Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 340 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 01:54 am: |
|
Bhí mise is m'iníon i siopa leabhar inniu, ag lorg cóip d'aistriúchán nua den Aeneid. Chuir mé ceist ar an bhfear óg sa siopa (ní Barnes and Noble é an siopa seo) - 'Cá bhfuil an Aeneid?' agus dúirt sé go raibh sé sa roinnt 'Poetry' faoi 'Virgil'. Fear cliste é. Chuir sin i gcuimhne dom an lá cúpla bliain ó shin, nuair a chuaigh mise is m'iníon go siopa leabhar Barnes and Noble ag lorg cóip den Iliad. Chuir mé ceist ar an bhfear óg ag an gcuntar: 'Cá bhfuil an Iliad?' Dúirt seisean liom: 'Cé a scríobh é?' Mise: 'Homer' Seisean: 'What's his last name?' Gabh mo leithscéal má chuala tú an scéal seo cheana. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 872 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 06:49 am: |
|
Tuige nár fhreagair tú "Simpson", a Liz? ;-) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3544 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 11:12 am: |
|
Ná déanaigí neamart sa Táin agus na heipicí a gceannach agaibh. Tá aistriúchán nua le Ciaran Carson ar fáil, agus tá sé go hiontach. Ach ... cé a scríobh é? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
|