Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3493 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, March 02, 2008 - 11:29 am: |
|
An bhfuil scéal grinn faoi Lá Fhéile Pádraig ag éinne? Is fada ó chuala mé scéal grinn ar ábhar ar bith ó éinne. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3494 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, March 02, 2008 - 01:12 pm: |
|
Bhí triúr Sasanach i dteach tábhairne agus a thug siad faoi deara go raibh Éireannach ann freisin. Chuaigh duine de na Sasanaigh a fhad leis an Éireannach agus dúirt leis, "Chuala mé go raibh Naomh Pádraig ina phótaire." "O, an fíor sin? Ní raibh a fhios agam." Chuaigh an Sasanach ar ais go dtí a chuid cairde agus mearbhall air. "Dúirt mé leis go raibh Naomh Pádraig ina phótaire agus ba chuma leis." "Níl a fhios agat conas fearg a chur air," a dúirt an dara Sasanach. "Féachaigí!" Ansin chuaigh an Sasanach seo a fhad leis an Éireannach agus dúirt leis, "Hóigh, chuala mé go raibh Naomh Pádraig s'agaibhse ina bhómán, ina bhaothrachán, agus ina chac-ar-oineach." "O, an fíor sin? Ní raibh a fhios agam." Bhain an freagra sin cliseadh as an Sasanach. Chuaigh sé ar ais agus dúirt, "Is fíor duit. Tá sé dochorraithe!" "Fanaigí fós, leaids, beidh mé in ann é a bhaint," a dúirt an tríú Sasanach leis an mbeirt eile. Trasna an tseomra leis go dtí an tÉireannach agus dúirt, "Chuala mé go mba Shasanach é Naomh Pádraig!" "Sea, sin é an méid a bhí do chuid cairde a rá liom." "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 394 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, March 04, 2008 - 09:22 am: |
|
Go maith! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3497 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, March 04, 2008 - 09:57 am: |
|
An bhfuil ceann agatsa dúinn anois? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 337 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, March 06, 2008 - 02:55 am: |
|
Tá an ceann sin go hiontach agus go han-deas, a Dennis. Tharla go bhfuil córas ríomhaireachta nua againn (ó mhí Iúil) ag an oifig agus d'fhág dochtúir amháin a phost toisc nach clóscríobhaí maith é (an gcreidfeá é??) Agus tugadh an bóthar dár saoiste chomh maith (dochtúir is ea é chomh maith). Mar sin, tá mise ag obair beagnach gach lá anois. Rud sealadach é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3503 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 06, 2008 - 10:31 am: |
|
quote:d'fhág dochtúir amháin a phost toisc nach clóscríobhaí maith é Cén EMR atá in úsáid agaibh ansin? Deirtear liom gurb é Epic an ceann is fearr. Tuigim ón méid a scríobh tú nach bhfuil deachtú ar fáil níos mó san otharlann a bhfuil tú ag obair inti. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 338 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, March 06, 2008 - 09:50 pm: |
|
Tá seanortaipéidí againn a thagann ó ham go ham, agus is oibrí deontach é. Is féidir leisean deachtú a dhéanamh. Ach níl an féidireacht ann do na daoine eile. Tá GE Centricity againn --- tá sé an-chasta agus níl sé loighciúil. Ba mhaith liom snáithidí a shá isteach i gcoirp na n-innealtóirí bogearra ag GE, nó iad a chrochadh ó chrann mar shamplaí, nó rud eile mar sin. Is dócha go bhfuil siad i bhfolach anois. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3506 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 07, 2008 - 12:30 am: |
|
Is méanar duit nach bhfuil NextGen agaibh! Deirtear liom go bhfuil sé níos measa fós ná an córas atá agaibh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 249 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, March 07, 2008 - 12:23 pm: |
|
An deóc é seo? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3509 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 07, 2008 - 12:30 pm: |
|
Níl, faraor. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3511 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, March 07, 2008 - 08:01 pm: |
|
Ós tusa gur chuir an cheist, Rg, nach bhfuil scéal grinn agat dúinn? B'fhearr i bhfad é sin ná bheith ag caint ar Electronic Medical Records !!! Cuir ag gáire muid. Nó an bhfuil cosc ar a leithéid le linn an Charghais? Níl a fhios agam. Is págánach de shaghas éigin mé. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 443 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, March 11, 2008 - 10:01 am: |
|
Итак выступает на собрании местных пейзан председатель колхоза " Млын коммунизма" Забубенного района: "У прошлому годе, товарищи, мы засиялы 300 га пшеницы. И усю ее тля сожрала. Так давайте у цьому роци возьмемо пидвыщени обязательства и засиемо 500 га пшеницы. Нехай она, падла, подавится!" Áit eicínt san Úcráin, tugann an cathaoirleach óráid ag cruinniú in kolkhoz darb ainm “Muileann an Chumannachais”: “An bhliain seo caite, a chomrádaithe, chuir muid cuithneacht ar limistéar de 300 hectares. Ach bhí na barrannaí bánaithe as éadan ag na míolta plandaí. Seod é mo mholadh go gcuirfidh muid cruithneacht ar limistéar de 500 hectares i mbliana le go mbeidh na míolta plandaí séidte suas agus go bhfaighidh siad bás dhá bharr sin!” Tá an jeóc seo breis is tríocha bliain d’aois… 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3517 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, March 11, 2008 - 11:55 am: |
|
Nach bhfuil ceann comhaimseartha agat dúinn? Céard atá greannmhar na laethanta seo sa Rúis? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 446 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 09:54 am: |
|
Tá sé deacair aistriú a dhéanamh gan foclóirí maithe in aice láimhe (cuir i gcás, ba cheart “300 hectár a chur faoi chruithneacht” a rá, níos nádúrthaí, is cosúil, 7rl.). Ok, ceann eile: Bhí beirt Chukchi, seanfhear agus leaid óg, ag siúl treasna an tundra. Thugadar sionnach Artach faoi deara. Scaoil an seanChunkchi leis an tsionnach – BÚM! Mhínigh sé don leaid óg: - Seo é an sionnach Artach - feoil agus fionnadh! Choinnigh siad orthu. Chonaiceadar éan – BÚM! – chaith an seanChukchi aríst: - Seo é an t-éan - bealadh agus clúmh! Ar aghaidh leo. Chonaic siad fear eicínt ag siúl thart. BÚM! - Seo é an geolaí - salann agus cipíní! Ní luar liom an sioc ná teanga eicínt a chur ar scéalta grinn do mo mhuinitir… Is iomaí uair a thiteanns sé amach gur fada ó údar grinn iad na scéalta agus cuma nua orthu. Is dóigh go bhfuil i bhfad níos mó tábhachta sna focla seo ‘ainne ná an episode é féin. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 447 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 09:57 am: |
|
Ach nach álainn é “Muileann an Chumannachais” mar ainm ar kolkhoz? :) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|