mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (March- April) » Archive through March 26, 2008 » Fairytale in Kathmundu « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 10:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dócha gur fíor, ar an drochuair, na líomhaintí a cuireadh i leith Chathail.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3520
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 11:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is trua é, ach is file é, ní Naomh.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, March 16, 2008 - 09:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuir mé clár Béarla ar an raidió ar siúl i rith na seachtaine nuair a bhí an t-ábhar seo faoi chaibidil ach níor thuig mé é sin go ceann tamaill mar bhí amadán éigin ag trácht (mar a shíleas) ar NASA: 'NASA issued a statement saying ... NASA alleges ... according to NASA ... etc.' Ach de réir mar a bhí sé ag caint, bhí sé ag dul díom a thuiscint cén bhaint a bhí ag Neipeál agus ag fir óga le roicéid, spás-árthaigh, agus a leithéidí. Is nuair a labhair duine eile sa stiúideo a thuig mé nach NASA a bhí i gceist ag an amadán in aon chor ach bean darb ainm 'Neasa' a rinne an scannán faoin bhfile.

Éireannach ar bith nach bhfuil sásta 'n caol' a fhuaimniú mar is ceart, sílim gur chóir é a chur i gcoinne an bhalla agus rois piléar a scaoileadh leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 449
Registered: 01-2006


Posted on Monday, March 17, 2008 - 07:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Éireannach ar bith nach bhfuil sásta 'n caol' a fhuaimniú mar is ceart, sílim gur chóir é a chur i gcoinne an bhalla agus rois piléar a scaoileadh leis



Th’anam don deabhac!


An iarrfaidh mé cé mhéad duine is gach ceáird den domhan a cuireadh chun báis mar gheall ar an droch-fhuaimniú ó tháinig an cine daonna ar an saol?!...

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3534
Registered: 02-2005


Posted on Monday, March 17, 2008 - 12:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá níos measa, i bhfad níos measa, ná gan "Neasa" a idirdhealú ó "NASA". Céard faoi "Niall" a rá mar NYE-ull, mar shampla?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."




©Daltaí na Gaeilge