díot! (Ní amadán atá ionat)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Trigger
Member
Username: Trigger

Post Number: 59
Registered: 10-2007


Posted on Thursday, March 27, 2008 - 05:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat a Aonghuis!

Tír gan teanga, tír gan anam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2314
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, March 27, 2008 - 08:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Labhramsa Gaeilg le cairde ar MSN, scríobham i nGaeilg ar fhóraim agus scríobham cín lae ó am go ham. Nuair a bíos faill agam théam chuig rang Ghaeilge san ollscoil ach le fírinne, cha labhrann muid mórán ann (cupla focal achan uair, is é an múinteoir a labhras a’ chuid is mó don am agus cha bhfoghlaimeamsa mórán uaidh).

Léam cupla leabhar fosta, leabharthaí fán teangaidh féin atá iontu don chuid is mó (tá cuid acu i nGaeilg agus cuid eile i nGaeilg nó i bhFraincis).

Oibream ar chupla tionscadal leabharthach fán Ghaeilg. Ó am go chéile amharcam ar TG4 ar líne (go háiríd ar an chlár ’Comhrá’, fá choinne canúintí éagsúla a chluinstean).

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/



©Daltaí na Gaeilge