Peter
Member Username: Peter
Post Number: 451 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, March 27, 2008 - 11:14 am: |
|
Go ngóthaí Dia dhuit, a Aonghuis! Sea, mar a dúirt tú, bhí mé seal gearr ag dream Mhuintearais breis is bliain ó shuin agus ní stopfaidh mé de iad a mholadh, cé chomh deas cáirdiúil is a bhí siad go léir, bail ó Dhia is ó Mhuire orthu. Dála an scéil, ghlac mé mion-pháirt i gceann de thograí iomráiteacha Mhuintearais – rinne mé leabhairín de chuid Scéim Fhoghraíocht dá gcuid a proof-léamh =)). Tá súil go mór agam nach raibh mo shaothar in aisce agam agus gur baineadh leas as. Is annamh a thugainn cuairt ar a suíomh Idirlín. Agus tú é a chur ar mo shúile dhom an athuair, tháinig gliondar orm mar gheall ar an deá-chuma nua atá ar an suíomh agus an pictiúr deas den nua fhoirgint mhór fhairsing seo acusan i dTír an Fhia. Ní rabhadh ar tí tosaí a thóigeáil fiú’s ag an am a raibh mé ann. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|