Author |
Message |
Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 01:01 pm: |
|
http://tinyurl.com/22tl4d ...as an Southtown Star: The ninth annual Chicago Irish Film Festival will show off the Green Island's splendor as well as some of its dark corners… …"Oilean Thorai: Tory Island" and "The McDonagh Pictures," two documentaries, will screen together at 2 p.m. Saturday. The first is the portrait of a remote island where 150 people live off the coast of Ireland… …"Poitin," which was the first film ever released in the Irish language when it came out in 1977, will be screened 2 p.m. Sunday. Directed by Bob Quinn, "Poitin" focuses on a whisky bootlegger exacting revenge on two agents who have cheated him. "When it was first released, it was booed," Blackburn said, explaining that people in the 1970s felt the movie presented a negative view of Ireland. Since then, "Poitin" has come to be seen as a classic. The film's back now, with remastered image and sound as well as a new musical score. "Poitin" will be shown with "Cinegael Paradiso," a documentary by the director's son, Robert Quinn... |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2272 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 01:29 pm: |
|
Gaelscannáin? Why not Chicagoghaelscannáinfhéile now? :-) Irish is not German ;-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 02:36 pm: |
|
Ar chuala tú faoi "Ghaelscoileanna", "Ghael-Mheiriceánaigh", nó an "Gael-Chomhlacht Náisiúnta um Urrús Teoranta"? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2273 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 03:19 pm: |
|
An gciallann sé go dtig leat an rud céarna a dhéanamh le focal ar bith? Cuir ceist ar chainteoir Ghaeltachta cad é mar a deirfeadh sé "Irish movie" agus tchífidh tú cad é a fhreagróchas sé. Chan abróchadh duine ar bith "Gaelscannán". Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2274 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 03:37 pm: |
|
Do you know the song "an cailín Gaelach" ? Are you surprised it isn’t "an Gaelchailín" ? :-) Ar chualaidh tú ’n t-amhrán "an cailín Gaelach" ? An gcuireann sin iontas ort nach "an Gaelchailín" a bheirtear air? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 681 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 05:01 pm: |
|
Tig leat más toil leat! Mholfainn duit giota beag den tseanfhilíocht a léamh in éineacht leis na seanamhráin úd. Ní cóir cloí go hiomlán le gnáthchaint gnáthchainteora dúchais. Ní úsáidfeadh aon ghnáthchainteoir gnáthoilte lena bheo ach cuid an-bheag shuarach de shaibhreas na teanga, cibé cén teanga í. Teanga bheo atá fós sa nGaeilge; ná cuirimis ar an ngannchuid í dár ndeoin féin. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 243 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, February 28, 2008 - 06:59 pm: |
|
Lughaidh, ní bheinn chomh gasta sin ag an cháineadh dá mbeinn i do bhrógaí. In placenames, there are many examples of the adjective coming before the noun - Glasloch, Dubhlinn, Camloch - and Gaelscoil is widely used. Is dóiche go mbeadh 'Scannáin Ghaeilge' níos fearr sa sampla seo ach níl mórán cearr le 'Gaelscannán' ach an oiread. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2275 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, February 29, 2008 - 01:54 am: |
|
It's not productive anymore in the living language (I mean, the Gaeltacht one, not what non-native speakers invent). But I know it's hard for you English speakers to think and to express things in the Irish order, ie. qualified nouns before the qualifying elements. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 682 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, February 29, 2008 - 07:44 am: |
|
I gcead duit, níl aon chiall leis an ráiteas seo thuas. D'fhéadfá seandaíocht a chur i mo leith dá mba thoil leat, nó fadfhoclaíocht, ach níl baint dá laghad ag an mBéarla leis an scéal. Admhaím go mbíonn rian an Bhéarla ar mo chuid Gaeilge scaití ach ní hé seo é. Dá mb'fhíor dhuit luifeadh sé le réasún go mbeadh an claonadh céanna le brath orm i dtaobh focla eile .i. go bhfeicfí mé ag scríobh leithéidí "maithbhean" agus "beagchailín" chomh maith, rud nach bhfeictear is nach bhfeicfear feasta (fágaimis véarsaíocht shiollach as an áireamh.) Tá "Gael" mar réimhír sa litríocht agus sna foclóirí ó chianta. Más beagán seanda é, théis sin tá sé lándlisteanach fós. Ní haon choir don teanga leanúint leis. Is é an choir go bhfuil lucht adhartha "caint na ndaoine" chomh réidh seo len í á robáil den saibhreas is dúchas di. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3489 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 29, 2008 - 10:10 am: |
|
Nár scríobh Máirtín Ó Cadhain rud éigin mar sin, ag moladh úsáid an chomhfhocail a thabhairt ar ais, in Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 244 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, February 29, 2008 - 10:47 am: |
|
Bíodh ciall agat a Lughaidh! Ceart agat a Dennis. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 388 Registered: 08-2006
| Posted on Saturday, March 01, 2008 - 05:47 pm: |
|
Is inirmiceach é Lughaidh. Bí tuisceanach faoi |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 246 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, March 02, 2008 - 06:29 pm: |
|
Maith go leor! |
|